Seachtain na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Póstaer i gcomhair Seachtain na Gaeilge, 1913

Féile bhliantúil é Seachtain na Gaeilge. Bíonn an méid sin imeachtaí ar siúl as Gaeilge go maireann an fhéile níos mó ná seacht . Anois cuirtear tús leis an bhféile Gaeilge seo ar 1 Márta, agus leanann sé ar aghaidh go Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta[1]. Is é is cuspóir na féile ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain.

Bíonn an fhéile eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Is é an mana atá acu ná “Croí na Teanga – It’s You!”.

Imeachtaí cultúrtha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ó shin i leith, tá éagsúlacht imeachtaí Gaeilge eagraithe mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ina measc:

  • Do pháistí, rásaí currachaí, sorcas as Gaeilge, seóanna puipéid as Gaeilge, srl.
  • De ghnáth bíonn a lán imeachtaí Gaelacha ar siúl i scoileanna na tíre. Is minic a bhíonn céilí nó coirm ceoil, comórtas póstaer nó comórtas filíochta ar siúl iontu, mar shampla.
  • Bliain amháin, nochtadh leac ar uaigh Bhreandáin Ui Bheacháin i Reilig Ghlasnaíon. Ba chainteoir Gaeilge díograiseach é an Beachánach agus scríobh sé roinnt dá shaothar i nGaeilge i dtús ama..
  • Bliain eile, eagraíodh mórchomórtas Earraí Gaelacha trí Ghaeilge i measc siopaí lár Chathair Átha Cliath, i gcomhair leis an gComhairle Ghael-earraí. I measc na mbuaiteoirí bhí Clery's agus Brown Thomas.
  • San am atá thart, taispeántais sa Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus sa Ghailearaí Náisiúnta le téamaí Gaeilge.
  • Chuir na meáin chumarsáide béim bhreise as an nua ar thábhacht na Gaeilge le haltanna i nGaeilge, i mBéarla faoin nGaeilge agus eagarfhocail ag tacú leis an nGaeilge agus le Seachtain na Gaeilge. In RTÉ d'eagraigh Trom agus Éadrom cláracha ar leith faoi Sheachtain na Gaeilge agus chuir go leor cláracha Béarla béim bhreise ar an nGaeilge.
  • Seoladh an iliomad ceirníní agus leabhair Gaeilge.

Raidió[athraigh | athraigh vicithéacs]

Gach SnaG bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar an gcóras FM i gcathracha éagsúla ar fud na tíre. De gnáth is féidir le éinne cluas a chur leis an stáisiún ar an idirlíon ag rrr.ie.

Rith[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bíonn an céad Rith ann i mbliana (www.rith.ie). Is é an rud atá i gceist le rith ná go mbeidh daoine i chuile cheantar ag spreagadh na Gaeilge agus iad ag rith.

Ceol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Eisíonn an eagraíocht dlúthdhiosca ceoil gach bliain in am don fhéile, mar atá Ceol '09, Ceol '08, Ceol '07, Ceol '06 agus SnaG '05. Bíonn amhránaí Éireannacha agus popamhránaithe ar na dhlúthdhioscaí seo, mar shampla Léimigí Thart le Des Bishop, Cailín na Gaillimhe le Mundy agus Grá dom Leonadh le The Swell Season.

Ceol '16 le hEoghan Mac Diarmuda ar fáil ar líne (ar cnag.ie). Tá 'Ag Smaoineamh Os Ard le hEd Sheeran ar an dhlúthdíosca seo, chomh maithe le hamhráin ó The Coronas, Kodaline, The Delorentos, HamsandwicH srl.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1903 agus athbhunaíodh é sa chaoi ina bhfuil sé faoi láthair in 1977.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]