Saor-Raidió Chonamara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tamworth Canada Gaeltacht sign.JPG

Thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara (SRC) ag craoladh ar 28 Márta 1970 (Satharn Cásca).[1][2] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972. I mbun an chraolta bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

stáisiún bradach

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig lucht na gCearta Sibhialta i gConamara ar an bhfód sna 1960idí. I mbun an chraolta bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. ‘Stáisiún raidió do Ghaeilgeoirí na tíre ar fad sa Ghaeltacht’, a bhí ar cheann de aidhmeanna na Gluaiseachta, nuair a bunaíodh é mí an Mhárta 1969.[3]

Thug na húdaráis neamhaird ar a gcuid éileamh ag an am sin. Fuair iarrthóir na gCearta Sibhialta sa toghchán 1969 míle go leith vóta céadrogha, éacht ceart ag gluaiseacht nach raibh ach cupla mí ar an bhfód.[4][5]

Ceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe

Sa bhliain 1970, chuala Seosamh Ó Cuaig raidió bradach lonnaithe i nDoire ag craoladh –Radio Free Derry.[6] Scríobh sé alt ar an nuachtán Inniu agus ceann eile ar an Curadh Connachtach ag rá gur cheart a leithéid de raidió a chur ar an aer i gConamara.

Scríobh Máirtín Ó Cadhain san Irish Times (27 Feabhra, 1970), “Mura gcuirfidh an Rialtas raidió dlisteanach ar bun b’fhéidir go mbeidh raidió mí-dhlisteanach ann.”

Oibríochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr an cheangail a bhí idir Éirí Amach na Cásca agus Ros Muc, socraíodh gur ó Ros Muc le linn na Cásca a chuirfí an ‘raidió mí-dhlisteanach’ ar an aer.

I mí na Márta 1970, fuair lucht na gCearta Sibhialta carbhán ar cíos agus tharraing siad é siar chomh fada le Tí Phiarais Uí Ghaora, rinneadh ceangal leis an gcóras leictreachais. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh Saor-Raidió Chonamara ar an aer.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní hé gach duine a bhí sásta nuair a thosaigh SRC ag craoltóireacht. Rinne an Curadh Connachtach beag is fiú de scéal an Raidió. ‘The Radio that could not be heard,’ a thug siad air.

Chuir Seosamh Ó Tuairisg agus Micheál Ó hÉalaithe iarratas foirmeáilte chuig an Aire Poist agus Teileagraif, P. J. Lalor, ag iarraidh ceadúnas craolta raidió do Raidió Chonamara, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Ach níor tugadh freagra ar bith ar an iarratas.[3]

Ach bhí Cearta Sibhialta ag brú doras oscailte nuair a éilíodh stáisiún raidió don Ghaeltacht. Bhí George Colley, Aire Gaeltachta ag an am, sásta tacú go poiblí leis an éileamh agus bhí RTÉ oscailte don smaoineamh chomh maith.[3]

Níos déanaí, thug an rialtas Fianna Fáil isteach dá gcuid éileamh faoi dheireadh agus thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.

Féach fresin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (in en). Wilfrid Laurier Univ. Press. 
  2. Risteárd Ó Glaisne (Clódóirí Lurgan, 1982). "Raidió na Gaeltachta". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  3. 3.0 3.1 3.2 Donncha Ó hÉallaithe. "Saor-raidió Chonamara- Seachtain na Cásca 1970" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  4. "Tuairisceoir an Dúin" (ga). Tuairisceoir an Dúin. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  5. Donncha Ó hÉallaithe (2019). "TOGHCHÁN AGUS TAIRNÍ…". Comhar 79 (4): 5–9. ISSN 0010-2369. 
  6. Seosamh Ó Cuaig. "50 bliain ó shin chuireamar Saor-Raidió Chonamara ar an aer i gcarbhán i Ros Muc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.