Seán Tadhg Ó Gairbhí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Tadhg Ó Gairbhí
Beathaisnéis
BreithRáth Caola Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTuairisc.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is iriseoir, údar agus eagarthóir é Seán Tadhg Ó Gairbhí. Tá sé ina eagarthóir ar an suíomh nuachta Tuairisc.ie ó bunaíodh in 2014 é.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Ó Gairbhí i Rath Chaola i gContae Luimnigh. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) agus bhí sé gníomhach sa Chumann Drámaíochta agus sa Chumann Craice san ollscoil sin. D'oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse, agus ceapadh ina eagarthóir ar an nuachtán sin é. Measadh gurbh é an t-eagarthóir nuachtáin ab óige in Éirinn ag an am é[1].

Tuairisc.ie[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh leis an iarratas a chuir Tuairisc Bheo Teoranta, comhlacht Uí Ghairbhí[2], faoi bhráid Fhoras na Gaeilge le conradh a fháil seirbhís nuachta ar líne a chur ar fáil in 2014. Tá Ó Gairbhí ina eagarthóir ar an suíomh ó seoladh é ar an 9 Deireadh Fómhair 2014. Scríobhann sé ailt tuairimíochta agus nuachta don suíomh ó am go chéile freisin.

Súil eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Ó Gairbhí leabhar faoi stair an stáisiúin Gaeilge TG4, Súil Eile a d'fhoilsigh Cois Life in 2017. Ainmníodh an leabhar do Ghradam Uí Shúilleabháin ag Gradaim Liteartha an Oireachtais in 2018.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ó Gairbhí pósta agus tá dhá pháiste aige. Tá sé ina chónaí lena chlann i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe.

Reflist[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Agallamh le Rónán Mac Aodha Bhuí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta (2003).
  2. "Vision-Net".