Seamróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tSeamróg

Planda is ea an tseamróg. Is samhailchomhartha Éireannach í. Cineál seamair is ea í. Caitear ar Lá Fhéile Pádraig í. Is féidir í a ithe freisin. Tá sí mar shamhailchomhartha ag lear mór cuideachtaí Éireannacha, Aer Lingus ach go háirithe.

Is samhailchomhartha í d'fhoireann rugair na hÉireann, Cumann Peile na hÉireann, Aontas Cruicéid na hÉireann, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus a lán eagrais eile nach iad.