Naomh Pádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Pádraig

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 385
An Bhreatain Rómhánach, An tSean-Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 17 Márta 461
75/76 bliana d'aois
Sabhall (Ulaid)
Emeritus bishop (en) Aistrigh Roman Catholic Diocese of Armagh (en) Aistrigh
455 – 17 Márta 493
Roman Catholic Bishop of Armagh (en) Aistrigh Ard Mhacha
445 – 455
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmsagart, misinéir, feirmeoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidGermain d'Auxerre
Mac/iníon léinnCettin
TeangachaAn Laidin
Ardú
Lá féile17 Márta
March 17 (en) Aistrigh (Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise) Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairCalpornius  agus Conchesa

Find a Grave: 71620750 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é aspal náisiúnta na nGael é Pádraig Mac Calprainn, ar a dtugtar Naomh PádraigPádraig Naofa (17 Márta, 461, 492493 a cailleadh é). Thug sé an Chríostaíocht go hÉirinn.

Dealbh Naomh Pádraig i gContae na Mí

Ceiliúrtar Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta, an lá a cailleadh é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saoránach Rómhánach de bhunadh Briotanach a bhí i bPádraig.

Sliabh Mis i gContae Aontroma

De réir an scéil, nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag. Tugadh anall go hÉirinn é. Cuireadh ag aoireacht ar Shliabh Mis i gContae Aontroma é, áit ar chaith sé na blianta ag sclábhaíocht. Oíche amháin bhí brionglóid aige faoi bhád ag fanacht dó, agus d'éalaigh sé agus d'fhill sé mar sin ar a mhuintir.

Cúpla bliain níos déanaí, urnaíodh Pádraic ina shagart. Oíche amháin, bhí brionglóid eile ag Pádraic faoi phobal na hÉireann. Chonaic sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air. Ba cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Bheartaigh sé mar sin an Chríostaíocht a thabhairt do mhuintir na hÉireann.

D'fhill Pádraic sa bhliain 432. Cé gur tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn ar dtús nuair a chuir an Pápa Ceilistín Palladius go hÉirinn i 430, ba é Pádraig an té ar éirigh leis an creideamh a scaipeadh, is cosúil.

Dún Pádraig, An Dún

Insítear scéal faoin iarracht a bhí á déanamh ag Pádraig taoiseach a thabhairt chun na Críostaíochta. Sháigh Pádraig a chros de thimpiste i gcois an taoisigh, ach má dhein, níor labhair an taoiseach focal ná ní dhearna gearán. Ghlac sé féin agus a mhuintir leis an gcreideamh nua ag ceapadh gur chuid den searmanas a bhí sa sá.

phioc Pádraig seamróg agus gur úsáid sé í leis an Tríonóid a mhíniú: séipéal i gCill Bheanáin, Co na Gaillimhe

Deirtear gur phioc Pádraig seamróg agus gur úsáid sé í leis an Tríonóid a mhíniú dá éisteoirí.

Seanchas agus Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ról tábhachtach ag Pádraig i mbéaloideas na hÉireann agus na Gaeltachta, agus is iomaí scéal seanchaite a d'insíodh faoin tseansaol.

Na nathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Pádraic 40 agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar Chruach Phádraig thiar ón áit ina bhfuil Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo inniu. Deirtear gur dhíbir Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn ansin. Ach tá amhras faoi seo[1], nó ní heol dúinn go raibh nathracha nimhe riamh sa tír. Is dóichí gur mar shamhail a húsáideadh an scéal seo don dóigh ar ruaig sé seanchreideamh na nGael, agus go seasann na péisteanna agus na nathracha nimhe don diabhal agus dá chuid mioscaise, is é sin, don tseanchreideamh féin.

Cruach Phádraig i gContae Mhaigh Eo

Na Fianna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuala saol na Gaeilge iomrá ar an lá a casadh Pádraig agus Oisín, an fear deireanach de na Fianna, ar a chéile in Éirinn. Meafar iontach is ea an scéal seo don dóigh ar tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn agus an Phágántacht ag cúlú roimpi.

Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó Thír na nÓg agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin.

Pádraig agus na Fianna, (Rolleston, T. W. 1910)

Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach Goll. "Ní chreidfinnse i nDia", ar seisean, "go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu."

Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun "iall a chur i súiste Ghoill", mar a dúirt sé.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ainm pearsanta an-choitianta in Éirinn é Pádraig, ach níor baisteadh ar mórán leanaí é go dtí timpeall na 1880idí.

Tá raidhse mór foirmeacha aige - Pádraig, Pádraic, Páraic (go háirithe san iarthar), Pa, Pat, Peaits nó Patch, Paddy, Patsie, Páid nó Paud, Patrice na Fraincise agus Patrizio na hIodáilise.

Paidir Pádraig Naofa nó Lúireach Phádraig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Críost liom
Críost romham
Críost i mo dhiaidh
Críost ionam
Críost fúm
Críost uasam
Críost ar mo lámh dheis
Críost ar mo lámh chlé
Críost i gcroí gach duine lena labhraim
Críost i mbéal gach duine a labhras liom
Críost i ngach súil a dhearcas orm
Críost i ngach cluas a chluineas mé
Amen[2]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lá Fhéile Pádraig, Buenos Aires (An Airgintín)

(Athinsint ghairid é seo ar an scéal Mar a chuaigh Oisín go Tír na hÓige ón leabhar Seanchas Annie Bhán le Gordon W. MacLennan, Baile Átha Cliath 1997. ISBN 1-898473-84-6)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. National Geographic, 2008 - Snakeless in Ireland: Blame Ice Age, Not St. Patrick
  2. https://youtu.be/Fav5p2RKOak le Bernard Sexton agus cór; https://youtu.be/ApvpkWtDCJE Cór Mhuire na Doire Beaga, Gaoth Dobhair ; https://youtu.be/HvIbdiNyTHk Karen Tracey (le fotheidil); https://youtu.be/PbJui5JTr58 Nóirín Ní Riain; https://youtu.be/L7nt1GsrHtI?t=42s Carn na Ros, scoil náisiúnta