Sclábhaíocht
Is córas oibre éigeantais í an sclábhaíocht nó an tráilleacht . Bíonn ar na sclábhaithe obair a dhéanamh dá n-úinéirí gan mórán pá, nó pá ar bith.
Ar feadh trí chéad bliain go leith, rinne muintir na hEorpa creach ar mhuintir na hAfraice agus thugadar iad go dtí an taobh eile den Atlantach ina sclábhaithe[1].
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1535,thosaigh na Spáinnigh a thabhairt sclábhaí isteach ón Afraic, idir 500,000 agus 1 mhilliún duine san iomlán i Veracruz (Meicsiceo). D'éirigh na sclábhaí amach arís agus aríst eile. An rud is annamh is aisteach, agus cuireadh an sclábhaíocht ar ceal sa bhliain 1570 i mbaile beag, in Veracruz i Meicsiceo, faoi stiúir Gaspar Yanga. B'shin an chéad áit ar an domhan ina rinneadh amhlaidh.[2]
1770idí sna Stáit Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 14 Aibreán 1775 i bhFilideilfia,, bunaíodh an Society for the Relief of Free Negroes Unlawfully Held in Bondage. nó mar atá aithne air inniu, an Pennsylvania Abolition Society.[3] Seo an chéad ghrúpa a bhí i mbun feachtais ar son chealú na sclábhaíochta ar fud na gcríocha as a ndearnadh Stáit Aontaithe Mheiriceá ina dhiaidh sin.[4]
1790idí, réabhlóid na Fraince agus Haiti
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh na Spáinnigh sásta leis na bundúchasaigh mar lucht oibre i Haiti, agus chomh luath leis an mbliain 1517, thosaigh siad ag tabhairt isteach sclábhaithe ón Afraic. D'éalaigh cuid mhór Afracánach uathu, áfach, agus fuair siad dídean ag na bundúchasaigh dheireanacha. Mar sin, meascadh an dá chine seo trí chéile, agus is as an meascán sin a fáisceadh formhór mór mhuintir na hEaspainneola atá ann inniu. Sa 18ú haois, bhí siúcra agus tobac á saothrú sa choilíneacht seo, agus an eacnamaíocht bunaithe ar an sclábhaíocht: na mílte sclábhaithe Afracacha ag obair ar mhaithe le daonra beag Francach.
Saoirse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 4 Feabhra 1794, chuir Poblacht na Fraince an sclábhaíocht ar ceal.
Nuair a thosaigh an réabhlóid san Fhrainc, d'éirigh na sclábhaithe i Saint-Domingue míshuaimhneach freisin, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar na Francaigh. Sa bhliain 1792, chuir rialtas na Fraince fórsa sluaíochta go Saint-Domingue leis an tsíocháin a chur ar bun ansin arís.
Ansin, tháinig Toussaint d'Ouverture chun tosaigh. Iar-sclábhaí a bhí ann a chuir arm dá chuid féin i dtoll le chéile, agus d'éirigh leis ruaigeadh a chur ar an líon eachtrannach a bhí ann.
Indiacha Thiar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla Éirí Amach Bussa i mBarbadós ar 14–16 Aibreán 1816. Chuir an réabhlóid seo tús le sraith reibiliún mór de chuid na sclábhaithe sna hIndiacha Thiar in imeacht na gcúig bliana déag ina dhiaidh sin.[5] Bhrostaigh na himeachtaí seo cealú na sclábhaíochta ar fud Impireacht na Breataine trí an Acht um Chealú na Sclábhaíochta, 1833.[6]
Learpholl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í Learpholl an calafort sclábhaíochta ba mhó san Eoraip ón mbliain 1750 ar aghaidh. D'fhás an trádáil leis na hIndiacha Thiar agus rinneadh brabús mór as an sclábhaíocht sa 18ú haois. D'fhás an chathair go mór ar an trádáil triantánach: airm, slabhraí, earraí cadáis á n-easpórtáil chun na hAfraice, sclábhaithe á dtabhairt go Meiriceá Thuaidh agus Láir, agus cadás, tobac agus siúcra á n-iompórtáil ó na coilínigh. Faoi thús an 19ú haois, bhí 40% de thrádáil an domhain ag dul trí Learpholl.
Ar an 1 Lúnasa 1833, chuir an Bhreatain deireadh le sclábhaíocht.
Suranam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chealaigh an Ísiltír an sclábhaíocht i Suranam i 1863, ach níor scaoileadh na sclábhaithe saor go hiomlán go dtí 1873, tar éis tréimhse éigeantach deich mbliana ina raibh orthu oibriú ar phá suarach agus gan ghnáthsmacht stáit. A luaithe a bhain siad saoirse iomlán amach thréig an chuid is mó acu na plandálacha agus thug a n-aghaidh ar chathair Paramaribo. Bhí gá le hoibrithe fós agus tugadh isteach ar conradh iad ó na hIndiacha Thoir Ollannacha (an Indinéis) agus ón India (de bharr socrú a rinneadh leis n mBreatain). Ina theannta sin, tugadh roinnt bheag oibrithe isteach i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois ón tSín agus ón Meánoirthear.
Cartúm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cartúm (an tSúdáin san Afraic): Ionad sclábhaíochta a bhí ann sa 19ú haois. Thosaigh an arm na himpireachta ag gabháil sclábhaithe sa deisceart le húsáid mar shaighdiúirí, nó le hiad a dhíol. Tógadh na sclábhaithe ón deisceart, an tSúdáin Theas srl. Faoi bhrú na 'cumhachtaí móra', rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht seo a chosc sna 1840idí. I ndeireadh na dála, d'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais faoi cheannas Muhammed Ahmed,
Brasaíl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 14 Bealtaine 1888, chuir an Lei Áurea an sclábhaíocht ar ceal sa Bhrasaíl, an tír dheireanach a tharla sin i measc na n-áiteanna ar tugadh isteach iontu í mar gheall ar an trádáil thrasatlantach sclábhaithe.[7]
An trádáil thrasatlantach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig meath ar an sclábhaíocht san Eoraip, ach thosaigh na hEorpaigh ar sclábhaithe a thabhairt ón Afraic thar an Atlantach. Bhí an trádáil sclábhaithe seo faoi lán seoil ón 17ú haois go dtí an 19ú haois. Na príomhthíortha a bhí páirteach ann ná
- An Phortaingéil (10,500,000 sclábhaí)
- An Ríocht Aontaithe 8,500,000
- An Spáinn 4,000,000
- An Fhrainc 2,000,000
- SAM 2,000,000
- An Ísiltír 1,000,000
- Stáit na Gearmáine 500,000
- An Danmhairg 500,000
- An Bhreasail 500,000
- Eile 500.000
Cealú na sclábhaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ar an 18 Nollaig 1865, cuireadh deireadh le sclábhaíocht i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Sclábhaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceannaí sclábhaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Seán Mistéal. Chreid sé gur rud riachtanach í sclábhaíocht agus chosain sé cearta na stát sclábhaíocht a roghnú nó a mhalairt.
Sna seansibhialtachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann stair na sclábhaíochta siar go tús stair an chine dhaonna. Bhí sclábhaithe ann i seansibhialtachtaí na cianaimsire mar shampla an tSean-Éigipt, an tSean-Ghréig agus Impireacht na Róimhe.
An sclábhaíocht sa lá atá inniu ann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go bhfuil go leor daoine ag obair mar sclábhaithe fós, i dtíortha áirithe san Afraic go mór mhór.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Trádáil sclábhaithe Bharbarach
- Trádáil sclábhaithe Arabach
- Ré Órga na bhFoghlaithe Mara
- Pennsylvania Abolition Society
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sclábhaíocht na bpáistí
- antislavery.org Curtha i gcartlann 2014-05-12 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Alex Hijmans, 14 Samhain 2015 http://tuairisc.ie/doirteadh-daoine-na-hafraice/
- ↑ "Gaspar Yanga and Blacks in Mexico: 1570 African Slave Revolt in Veracruz" (en). Dáta rochtana: 2022-04-13.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "Pennsylvania Abolition Society". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ http://explorepahistory.com/.+"Pennsylvania Abolition Society Historical Marker". explorepahistory.com. Dáta rochtana: 2021-04-15.
- ↑ The National Library of Jamaica / nlj.gov.jm. "The Emancipation Wars". Dáta rochtana: 2021.[nasc briste go buan]
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Éirí Amach Bussa". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Brasail". Dáta rochtana: 2021.