RTÉ Raidió na Gaeltachta
Raidió na Gaeltachta | |
Ceantar craoladh | Náisiúnta - Poblacht na hÉireann agus cuid mhaith de Thuaisceart Éireann |
---|---|
Minicíocht | 92.6-94.4, & 102.7 MHz Raidió Digiteach |
Céad-chraoladh | 2 Aibreán 1972 |
Ceannaire | Edel Ní Chuireáin |
Formáid | Gaeilge |
Úinéir | Radio Telefís Éireann |
Suíomh Idirlíne | www.rte.ie/rnag |
Seirbhís lán-Ghaeilge raidió is ea RTÉ Raidió na Gaeltachta (nó go neamhfhoirmeáilte RnaG), a thosaigh ag craoladh ó Chasla, Conamara ar Dhomhnach Cásca, 1972. Cé gur ar phobail Ghaeltachta is mó a dhéanann sé freastal, tá an-líon éisteoirí aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.[1]
Tá fáil ar an stáisiún ar fud Phoblacht na hÉireann ar an ard-mhinicíocht (FM), ar an meántonn sa Ghaeltacht fhéin, ar chóras satailíte ar fud na hEorpa, agus ar an idirlíon. Craoltar ar 92-94 agus ar 102.7 fm é ar oileán na hÉireann.
Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is cuid den tseirbhís chraoltóireachta phoiblí RTÉ é Raidió na Gaeltachta.
Tá trí phríomhstiúideo ag RnaG: Casla, Conamara; Bóthar na Léinsí, Corca Dhuibhne; Gaoth Dobhair, Tír Chonaill, maille le slám stiúideonna beaga i nGaeltachtaí eile timpeall na hÉireann.
Mar spraoi, tugtar "Garraí Pheter William" ar cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta go fóill i gcuimhne ar ainm na háite sular tógadh foirgneamh an stáisiúin.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí 28 Márta 1970 ina lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nuair a thosaigh an stáisiún bradach, Saor-Raidió Chonamara ag craoladh ar Dhomhnach Cásca 1970.[2] Dhá bhliain níos déanaí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó Chasla ar Dhomhnach Cásca, 1972.
Ón bhliain 2000 amach tá an stáisiún ag craoladh 24 uair sa lá.
Craoltóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
I measc na gcraoltóirí ata ag obair sa stáisiún tá Máirtín Tom Sheáinín agus Rónán Mac Aodha Bhuí.
Sceideal[cuir in eagar | athraigh foinse]
Seo mar a bhí sceideal an stáisiúin ar 28 Aibreán, 2016[3].
Lá | Am | Clár | Láithreoir |
---|---|---|---|
Luan - Aoine | 07:00-8:00 | Nead na Fuiseoige | Gráinne Ní Dhomhnaill |
08:00-9:00 | Adhmhaidin | Gormfhlaith Ní Thuairisg | |
09:15-10:15 | Iris Aniar | Eibhlín Ní Chonghaile | |
10:15-11:00 | Sinéad Ar Maidin | Sinéad Ní Uallacháin | |
11:00-12:00 | Barrscéalta | Áine Ní Churráin | |
12:08-13:00 | An Saol ó Dheas | Helen Ní Shé Mícheál Ó Sé Aogán Ó Muircheartaigh | |
13:00-14:00 | Nuacht a hAon | Bríd Ní Chualáin | |
14:00-15:00 | Ardtráthnóna | Máirtín Tom Sheáinín | |
15:00-16:00 | Rónán Beo@3 | Rónán Mac Aodha Bhuí | |
16:10-17:00 | Cóisir Cheoil | Dónall Mac Ruairí | |
17:00-17:55 | Cormac Ag a Cúig | Cormac Ó hEadhra |
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Risteard O. Glaisne. "Raidio na Gaeltachta".
- ↑ Jerry White (2009-11-17). "The Radio Eye: Cinema in the North Atlantic, 1958-1988" (in en). Wilfrid Laurier Univ. Press.
- ↑ http://www.rte.ie/rnag/
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |