New Bedford, Massachusetts
New Bedford, Massachusetts | |||||
---|---|---|---|---|---|
New Bedford (en) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Massachusetts | ||||
County of Massachusetts (en) | Contae Bristol | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 101,079 (2020) | ||||
• Dlús | 1,617.28 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 39,059 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Massachusetts House of Representatives' 9th Bristol district (en) Massachusetts House of Representatives' 13th Bristol district (en) Massachusetts House of Representatives' 11th Bristol district (en) Massachusetts House of Representatives' 10th Bristol district (en) Massachusetts Senate's Second Bristol and Plymouth district (en) | ||||
Achar dromchla | 62.49944 km² | ||||
• Uisce | 17.134 % | ||||
Airde | 15 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1640 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara New Bedford, Massachusetts | Jonathan F. Mitchell | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | newbedford-ma.gov |
Is cathair de chuid stát Massachusetts, Stáit Aontaithe Mheiriceá, í New Bedford. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, tá 95,115 duine ina gcónaí sa chathair. Tá New Bedford suite i gContae Bristol. Tá Jonathan F. Mitchell ina mhéara.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Indiaigh den phobal Whampanoag a bhí ina chónaí nuair a tháinig na chéad Eorpaigh go dtí an áit ina bhfuil New Bedford inniu. Chuir siad fúthu sa bhliain 1640 i ndiaidh dóibhsean agus do na hIndiaigh conradh a shíniú. Níl sé soiléir ar thuig an dá dhrong téarmaí an chonartha ar an bhealach céanna. Ní bhíodh úinéireacht talaimh mar nós ag na Whampanoag agus b'fhéidir nach raibh i gceist leosan ach úsáid an talaimh a ghéilleadh ar feadh tréimhse. D'fhan na hEorpaigh, pé ar bith scéal é, agus bhain Bedford Village stádas amach mar bhaile mór sa bhliain 1787 faoin ainm New Bedford.
Sasanaigh, Albanaigh, agus Breatnaigh a lonnaigh i New Bedford ar dtús. D'éirigh an baile tábhachtach dóibh siúd a bhí páirteach i seilg na míolta móra. Chuaigh roinnt mhaith Éireannach a chónaí ann ag tosnú go luath san 19ú haois; ansin chuaigh na Portaingéalaigh agus frainciseoirí ó Cheanada, a bparóiste Caitliceach féin ag gach dream acu. D'fhás pobal gorm agus pobal beag Giúdach ann freisin. Inniu tá an pobal Portaingéalach is mó sna Stáit Aontaithe san limistéir ina bhfuil New Bedford agus na bailte máguaird.
Comhchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Barrow, Alasca
- Funchal, Madeira
- Horta, Azores
- Mindelo, Rinn Verde
- Tosashimizu, An tSeapáin
- Figueira da Foz, An Phortaingéil
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- www.newbedford-ma.gov - Suíomh idirlín oifigiúil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |