An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | eagraíocht |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 13 Nollaig 1999 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | northsouthministerialcouncil.org |

Bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT nó North/South Ministerial Council) chun comhoibriú a fhorbairt idir an dá chuid in Éirinn sa bhliain 1998.[1] Cuireadh é ar bhun de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó Comhaontú Bhéal Feirste) i 1998 chun comhairliúchán, comhoibriú, agus gníomhaíocht a fhorbairt laistigh d'oileán na hÉireann - maidir le hábhair comhleasa agus laistigh d'inniúlacht na Riarachán, Thuaidh agus Theas. Dá bhrí sin, cuimsítear Airí Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus Rialtas na hÉireann i gCATT, ag comhoibriú le chéile chun comhair idir an dá chuid den oileán a thabhairt ar aghaidh le haghaidh an tsochair fhrithpháirtigh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhairle na Breataine-na hÉireann
- Tionól Thuaisceart Éireann
- Uiscebhealaí Éireann
- IdirThrádáilÉireann
- Foras na Gaeilge
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ DFA. "Comhaontú Aoine an Chéasta agus inniu - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2024-02-02.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |