Lá Fhéile Pádraig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lá fhéile Phádraig - Chicago - An abhainn ruaimnithe le dath glas

Déanann pobal na hÉireann céiliúradh ar an 17ú lá de Mhárta ar Lá Fhéile Pádraig ( nó Lá ’le Pádraig uaireanta ). Deirtear gur cailleadh Naomh Pádraig, aspal náisiúnta na hÉireann ar an dáta seo..[1] Déantar ceiliúradh ar chultúr, teanga, spórt, reilgiún aguse ceol na tíre. Tá an fhéile Seachtain na Gaeilge mar chuid den cheiliúradh.

Déantar céiliúradh ar Phádraig aon áit ar fud an domhain ina mbailíonn na hÉireannaigh le chéile. Ar na hocáidí is mó, áirítear an ceann i Nua Eabhrac, ina mbíonn paráid ollmhór chuile bhliain, ó Ardeaglais Naoimh Pádraig suas an 5ú Ascal (5th Avenue) agus ceann Bhaile Átha Cliath. Anois i mBaile Átha Cliath tá feachtas seachtaine ann chun an lá a cheiliúradh.

Is é Naomh Pádraig a thug an Chríostaíocht go hÉirinn. Nuair a bhí Pádraic ina bhuachaill óg, fuadaíodh é óna bhaile dúchais sa mBreatain Bheag agus tugadh anall go hÉirinn é, áit ar chaith sé blianta ag sclábhaíocht, agus é ag tabhairt aire do thréad caorach agus muc ar Shliabh Mis i gContae Aontroma. Oíche amháin bhí bríonglóid aige faoi phobal na hÉireann agus gur cheart dó dul ina measc agus a chreideamh a chraobhscaoileadh. Chuaigh Pádraic ar bhord loinge agus sheol sé ar ais abhaile. Nuair a bhí sé úrnaithe ina shagart, bhí brionglóid eile aige ina bhfaca sé muintir na hÉireann ag glaoch ar ais air chun an Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ann. Chaith Pádraic 40 lá agus oíche ag troscadh agus ag tréanas ar shliabh Mis i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo. Téann na mílte chuig Cruach Phádraig ar thuras spioradálta.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. St. Patrick's Day The History Channel