Boston, Massachusetts
Bostún Boston | |
![]() | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Stát | Massachusetts |
Méara | Marty Walsh (D) |
Déimeagrafaic | |
Achar | 232.1 km² |
Daonra | 590,763 (2006) |
Dlús daonra | 4,815/km² |
Crios ama | EST (UTC-5) |
www.cityofboston.gov |
Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Bostún (Béarla: Boston). Is í príomhchathair Stát Massachusetts í agus is í an chathair is mó sa stát í freisin; is í freisin príomhchathair neamhoifigiúil an réigiúin Sasana Nua í.
Tá Bostún ar cheann de na cathracha is sine agus is saibhre sa tír. Chomh maith leis sin, is áit thábhachtach í freisin i gcúrsaí cultúrtha agus staire. Bhí Bostún i lár an aonaigh ó thaobh chuid mhaith dena mhór-eachtraí i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá - an Sléacht i mBostún, Cóisir Tae Bhostúin, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin.
Tá an chathair suite i lár an réigiúin Mórcheantar Bhostúin (Greater Boston), i measc na gcathracha eile Cambridge, Brookline, Quincy agus Newton. I mBéarla, tugtar an t-ainm Bostonians ar na daoine atá ina gcónaí san áit seo.
Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Imríonn an fhoireann phroifisiúnta cispheile Boston Celtics agus an fhoireann phroifisiúnta daorchluiche na Red Sox i mBostún.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]