Cois Life

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCois Life
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1995
Bunaitheoir(í)Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincoislife.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Éagóir - Seán Uí Chuirreáin. Cois life[1]

Comhlacht foilsitheoireachta ab ea Cois Life Teoranta (Cois Life) a bhí lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath. An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Seán Ó Cearnaigh a bhunaigh é sa bhliain 1995.[2] Fógraíodh ar an 17 Iúil 2018 go mbeadh an comhlacht "ag scor d'obair na foilsitheoireachta"[3] ag deireadh na bliana 2019.

D'foilsigh Cois Life úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhair do pháistí, leabhair d'fhoghlaimeoirí, saothair neamhfhicsin agus leabhair acadúla.[4]

Gaiscí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí breis is 140 teideal foilsithe acu.[5] I measc na leabhar a bhí curtha amach acu tá saothair le hÁine Ní Ghlinn, Alex Hijmans, Éilís Ní Dhuibhne, Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile, Seán Mac Mathúna agus Orna Ní Choileáin. Bhí réimse leathan údar eile a raibh saothair foilsithe acu leis an gcomhlacht chomh maith.[6]

Is é Cruinnscríobh na Gaeilge ceann de na teidil is mó a bhí ag Cois Life, saothar a dhíríonn ar mhúineadh na gramadaí agus ar chruinneas scríbhneoireachta na teanga.[7] Is é Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile in Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU a scríobh.[8]

Bhí leabhair dhátheangacha foilsithe ag Cois Life chomh maith.[9] Tá roinnt dá dteidil ar fáil fós i bhfoirm ríomhleabhair agus closleabhair.

Fuair Cois Life cúnamh ón gComhairle Ealaíon, agus ó Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seán Uí Chuirreáin. "Éagóir" (ga-IE). Cois Life. Dáta rochtana: 2020-07-10.
  2. [1]"Caoilfhionn Nic Pháidín". Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.
  3. "Ráiteas ó Cois Life" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-28. Dáta rochtana: 2018-07-29.
  4. [2]"Cois Life". www.clubleabhar.com.
  5. [3] Curtha i gcartlann 2017-10-26 ar an Wayback Machine"An Foilsitheoir". Cois Life. https://www.coislife.ie/faoi/ Curtha i gcartlann 2017-10-26 ar an Wayback Machine
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-26. Dáta rochtana: 2017-06-26.
  7. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-29. Dáta rochtana: 2017-06-26.
  8. https://dcu.academic.ie/live/!W_VALOCAL_DCU_PORTAL.PROFILE?WPBPRSN=1630692
  9. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-29. Dáta rochtana: 2017-06-26.