Jump to content

ExtraG.ie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinExtraG.ie
URLhttps://extrag.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálnuachtán ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur i seirbhís2022 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is suíomh nuachta Gaeilge é ExtraG.ie, a chuireann seirbhís nuachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Bhí an tseirbhís seolta ag DMG Media, cuideachta phríobháideach, ar leo Extra.ie, ar 5 Nollaig 2022.[1][2] Foilsítear ExtraG Gach Seachtain mar fhorlíonadh leis an Irish Daily Mail gach Aoine.[3]

Tá ailt nuachta, siamsaíochta, agus spóirt á bhfoilsiú ar an ardán. Is "aistriúcháin ar na hailt Bhéarla atá ar fáil ar Extra.ie, atá i bhformhór mhór na n-alt Gaeilge" ar ExtraG.ie.[fíoras?]

Bíonn na scéalta i "nGaeilge shimplí" (míchruinn go minic) agus cúpla focal Béarla idir lúibíní do dhaoine nach dtuigeann gach focal, agus dírithe ar “ dhaoine óga nach cainteoirí líofa iad”.[4]

Is iad Garett Murphy, príomheagarthóir Extra.ie, agus Joe Breathnach, eagarthóir le DMG agus láithreoir ar Raidió na Life, atá i mbun an tsuímh.[4]

Ar 5 Nollaig 2022, "Ar seoladh an tsuímh ... dúirt Joe Breathnach: Tá an-áthas orm... ag tabhairt an nuacht is déanaí, i nGaeilge shimplí, dúinn siúd a bhfuil grá againn don teanga agus a bhfuil fuath againn don ngramadach. Mar sin más fearr leat Mo Salah ná an Modh Coinníollach, bíonn ExtraG.ie beo...".[1]

Déanann ExtraG.ie cóipeáil agus greamú uaireanta, focal ar fhocal, gan tagairt le cuidiú ó sheirbhís meaisínaistriúcháin cosúil le Google Translate (mar shampla, ar 6 Feabhra 2023, Nuacht RTÉ[5] agus ExtraG.ie[6]).

I gcásanna eile, tá Gaeilge bhacach ann (comhréir, comhréiteach, litriú, béarlachas, srl).

Níor thaitin ExtraG le Rónán Ó Muirthile. Ba dhóigh leis gurb é a bhí i gceist leis an gcuid ba mheasa de ExtraG ná "athchúrsáil" scéalta. Mhaígh sé nach raibh ann ach bealach chun poiblíocht a ghnóthú, agus áit chun fógraí a chur i nGaeilge. Thuairimigh Fachtna Ó Drisceoil nach raibh sé sin féaráilte ar an bhfoilseachán agus gur féidir go raibh sé dírithe ar spriocghrúpa nach léann mórán i nGaeilge de ghnáth.[7][8]

Mheas Ó Muirthile freisin, ó tharla gur foilseachán é de chuid chomhlacht a bhfuil chomh "fite fuaite sna meáin shóisialta" agus chomh dírithe ar "dhaoine a mhealladh isteach", gur léirigh líon beag a leantóirí nach raibh an mháthairchuideachta dáiríre faoin méid atá á dhéanamh acu.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 politics.ie (5 Nollaig 2022). "Todhchaí na meain Gaeilge / Sheol DMG Media inniu an chraobh is nuaí dá phunann de bhrandaí meán digiteach, ExtraG.ie, suíomh nua nuachta, siamsaíochta agus spóirt i nGaeilge." (ga-IE). Politics.ie. Dáta rochtana: 2023-02-08.
  2. "New Irish Language Website Launched By Extra.ie" (en-GB) (2022-12-05). Dáta rochtana: 2023-02-08.
  3. Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 3. 
  4. 4.0 4.1 Maitiú Ó Coimín (7 Nollaig 2022). "Suíomh nuachta i nGaeilge ‘shimplí’ seolta ag Extra" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-12-10.
  5. Nuacht RTÉ (2023-02-06). "Iar-Aire Oideachais Niamh Bhreathnach tar éis bháis" (as Béarla). 
  6. ExtraG.ie (2023-02-08). "Ómós tugtha ag Uachtarán d'iar-aire Bhreathnach atá básaithe". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-02-08. Dáta rochtana: 2023-02-08.
  7. 7.0 7.1 Rónán Ó Muirthile (12 Feabhra 2025). "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  8. "Rónán Ó Muirthile - IADT" (en-GB). IEDL. Dáta rochtana: 2025-07-02.