Tuath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Feach freisin: Tuatha Dé Danann

I nÉirinn na nGael, bunaonad polaitiúil agus dlínsiúil as ea an túath.[1] D'fhéadfadh an túath a luadh idir an críocha agus an muintir ina chónaí ann.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéadfaí é go bhfuil an focal fréamhaithe ón bPrótai-Ceiltis *toutā ("cine, tír dúchais"), a bhfuil b'fhéidir fréamhaithe ón bPrótai-Ind-Eorpais *tewtéh₂ ("finíoch"). Faightear fréamh ghaolmhar i n-ainm dhia na nGallach, Toutatis.

As NuaGhaeilge, léirítear an focal gan an síneadh fada, tuath, faoin tuath, muintir na tuaithe, srl; tuigtear fós an chiall stairiúil, ámh.[2]

Struchtur sóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I nÉirinn ársa, bhíodh tuairim is 30 duine san áireamh i dteaghlach amháin. Achar le céad teaghlach ab ea tríocha céad, 'sé sin tuairim is 3,000 duine. Roinnt tríocha céad chomhghuaillithe ab ea túath, mar sin ní níos lú ná 6,000 duine. Is amhlaidh ámh gurb uimhir níos cruinne lá haghaidh tuatha é ní níos lú ná 9,000 duine.[3]

Aonad as féin ab ea gach túath was a self contained unit, le feidhmeannas, tionól, breithimh agus arm cosanta dá chuid féin aige. Nascadh na túatha le chruinne i gcónaidhmeanna cosanta. Bhí cliarlathas tuath ann, ag braith ar suíomh tíreolaíochta agus gaol le rítheaghlach na háite.[4] Pléadh eagrú na dtuath i nDlíthe na mBreithiúna, scríofa sa 7ú haois Irish laws written down in the 7th century.[5]

Athraíodh an seanchóras polaitiúil i nÉirinn le linn agus tar éis Concas na dTúdarach, curtha as áit de réir a chéile le córas barúntachta agus contaetha. De bharr easpa eolais, táthar i mearbhall anois i dtaca leis seanaonaid na gcríoch, go háirithe idir trícha céta agus túatha. I roinnt cásanna is amhlaidh gurb ionann iad, in eile, ní hiad.[6]

Molann roinnt scoláirí gurb ionann an túath agus an paróiste mar atá inniu ann, ach molann eile gurb ionann é agus an barúntacht. Braitheann sé seo partly ar an slí ar tugadh an dúiche isteach sa chóras chontaetha. Faoin gcóras Géilleadh agus Athbhronnadh, is sách mhaith é an t-ailíniú idir an túath agus an barúntacht, ach i gcás choilíniú agus choigistiú talún, mar a tharla i gcúige Uladh, ní furasta é na bunteorainneacha a dhéanamh amach, nó fiú a athaimsiú.[6]

Samplaí stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Colonisation under early kings of Tara, Eoin Mac Neill, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar 16, ll. 101–124, 1935
  • Corpus genealogiarum Hibernia, i, M.A. O'Brien, Baile Átha Cliath, 1962
  • Early Irish Society, Francis John Byrne, in The Course of Irish History, eag. T.W. Moody agus F.X. Martin, ll. 43–60, Corcaigh, 1967
  • Hui Failgi relations with the Ui Neill in the century after the loss of the plain of Mide, A. Smyth, Etudes Celtic 14:2, ll. 502–23
  • Tribes and Tribalism in early Ireland, Francis John Byrne, Eiru 22, 1971, ll. 128–166.
  • Origins of the Eóganachta, David Sproule, Eiru 35, ll. 31–37, 1974
  • Some Early Connacht Population-Groups, Nollaig O Muraile, in Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne', ll. 161–177, eag. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000
  • The Airgialla Charter Poem:The Political Context, Edel Bhreathnach, in The Kingship and Landscape of Tara, ll. 95–100, 2005

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 túath ar eDIL
  2. tuath ar teanglann.ie FB
  3. Dillon, Myles (1994). "Early Irish Literature". An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, Éire: Four Courts Press. 
  4. "Nationality and Kingship in Pre-Norman Ireland". CELT.
  5. Patterson, Nerys t. (1994). "Cattle Lords and Clansmen: The Social Structure of Early Ireland". University of Notre Dame Pess. 
  6. 6.0 6.1 Medieval Irish Political and Economic Divisions, History Ireland