An Bhreatain Bheag
|
|||||
| Mana: Cymru am byth (Breatnais: "An Bhreatain Bheag go deo") |
|||||
| Amhrán náisiúnta: Hen Wlad fy Nhadau (Seantír m'aithreacha) |
|||||
| Príomhchathair | Caerdydd (Cardiff as Béarla) 51°29′ Thuaid 3°11′ Thiar |
||||
| An chathair is mó | Caerdydd | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla agus Breatnais | ||||
| Rialtas | Carwyn Jones AM |
||||
| Naomh (éarlamh) |
Naomh Dáibhí | ||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
20,779 km² (3ú sa RA) - |
||||
| Daonra • Meas. ó 2008 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
3,004,600 (-) 2,903,085 140/km² (-) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $85.4 billiún (-) $30,546 (-) |
||||
| Airgeadra | Punt steirlinn (£) (GBP) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
GMT (UTC+0) BST (UTC+1) |
||||
| Fearann Idirlín | .uk, .cymru, .wales | ||||
| Glaochód | +44 |
||||
Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag. Tá dhá phríomhtheanga ann, an Béarla agus an Bhreatnais, agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar 'comraí', leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar 'comráidhg', leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. Wales agus Welsh a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.
Tá 2,903,085 duine ina gcónaí sa tír. Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, Caerdydd, Abertawe (Swansea) agus Casnewydd (Newport), suite i ndeisceart na tíre.
- Nóta: Gaeilge na hAlban, "A' Bhreatainn Bheag" = An Bhriotáin[1]
Clár ábhair
Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]
Is iad an Bhreatnais agus an Béarla na teangacha oifigiúla.
Forannta náisiúnta[athraigh | athraigh vicithéacs]
Contaetha[athraigh | athraigh vicithéacs]
Cuireadh ocht gcontae na Breataine Bige ar bun idir na blianta 1974 agus 1996:
Rialtas áitiúil[athraigh | athraigh vicithéacs]
Cuireadh na 22 réigiún ar bun sa bhliain 1996, ar mhaithe le rialtas áitiúil.
Cathracha[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tá stádas cathrach ag cúig bhaile sa tír - Caerdydd, Casnewydd, Abertawe, Bangor agus Tyddewi (St David's).