Bostún, Massachusetts
- Baineann an t-alt seo leis an gcathair Mheiriceánach. Má tá suim agat sa mbaile in Lincolnshire, Sasana, féach Boston, Lincolnshire.
Is cathair i Stáit Aontaithe Mheiriceá í Bostún (Béarla: Boston). Is í príomhchathair Stát Massachusetts í agus is í an chathair is mó sa stát í freisin; is í freisin príomhchathair neamhoifigiúil an réigiúin Sasana Nua í.[1]
Tá Bostún ar cheann de na cathracha is sine agus is saibhre sa tír. Chomh maith leis sin, is áit thábhachtach í freisin i gcúrsaí cultúrtha agus staire. Bhí Bostún i lár an aonaigh ó thaobh chuid mhaith de na móreachtraí i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá - an Sléacht i mBostún, Cóisir Tae Bhostúin, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin.
Tá an chathair suite i lár an réigiúin Mórcheantar Bhostúin (Greater Boston), i measc na gcathracha eile Cambridge, Brookline, Quincy agus Newton. I mBéarla, tugtar an t-ainm Bostonians ar na daoine atá ina gcónaí san áit seo.

Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imríonn an fhoireann phroifisiúnta cispheile Boston Celtics agus an fhoireann phroifisiúnta daorchluiche na Red Sox i mBostún.

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Máirtín Ó Catháin (27 Lúnasa 2025). "Baol ann go ruaigfear Éireannaigh as Boston" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-31.
| Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
