Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
![]() | |
Sonraí bunúsacha | |
---|---|
Cineál | ollscoil |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1845 |
Gníomhaíocht | |
Ball de |
Coimbra Group (en) ![]() Cumann Eorpach na nOllscoileanna |
Líon scoláirí | 18,000 |
T0066 | |
Líon fostaithe | 2,500 (2019) |
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann |
T0063 | |
Ioncam iomlán | 218 M€ (2015) |
| |
Láithreán gréasáin |
nuigalway.ie ![]() |
Cuireadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh nó Coláiste Ollscoile na Gaillimhe go minic ) ar bun ar dtús sa bhliain 1845, mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar "Coláiste na hOllscoile, Gaillimh", í, agus í le bheith mar chuid de Ollscoil na hÉireann le Baile Átha Cliath agus Corcaigh. 'Sna nóchóidí, cuireadh eagar ar an ainm arís, agus anois 'sí a teideal oifigiúil ná Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga anuas, agus tá os cionn 11,500 mic léinn lán-aimseartha anois ag freastal uirthi. Is cuid d'ollscoil chomhnasctha OÉ an ollscoil, maille le coláistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, ach is ait nár athraigh siadsan a ngnáthainm go OÉ. Is é An Dr James Browne uachtarán na hollscoile faoi láthair. Tá an ollscoil rangaithe sa bharr 1% de ollscoileanna ar fud an domhain.
Tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar cheann de phríomhchuspóirí na hollscoile. ´Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.
Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".
Tá dámhanna dlí, leighis, ealaíona, innealtóireachta, eolaíochta, agus léinn Cheiltigh ann, chomh maith le muireolaíocht.
Stair na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh'.
Saol na hOllscoile[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol faoin Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |