Tír Chonaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ríocht Ghaelach na meánaoise ba ea Tír Chonaill, air go garbh áit a bhfuil Contae Dhún na nGall i gcúige Uladh an lae inniu. Ag a hachar is mó, bhí inti cuid de chontaetha in aice léi. Áit dúchais Chineál Chonaill de chuid Uí Néill an Tuaiscirt a bhí inti.

Ó thús a bunaithe ag Conall Gulban sa 5ú haois, fo-aonaid Ailigh ba ea an tuath, i dteannta le Cineál Eoghain, gaoil Chineál Chonaill trí Niall Naoighiallach, mar a mhaíodh. Thángadar i réim agus cumhacht na nUladh ag dul i léig, a laghdaigh a riocht in oirthuaisceart na cúige.

Sa 12ú haois, scaradh ríocht Ailigh in dhá leath. D'éirigh an tuath Chineál Chonaill ina Tír Chonaill, faoi cheannas Uí Domhnaill. Tharla troid ann i rith Cogadh na Naoi mBliana ag deireadh na 16ú haoise. Sa bhliain 1607, tugadh le chéile é i Ríocht na hÉireann faoi riail na Sasanach, tar éis Teitheadh na nIarlaí, Ruairí Ó Domhnaill, 1d Iarla Thír Conaill ina measc.

Uladh sa 16ú haois

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh Tír Chonaill suite go formhór i gContae Dhún na nGall mar atá inniu ann, cé go raibh an ríocht níos mó tráth, agus inti cuid de chontaetha Doire, Tír Eoghain, Fear Manach, Liatroma agus Sligigh. Dar le Seathrún Céitinn, bhíodh inti na barúntachtaí Cairbre i Sligeach, Ros Clochair (Dartraí) i Liatroim agus an Machaire Buí, go formhór Tuath Ratha agus Lorg, i bhFear Manach.

Deoise Ráth Bhoth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ardeaglais Naomh Adhamhnán, lárionad reiligiúnach Thír Chonaill.

Ba í Críostaíocht Chaitliceach an reiligiún is suntasaí i ríocht Tír Chonaill.

Bhí bunaitheoir na clainne, Conall Gulban, an chéad rí tiontaithe ag Naomh Pádraig, mar a mhaítear. Meastar gurb ar cheann de thriúr naomhphatrúin na hÉireann é Naomh Colm Cille, a rugadh ag Conbháil.

Is ionann go garbh iad, ó thaobh críocha de, Tír Chonaill agus Deoise Ráth Bhotha, cruthaithe ag Sionad Ráth Bhreasail sa bhliain 1111.

Níos deireanaí, chuir Cineál Chonaill an cros mar tsiombal ar a gcuid armas agus ghlac an mana in hoc signo vinces.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, le
  • Lughaidh Ó Cléirigh, Beatha Aodh Ruadh O Domhnaill, Acadamh Ríoga na hÉireann
  • William Lynch, A View of the Legal Institutions, Honorary Hereditary Offices, and Feudal Baronies established in Ireland, Longman, Rees, Orme, Brown and Green, Londain, 1830, lch 190.
  • Bernard Burke, Vicissitudes of Families, Longman, Green, Longman and Roberts, Londain, 1861, ll. 125–148
  • C. P. Meehan, The Fate and Fortunes of the Earls of Tyrone (Hugh O'Neill) and Tyrconnel (Rory O'Donel), their flight from Ireland and death in exile, ARÉ, 2a heagrán, James Duffy, Londain, 1870.
  • Peter Berresford Ellis, Erin's Blood Royal – The Gaelic Noble Dynasties of Ireland, Constable, Londain, 1999, ll. 251–258
  • Charles Mosley Blood Royal – From the time of Alexander the Great to Queen Elizabeth II, Ruvigny Ltd., Londain, 2002 ISBN 0-9524229-9-9
  • Walter J. P. Curley, Vanishing Kingdoms – The Irish Chiefs and their Families, réamhrá le Charles Lysaght, Lilliput Press, Baile Átha Cliath, 2004, lch. 59 [ISBN 1-84351-055-3 & ISBN 1-84351-056-1].
  • Francis Martin O'Donnell, The O’Donnells of Tyrconnell – A Hidden Legacy, Academica Press, Londain agus Washington, D.C., 2018 (ISBN 978-1-680534740). [1][2].

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teimpléad:Connachta