Seosamh Ó Cuaig
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Aill na Brón |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, iriseoir |
| Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Teangacha | An Ghaeilge |
In Aill na Brún, Cill Chiaráin, a rugadh agus a tógadh Seosamh Ó Cuaig. Tá sé pósta le Treasa Ní Loideáin as Roisín na Mainíoch, Carna, agus tá ceathrar clainne orthu. I Raidió na Gaeltachta a oibríonn sé.
Ó d'fhág sé an mheánscoil, tá sé ag seasamh a gcearta do Chonamara agus d'Árainn.
Creideann sé nach dtugann an Chomhairle Contae aird mar is cóir ar na pobail seo agus go gcaithfear iad a dhúiseacht agus a dhúiseacht go beo.
Toghadh mar ionadaí ar Údarás na Gaeltachta é i 1999.
Toghadh mar chomhairleoir ar Chomhairle Contae na Gaillimhe i 2004 é.
Aththoghadh ar Údarás na Gaeltachta i 2005 é.