Seán Mistéal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Mistéal
John Mitchel (Young Ireland).JPG
Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Feabhra 16, 1875 - Feabhra 18, 1875
Dúiche: Tiobraid Árann
Toghchán: February 1875 Tipperary by-election (en) Aistrigh
Ball den 21ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Márta 11, 1875 - Márta 20, 1875
Dúiche: Tiobraid Árann
Toghchán: March 1875 Tipperary by-election (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Contae Dhoire, 3 Samhain 1815
Náisiúntacht Éire
Bás Iúr Cinn Trá, 20 Márta 1875
Muintir
Céile/Céilí Jane Mitchel (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Ghlaschú
Teangacha an Béarla
Gairm
Gairm iriseoir, polaiteoir agus saighdiúir
Áit oibre Londain
Cleamhnú
Reiligiúin Preispitéireachas

Bhí Seán Mistéal (Béarla: John Mitchel); 3 Samhain, 1815 - 20 Márta, 1875) ina náisiúnaí gníomhaíoch Éireannach, aturnae, agus iriseoir polaitiúla. Beirthe i gCamnish, in aice le Dún Geimhin, Contae Dhoire, Éire bheadh sé ina chomhalta tosaigh sna heagraíochtaí Éire Óg (Young Ireland sa Bhéarla) agus an Chónaidhm Éireannach (Béarla: The Irish Confederation). Bhí sé le bheith ina ghuth poiblí do dhearcadh Thaobh na Cónaidhme, sna 1850í agus 1860í. Chreid sé gur rud riachtanach í sclábhaíocht agus chosain sé cearta na stát sclábhaíocht a roghnú nó a mhalairt. Toghadh mar fheisire é do Theach na gComóntach, Westminster, Sasana; ach é a bheith dícháilithe de bharr gur ciontaíodh mar fheileon é. Tá a dhialann, an 'Jail Journal', ar cheann de na téacsanna is cáiliúla don phobal náisiúnach.

Uaigh an Mhistéalaigh, Reilig na Úinitéirigh, An tSráid Ard, Iúr Cinn Trá, Contae an Dúin

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair athair Sheáin, sé sin John Mitchel a chuid oideachais go príomha ag Ollscoil Ghlaschú, d'iontráil sé ministreacht na hEaglaise Phreispitéirí go luath mar mhinistir. Thug William Dillon, beathaisnéisí Mhitchel le fios dúinn go "faoi na bliana 1810, cuireadh é i gceannas ar séipéal in aice le Dún Geimhin, contae Dhoire. " Is anseo a bhuail sé agus a phós sé Mary Haslett. Sa bhliain 1819, glaodh air dul chuig Doire, áit ar fhan sé le roinnt ceithre bliana, go dtí gur bhfuair sé "glaoch" dul go dtí IúrArd Mhacha. Ghlac sé leis an glaoch chun an Iúir, agus d'fhan sé ann, agus ba mheas ag ranganna uilig na háite air go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1840. Tar éis bás a fir céile, thaisteal a bhean Mary Haslett go min minic. Sa bhliain 1853, nuair a d'éalaigh a mac, a bhí ar deoraíocht sa Tasmáin , agus a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe, chuaigh sí ann freisin, lena mac agus beirt iníonacha , chun fáilte a chuir roimhe. Chónaigh sí i Meiriceá feadh roinnt blianta agus ansin aththrasnaigh sí an tAtlantach, agus chuaigh chun cónaí i Londain í. As sin d'fhill sí ar ais chuig an Iúir, áit ar fhan sí go dtí go bhfuair sí bás sa bhliain 1865.

Sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éalaigh Mitchel, le cúnamh ó Patrick James Smyth, ó Chríoch Van Diemen sa bhliain 1853 agus rinne sé a bhealach (trí Taihítí, San Francisco, Nicearagua agus Cúba) go Cathair Nua-Eabhrac. Is ann, i mí Eanáir 1854, a thosaigh sé ag foilsiú an Irish Citizen, ach níor mhair sé 'fáilte an laoich' a bhí faighte aige ar dtús. Bhí a chosaint ar an sclábhaíocht i stáit an deiscirt "the subject of much surprise and general rebuke", fad a chothaigha a thacaíocht do réabhlóid Eorpach coimhthíos idir é féin agus Ordlathas na hEaglaise Caitlicí.

Ar son na Sclábhaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sé sna Stáit Aontaithe, ní raibh aon leisce ar Mhistéal an t-éileamh a dhéanamh arís gur "an innately inferior people" a bhí sna daoine gorma. Sa dara heagrán, den Irish Citizen, dhearbhaigh sé nach coir í "or even a peccadillo to hold slaves, to buy slaves, to keep slaves to their work by flogging or other needful correction", agus go mb’fhéidir gur mhian leis féin "a good plantation well-stocked with healthy negroes in Alabama".[1][2] Subject to widely-circulated broadsides from the abolitionist Henry Ward Beecher[3] Ag éirí as na mórbhileoga forleathana ón chealaitheoir Henry Ward Beecher agus ón deoraí phoblachtach Fhrancach Alexandre Holinski,[4] spreag na ráitis fearg an phobail. I mBaile Átha Cliath, thionóil an Chónaidhm Éireannach cruinniú éigeandála chun agóid a dhéanamh ar thuarascálacha sna nuachtáin Mheiriceánaigh agus na Breataine a "erroneously attributed" barúlacha an Mhiséalaigh ar son na sclábhaíochtal" "to the Young Ireland party".[5][6]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Great Dan, Charles Chevenix Trench, Jonathan Cape Ltd, (London 1984), p. 274.
  2. Kennedy, 2016, lch. 215.
  3. "Image 2 of Frederick Douglass' paper (Rochester, N.Y.), January 27, 1854".
  4. "Alexandre Holinski. A Letter to John Mitchel, The Liberator, 3 February 1854" (en).
  5. , 25 February 1854 Unknown parameter |teideal= ignored (help); Missing or empty |title= (help)
  6. "John Mitchel. White Supremacist" (en).