Cineál Chonaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Géag Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Cineál Chonaill (Sean-Ghaeilge Cenél Conaill) a mhaíodh gurbh é Conall Gulban mac Néill Naoighiallaigh a sinsear, an chéad Éireannach a d'iompaigh ina Chríostaí, a deirtear. Tugadh Tír Chonaill ar a ríocht dhúchais, agus a n-ionad cumhachta ar Mhaigh Íotha i nGleann na Finne. Leathadar de réir a chéile isteach i gcontaetha Dún na nGall agus Fear Manach an lae inniu.

Bhíodh Cineál Chonaill ag troid go minic lena ngaoil, Cineál Eoghain, agus ghabhadar faoin 12ú haois a lár-ionad Aileach ar Inis Eoghain Tháinig Cineál Eoghain ina n-ionad áfach mar ríthe Uí Néill an Tuaiscirt.

Seo a leanas liosta de phríomhchlanna an Chineáil.

Is é is Colm Cille, a bhunaigh mainistir Dhoire, an bhall is cáiliúla de chuid Cineál Chonaill. Maítear gur gharmhac Chonaill Ghulbain é.[1]

Cenél Luighdech[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lugaidh mac Séadna (Lugaid mac Sétnai), fionnó Chonaill Ghulbain, ba ea sinsear Chineál Lughaí (Cenél Luighdech; aitheanta níos coitianta mar Síl Lugdach). Síneadh a gcuid tailte dúchais ó Ghaoth Dobhair go dtí An tSúileach. Bhíodh Uí Dhomhnaill agus Uí Dhochartaigh, ina gclanna is cumhachtaí de Chineál Chonaill.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Domhnaill Domhnall Domhan-rialóir Cill Mhic Réanáin Sa 13ú haois, tháinig suas chun cinn mar ríthe Cineál Chonaill. Géag Uí Dhomhnaill is ea Clann Dálaigh (féach thíos)
Ó Dochartaigh Dochartach Dochrach Ráth Bhoth An dóú duine dhéag de shliocht Chonaill Ghulbain ba ea Dochartach. Bhí Uí Dhochartaigh i réim i nInis Eoghain ón 13ú go 17th haoiseanna
Mac Daibhéid Daibhéad Ó Dochartaigh Gleann Fhinne; faoin 15ú haois, Inis Eoghain fosta Comhairleoirí agus teachtaí i seirbhís Uí Dhochartaigh ba ea Mhic Dhaibhéid bunaithe ag Caisleán Ailigh Mór
Ó hAmhsaigh Amhsach Amhas Aird Mhic Giollagáin, oirthuaisceart Doire
Mac Giolla Bhríde Giolla Bríde Ó Dochartaigh Ráith
Mac Meanman Meanma Crógacht / misneach Dún na nGall

Clann Chionnfhaoladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géag de Cenél Luighdech is ea Clann Chionnfhaoladh ainmnithe as Cionnfhaoladh seanathair Bhaoill (Báegell). Sinsear eapainmneach an phríomhchlann Uí Bhaoill ba ea Baoll féin. Taoisigh Thír Ainmhireach agus Tír Bhoghaine i ndeisceart Dún na nGall ba ea iad. Shíneadh a gcuid críoch ó thús ó Bhaile Dhún na nGall go dtí gar de Chill Mhic Réanáin ar an gcósta thiar. Faoin 13ú haois, bhí a thailte roinnte ina ndá leath ag clann Uí Dhomhnaill; Tír Ainmhireach sa deisceart agus na Trí Tuatha sa tuaisceart. Deirtear go bhfuil an bharúntacht, Baollaigh ainmnithe astu.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha
Ó Baoill Baoigheall mac Bradagáin Geall Baollaigh, Tír Bhoghuine agus Tír Ainmhireach

Clann Dálaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géag Uí Dhomhnaill de Chineál Lughaí is ea Clann Dálaigh (aitheanta fosta mar Síol Dálaigh). Ainmnithe as Dálach athair Éineacháin (féach thíos), taoiseach Chineál Lughaí, is ea iad.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha
Mac Eachmharcaigh Capall-marcach Dún na nGall

Cenél Aedha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aodh mac Ainmhireach (Áed mac Ainmuirech), dubhó Chonaill Ghulbain, ba ea sinsear Chineál Aodha (Cenél Áedha). Ainmuire mac Sétnai ba ea a athair, agus Lugaid mac Sétnai, bunaitheoir Cenél Luighdech, a uncail. Deirtear go bhfuil an bharúntacht Tír Aodha ainmnithe astu.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Gallchobhair Gallchobar Gall-cabhair Ballybeit agus Baile na Glaice Ceannairí mharcra Uí Dhomhnaill.
Ó Canannáin Canann Leitir Ceanainn
Ó Maoldoraidh Tír Aodha

Cenél mBógaine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éanna Bóghoin (Énna Bóguine) mac Conall Gulban ba ea sinsear Chineál Bhóghona. Deirtear gurbh é Tír Bhóghona a gcríocha, a deir O'Donovan gurbh ionann sin agus an bharúntacht Báinigh agus cuid den bharúntacht Baollaigh.

Tugtar seachtar mac d'Éanna sna ginealaigh le fáil in Laud 610, tiomsaithe c.1000 AD:

Secht maic Bógaine .i. Áedh Cesdubh, Feidilmid, Brandubh Caech Cluassach, Anmere, Crimthan Lethan, Fergus, Eichín & Melge.[2]

Tá leagan eile ámh sa saothair le Ó Cléirigh:

(Da)Ui. mic Enda bogaine mic Conaill gulban .i. Melge, Lugaid,Criomhthann, Anguine, Niall, Cathair. Mac don Chathair sin Caelmhaine diaruo mac an Conall errderc.[3]

De shliocht Cineál is ea Naomh Cróine Bheag.

Cenél Duach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmnithe as Tiarnach Daui (Tigernach Duí) mac Conaill Ghulbain is ea Cenél Duach. Deirtear go raibh Ninnid mac Tiarnaigh ar an bhfód ag Cath Móin Daire Lothair (Muine Mór, Contae Doire), áit a chloígh Uí Néill an Tuaiscirt na Cruithne. Bhí Báetán mac Ninnedo mhic Tiarnach ina Rí na Teamhrach le bliain amháin, sa bhliain 568.

Cenél Énna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De shliocht Éanna, séú mac Chonaill Ghulbain, is ea Cineál Éanna (Cenél Énna). Feictear iad mar ríthe Maigh Íotha, Tír Éanna agus Fánaid.

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha
Ó Lapáin Lapa (b'fhéidir) Tír Chonaill, níos dearanaí Ard Mhacha Ar cheann desna sloinnte is sine i nÉirinn agus dá réir sin sa domhan
Ó hÉineacháin Tír Chonaill Luaite sna hannála mar thaoisigh Chineál Éanna

Ó Breasláin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géag de Chineál Éanna trí Fergus Fanad is ea Uí Bhreasláin

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Ó Breasláin Violent Inis Caoil, Fánaid, níos dearanaí Doire Mhaoláin, Fear Manach Ruaigthe as Fanad ag Mhic Shuibhne sa bhliain 1261, lonnaigh siad i bhFear Manach, agus d'éirigh ina mbreithimh ar son Mhic Uidhir

Clanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sloinne Sinsear Sanasaíocht Críocha Nótaí
Mac Ailín Ailín Nó Alan nó Ailín (cloichín) An chéad chlann darbh ainm úd a raidh tionchar acu ar an Uladh ba ea Clan Campbell Mac Ailín, a thug Uí Dhomhnaill go Tír Chonaill mar ghallóglaigh iad sa 15ú haois. Sna luath-1600í, bhí clann McCallion i seirbhís Uí Dhochartaigh, bunaithe ag Gleann Daoile, Inis Eoghain. Ar na gaobhair, aimsíodh an leac uaighe cáiliúil den 16ú haois Cluain Catha, le hinscríbhinn as Gaeilge na hAlban ag rá: 'FERGUS MAK ALLAN DO RINI IN CLACH SA'.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Robert Bell (1988). "The Book of Ulster Surnames", The Black Staff Press

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Adomnan of Iona (23ú Feabhra 1995). "Life of St. Columba". Penguin UK. 
  2. The Laud Genealogies, CELT
  3. The O'Clery Book of Genealogies, Seamus Pender (eag.), in Analecta Hibernica 18, 1951, ll. 1-198
  4. Clonca Church, timetravelireland.blogspot.com