Jump to content

Míol mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMíol mór
Cetacea Cuir in eagar ar Wikidata

Tréimhse ama
Sonraí
Príomhfhoinse bia
Is foinse é an tacsón seo deola an mhíl mhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gnáthóglimistéar uisce Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
Infrea-ordCetacea Cuir in eagar ar Wikidata
Brisson, 1762

Mamach ollmhór a mhaireann san fharraige, a análaíonn trí pholl séidte atá ar bharr a chloiginn, is ea míol mór (san infrea-ord Cetacea).[1] Is mamaigh iad a mhaireann i ngach aigéan ar Domhan cé gurbh ainmhithe talaimh iad a sinsir. Tá cineálacha éagsúla ann, orthu sin an míol gorm, an t-ainmhí is mó dár mhair ariamh.

Físeán: míol mór dronnach ag canadh
Físeán: fairtheoireacht míolta móra san Afraic Theas
Físeán: cráin dhubh (orca) ag léim / aicsean moillithe
  • D'fhorás an míol mór ó mhamaigh cheathairchosacha talún. Caitheann sé a bheatha iomlán san uisce.
  • Cosúil le héisc i gcruth, ach a eití eireabaill cothrománach in ionad a bheith ceartingearach. Análaíonn sé trí oscailt(í) i mbarr a chinn.
  • Tá ciseal inslithe blonaige olúla díreach faoin gcraiceann.
  • Á seilg go hiomarcach le fada.[2]

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhá ghrúpa ann:

  • na míolta móra fiaclacha (ina measc seo an grampar, an chaisealóid, an deilf, agus an mhuc mhara) a itheann éisc is scuideanna, a aimsíonn a gcreach le sonóir, is a bhfuil oscailt amháin anála acu; agus
  • na míolta móra míolchnámhacha (nó bailíneach) (ina measc na rorcuail, na míolta móra liatha, na fíormhíolta móra) a chriathraíonn an planctón as an bhfarraige le moilchnárnh ina mbéal, is a bhfuil dhá oscailt análaithe acu.[2]

grúpa tacsanomaíochta iad; is iad na deilfeanna agus na muca mara na baill eile de Cetacea.

Speicis Roghnaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "míol mór - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for míol mór by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-01-08.
  2. 1 2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).