Gluaiseacht Chearta Siabhialta na Gaeltachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba bhrúghrúpa é Gluaiseacht Chearta Siabhialta na GaeltachtaCoiste Chearta Siabhialta na Gaeltachta [1], a bhíodh i mbun feachtasaíochta ar son [[ Cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha|cearta sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha]] do chainteoirí dúchais na Gaeilge a bhí ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta. Bunaíodh é i gConamara sa bhliain 1969 chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus le haghaidh cearta níos mó do mhuintirr na gceantar maidir le rochtain ar sheirbhísí, chraoltóireacht agus ar deireadh thiar tionól tofa dá gcuid féin. Ainmníodh é ina dhiaidh sin mar 'Ghluaiseacht na Gaeltachta'. [2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean an eagraíocht ar aghaidh ón áit ar chríochnaigh 'Muintir na Gaeltachta' roimhe sin, ach bhain an feachtas inspioráid freisin ó ghluaiseacht chearta sibhialta comhaimseartha Thuaisceart Éireann agus gluaiseacht chearta sibhialta Mheiriceá. I measc bhunaitheoirí na heagraíochta bhí an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain agus na gníomhaithe pobail agus polaitíochta; Seósamh Ó Cuaig agus Seán Ó Cionnaith.

Is ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Domhnach, 23 Márta, i Seanscoil an Chnoic, a bunaíodh 'Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta', mar a ghlaodh air ag an am. D’eascair an cruinniú as agóid ag Teach Furbo (Connemara Coast Hotel a thugtar air anois) cúig lá roimhe sin. Eagrán den clár teilifíse Quicksilver – seó quiz i mBéarla – a bhí dhá thaifeadadh ag RTÉ san óstán. Mar agóid in éadan RTÉ ag déanamh clár i mBéarla sa Ghaeltacht, d’eagraigh baill de Chumann Forbartha Chois Fharraige agus baill de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh picéad ar an óstán agus cuireadh ceathrar isteach le cur as don teilifísiú. Socraíodh an oíche sin tíocht le chéile an Domhnach dár gcionn.

Ar an Domhnach bhí an seomra ba mhó sa tSeanscoil ag cur thar maoil. Peadar Mac an Iomaire a bhí sa gcathaoir. Pléadh go leor fadhbanna a bhí ag pobal na Gaeltachta i gConamara, idir cúrsaí teangan, easpa seirbhísí bunúsacha ar nós uisce agus easpa fostaíochta. Léadh litir ó Dheasún Fennell, fear a bhí tagaithe chun cónaí go Maighinis lena bhean Mary tamall roimhe sin, ag moladh “Údarás Áitiúil don Ghaeltacht” a bheith mar chéad chloch ar a páidrín ag aon eagraíocht nua a bhunófaí. Socraíodh dul ar aghaidh le bunú Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus toghadh coiste.

B’as ceantar an Chnoic do na hoifigigh go léir – Peadar Mac an Iomaire, Ruaidhrí Ó Tuathail, Pádraig Ó Coincheanann, Tomás Ó Ráighne, Joe Steve Ó Neachtain agus Maidhc Beag Ó Conghaile.

Toghadh na hionadaithe ceantair seo a leanas chomh maith: Joe Sheáinín Ó Tuaírisg (Carna, áit a raibh sé ina chónaí ann ag an am); Seosamh Ó Cuaig (Cill Chiaráin); Tom Conroy (Ros Muc); Josie Gibbons (Camus); Coilmín Tom Ó Donncha (Tír an Fhia); Ruairí Ó Conchúir (Leitir Móir); Willy Pháidín Mac Donncha (An Cheathrú Rua); Micheál Mac an Iomaire (Ros a’ Mhíl); Peadar Cháit Ó Conaola (An Tulach); Pat Willy Mac Donncha (Na Minna).

Tá sé suntasach nár roghnaíodh an oiread is bean amháin ar an gcoiste de sheisear déag. Ach ba dhaoine óga sna fichidí a bhformhór.

Go gairid ina dhiadh sin tugadh cruinniú le chéile i nDoire Né, ag a socraíodh liosta aidhmeanna don ghluaiseacht nua. Bhí “Údarás Áitiúil Pleanála agus Forbartha d’Iarchonnacht – Gaeltacht Chonamara” ar an gcéad cheann agus bhí “Raidió Áitiúil don Ghaeltacht” ar an gceann deireannach. Mí tar éis a bhunaithe thaisteal Cearta Sibhialta go Baile Átha Cliath le picéad a chur ar Theach an Chustaim, áit a raibh cruinniú ar bun idir Rúnaí Parlaiminte na Gaeltachta, Pádraig Faulkner T.D., an tAire Rialtais Áitiúil, Kevin Boland T.D. agus ionadaithe ó na Comhairlí Chontae Gaeltachta.

D’éirigh leis an agóid. Scaoileadh isteach toscaireacht ón bpicéad chun a gcuid éilimh a chur os comhair Pádraig Faulkner T.D., an Rúnaí Parlaiminte ar Roinn na Gaeltachta. Pléadh Údarás Áitiúil don Ghaeltacht; scéimeanna uisce; céibh nua Ros a’ Mhíl, a raibh baol mór ag an am gur i nGaillimh a thógfaí é; fadhb na dtéacsleabhair Ghaeilge sa Ghaeltacht; cead pleanála dhá dhiúltú do mhuintir na háite; praghas na móna sa stáisiún móna i Scríb agus nithe eile.

Tugadh neart poiblíochta sna meáin náisiúnta don agóidíocht agus do na ráitis éagsúla a d’eisigh Cearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí ceist na Gaeltachta ardaithe agus dhá plé go poiblí agus go forleathan don chéad uair le fada an lá. Mar a dúirt Seosamh Ó Cuaig san Irish Times i 1975: “Mhair muid ar feadh cúig bhliana ar bhlaisteanna flaithiúla poiblíochta ar mhór an sásamh croí iad go pearsanta ach ar bheag a dtairbhe nuair nach raibh an téagar ná an gníomh ag cur leo go minic.”

Is minic a bhí an feachtas de chineál milis, mar shampla tairní a chur faoi rothaí an ghluaisteáin a bhí ag iompar an Taoisigh ansin Jack Lynch in Iarthar na Gaillimhe le linn fheachtas olltoghcháin 1969. Sa toghchán sin chaith Peadar Mac An Iomaire níos mó ná 6% den vóta sa dáilcheantar sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó hIfearnáin, Tadhg (2009-09-10). "Sochaí na Gaeilge agus an stát". In Ball, Martin; Muller, Nicole. Na Teangacha Ceilteacha. Routledge. pp.   572–5. ISBN   9781134100347. Aisghabháil 19 Márta 2016.
  • Ó Muirí, Pól (23 Meán Fómhair 2009). "Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta faoi scrúdú". An Irish Times (as Gaeilge). Aisghabháil 19 Márta 2016.
  • Ó Tuathail (1969). "Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta". Comhar 6: 9-10. 
  • Bán, Jerry (2009-11-17). "Réamhrá gairid ar Gluaiseacht Chearta Siabhialta na Gaeltachta". The Radio Eye: Cinema san Atlantach Thuaidh, 1958–1988. Wilfrid Laurier Univ. Brúigh. pp.   122-9. ISBN   9781554582129. Aisghabháil 19 Márta 2016.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Connacht Tribune.
  • "The Gaeltacht Authority Elections" (Spring 1980). Carn (29). Celtic League.