Jump to content

Cruach Phádraig

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCruach Phádraig
(ga) Cruach Phádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie114135 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 45′ 34″ N, 9° 39′ 30″ O / 53.7595°N,9.6584°W / 53.7595; -9.6584
Tréithe
Airde os cionn na farraige764 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach640 m Cuir in eagar ar Wikidata

Sliabh in iarthar Chontae Mhaigh Eo, os cionn Chuan Mó, is ea Cruach Phádraig[1], i mBéarla Croagh PatrickThe Reek (ón fhocal cruach).

Tá an sliabh 762m in airde. Tá An Binn Ghorm thiar dó.

Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar', agus Fraincis, aigle) air sa mheánaois is cosúil.

Tá dúnán ag barr an tsléibhe a théann timpeall an mhullaigh. D’fhéadfadh gur cosaint ón gCré-umhaois é seo. Rinne seandálaithe séipéal atá istigh sa dhúnán a thochailt agus bhí siad in ann dáta radacarbóin a fháil a chuaigh siar go timpeall 430.[2]

De réir an tseanchais chaith Naomh Pádraig Carghas na bliana 441 anseo ag guí agus ag troscadh. Deirtear gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe agus créatúir nimhe eile as Éirinn ó bharr na cruaiche.[3]

Láthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Mar aithris ar Naomh Pádraig, tá na mílte ag dreapadh na cruaiche, iad cosnocht go minic.

Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann (Garland SundayReek Sunday i mBéarla) ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.

séipéal beag ar bharr an tsléibhe, a tógadh sa bhliain 1905. Ceiliúrtar an tAifreann gach cúpla Domhnach sa samhradh, agus go háirithe ar 15 Lúnasa agus Domhnach na Cruaiche.

Fionnachtain óir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thángthas ar seam óir sa sliabh sna 1980idí. Mar gheall ar an bhfreasúra áitiúil ó Ghrúpa Comhshaoil Mhaigh Eo faoi cheannas Paddy Hopkins, shocraigh Comhairle Contae Mhaigh Eo gan mianadóireacht a cheadú ar Chruach Phádraig. Is féidir go léiríonn ainm na hAbhann Bhuí (Abhainn Bhuí, an abhainn bhuí), ar dheisceart an tsléibhe, go raibh eolas fadó ar thaiscí óir sa cheantar, agus go ndearnadh iarracht ór a scagadh san abhainn.

  1. Cruach Phádraig/Croagh Patrick | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Sean Mac Connell (17 Márta 1997). "Irish Times - Scientific evidence suggests Patrick climbed mountain". Dáta rochtana: 8 Márta 2026.
  3. Mayo County Council. "Mayo County Council" (ga). www.mayococo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-24. Dáta rochtana: 2019-07-16.