Foras na Gaeilge
Jump to navigation
Jump to search
Foras na Gaeilge | |
![]() | |
Saghas comhlachta | Comhlacht reachtúil |
Bunaithe | 1999 |
Suíomh | 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath, Éire |
Tír (Tíortha) | {{{tír}}} |
Daoine lárnacha | An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta |
Méid fostaithe | - |
Tionscail | Eagraíocht Trasteorann um Chur Chun Cinn na Gaeilge |
Láithreán gréasáin | http://www.gaeilge.ie |
Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht nua seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith leis sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdhaoine faoi chúrsaí Gaeilge.
Is iad seo a leanas freagrachtaí an Fhorais:
- an Ghaeilge a chur chun cinn;
- úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Phoblacht agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
- comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;
- tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
- taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
- téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
- tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.
Naisc sa Vicipéid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |