Domhnach Cásca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aiséirí Íosa, íocóin, eaglais in Xirokrini, Thessaloniki, An Ghréig

De réir staire na Críostaíochta, ba ar Dhomhnach Cásca a d'aiséirigh Íosa Críost, tar éis dó a bheith adhlactha i dtuama ar feadh 42 lá. Sa Chríostaíocht, is ionann Aiséirí Íosa agus filleadh Íosa ar an saoil ar an tríú lá tar éis a bháis (Céasadh Íosa, mar a thugtar air).

Tá Domhnach Cásca (nó Lá an Aiséirí) ar na féilte is mó sna heaglaisí Críostaíochta, agus is é cuspóir na Seachtaine Móire.

Traidisiún bíobalta, nósanna agus seanchas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Barr cnoic[athraigh | athraigh vicithéacs]

In a lán áiteanna ceiliúrtar Aifreann na Cásca ar bharr cnoic go luath ar maidin le breacadh an lae agus deirtear go mbíonn an ghrian ag glioscarnaigh agus ag rince timpeall na spéire[1].

D’éirítí go luath ar maidin, deir Bailiúchán na Scol[2], chun an ghrian a fheiceáil ag damhsa “le teann áthais maidin Domhnaigh Cásca”. Chreidtí fadó go mbíodh an ghrian ag damhsa sa spéir mar gheall ar aiséirí Íosa Críost, toisc Íosa a bheith aiséirithe ó mhairbh.

Uibheacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Uibheacha, An Úcráin, 1981

Thagadh deireadh leis an troscadh ar Dhomhnach Cásca agus d’ití uibheacha ag deireadh an Charghais. Fadó d’ití a lán uibheacha ar Dhomhnach Cásca mar ní bhídís á hithe ó Mháirt na bPancóg roimhe sin. Siombail ab ea an t-ubh den bheatha nua. Dar leis an scéal seo, ní bhíodh mórán tráchta ar uibheacha seacláide an tráth úd – ach fíoruibheacha cearca a d’ití.

Feictear sa scéal seo gur fíoruibheacha amháin a bhíodh á n-ithe ag na páistí. I dtithe áirithe bhíodh sé de nós ag na páistí uibheacha a bhailiú le linn an Charghais agus picnic a bheith acu ar Dhomhnach Cásca.

Chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag daoine na huibheacha a chur i bhfolach agus rachaidís ag tóraíocht na n-uibheacha ar Dhomhnach Cásca – rud a dhéantar go fóill ach le huibheacha seacláide.

An coileach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Deirtear chomh maith go mbíonn an coileach ag fógairt an lae ag glaoch amach go hard agus go soiléir ‘Tá Mac na hÓighe Slán!  Tá Mac na hÓighe Slán!’

Saoire[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tugtar an Cháisc ar an gceiliúradh ar fad, agus tugtar saoire do na scoileanna agus ag beagnach gach oibreoir in Éirinn lena cheiliúradh.

Eachtraí ar Dhomhnach Cásca[athraigh | athraigh vicithéacs]

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]