Nicearagua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNicearagua
República de Nicaragua (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Old Cathedral of Managua (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnSalve a ti Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Ymddiriedwn yn Nuw»
«Unica. Original!» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósNicarao Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 13°N 85°W / 13°N 85°W / 13; -85

PríomhchathairManagua Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,142,098 (2005) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús39.44 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Laidineach
Meiriceá Láir
Meiriceá Easpáinneach Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla130,375 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCerro Mogotón (en) Aistrigh (2,107 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chairib (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síState of Nicaragua (en) Aistrigh agus Mosquito Coast (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1821
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Nicearagua Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Náisiúnta Nicearagua Cuir in eagar ar Wikidata
• Revolucionario Nicaragüense (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDaniel Ortega (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Revolucionario Nicaragüense (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataDaniel Ortega Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil14,145,852,101 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraNicaraguan córdoba (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ni Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+505 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála118, 128, 115 agus 120 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreNI Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvisitnicaragua.us Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír i Meiriceá Láir í Poblacht Nicearagua (as Spáinnis: República de Nicaragua) a bhfuil teorainneacha aici le Hondúras ó thuaidh agus Cósta Ríce ó dheas.

Tá cósta an iarthair ar an Aigéan Ciúin agus cósta an oirthir ar an Mhuir Chairib. Is í Managua an príomhchathair.

Is í an tír is mó i Meiriceá Láir í Nicearagua ó thaobh na fairsinge de cé nach bhfuil an daonra níos mó ná na tíortha eile sa réigiún.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ranna (príomhbhailte):
1 Boaco (Boaco)
2 Carazo (Jinotepe)
3 Chinandega (Chinandega)
4 Juigalpa (Chontales)
5 Estelí (Estelí)
6 Granada (Granada)
7 Jinotega (Jinotega)
8 León (León)
9 Madriz (Somoto)
10 Managua (Managua)
11 Masaya (Masaya)
12 Matagalpa (Matagalpa)
13 Nueva Segovia (Ocotal)
14 Rivas (Rivas)
15 Río San Juan (San Carlos)
Réigiúin Uathrialacha
16 Región Autónoma del Atlántico Norte, RAAN (Bilwi)
17 Región Autónoma del Atlántico Sur, RAAS (Bluefields)

Tá achar 129,494 km² ag Nicearagua agus tá an tír ar chomhéid leis an Ghréig. Tá dhá loch móra i Nicearagua, Loch Nicearagua, an ceann is mó, agus Loch Mhanagua.

Tá Managua, an phríomhchathair, ina bhfuil timpeall 27% den daonra ina gcónaí, suite ar bhruacha loch Mhanagua. Tá trí réigiún difriúla i Nicearagua - ísealchríocha an Aigéin Chiúin, sléibhte an lár-thuaiscirt agus na hÍsealchríocha Atlantacha.

Tá roinnt bolcáin lonnaithe in iarthar na tíre, mar shampla Mombacho díreach taobh amuigh de Granada agus Momotombo gar do León.

Tá an dara foraois bháistí is mó i Meiriceá sa cheantar Atlantach. Níl mórán daoine ina gcónaí ann agus tá an cósta níos gairbhe ná cósta an Aigéin Chiúin.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil leis an gcuid eile den réigiún, ba choilíneacht Spáinneach í go dtí gur baineadh a neamhspleáchas amach i 1850. Mar thoradh ar sin, is í an Spáinnis an teanga oifigiúil cé go labhraítear teangacha eile ar chósta na Cairibe, an Béarla ina measc.

Timpeall Bluefields cloistear níos mó Béarla ná Spáinnis, mar gheall ar stair an cheantair sin mar choilíneacht Sasanach, agus tá an ceantar níos cosúla le tíortha na Cairibe ná an chuid eile de Nicearagua.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg Nicearagua a hainm ó cheannaire treibhe, Nicaroa, a bhí ina chónaí ar bhruacha Loch Mhanagua nuair a tháinig na chéad ionróirí Spáinneacha sna 1520í. Chuir na Spáinnigh an t-ainm sin le chéile leis an bhfocal agua nó uisce, mar gheall ar na locha móra sna críocha sin. Chuir an conquistador Francisco Hernández de Córdoba tús le dhá lonnaíocht, Granada ar Loch Nicearagua agus León taobh thoir de Loch Mhanagua, i 1524. Ba chuid de ríocht Ghuatamala faoi choróin na Spáinne na bailte sin. Tógadh isteach in Impireacht Mheicsiceo an tír roimh neamhspleáchas a bhaint amach mar chuid de Phoblacht Chónaidhmeach Mheiriceá Láir i 1821. Bhain an tír staid amach mar phoblacht i 1838 le briseadh na Cónaidhme. Bhí an tír scoilte idir lucht liobrálach i León agus lucht coimeádach i nGranada. Pléascadh cogaí cathartha amach uaireanta eatarthu mar gheall ar an teannas a bhí ann. Le linn an 19ú haois d'éirigh go maith leis an dtír agus tháinig inimircigh Eorpacha nua ón Ghearmáin is ón Iodáil.

Somoza[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nicearagua faoi réim chlann amháin don chuid is mó den 20ú haois, an chlann Somoza. Tháinig Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe i dtír i 1909 chun an t-uachtarán Zelaya a ruaigeadh. Bhunaigh SAM an Garda Náisiúnta i 1927 faoi chomhaontú a dhearbhaigh siad chun deireadh a chur leis an iliomad arm beaga a bhí sa tír. Chuir ginearál amháin i gcoinne an chomhaontaithe sin, Augusto César Sandino, agus rinne sé ionsaithe óna chríocha sna sléibhte i dtuaisceart na tíre ó 1927 go 1933, nuair a d'fhág na Muirshaighdiúirí an tír. Tháinig Anastasio Somoza García chun cinn i bpolaitíocht na tíre. Mharaigh lucht Shomoza Sandino tar éis cuireadh a thabhairt dó teacht chun cainte leis i 1934. Thóg Somoza an uachtaránacht i 1936. Dúnmharaíodh é i 1956. Tháinig a mhic i gcomharba air, Luis Somoza Debayle a fuair bás i 1967 agus Anastasio Somoza Debayle.

Na bolcáin

Tar éis an éirí amach i gCúba ag deireadh na 1950í, bhí na fórsaí frith-Shomoza go mór faoi thionchar na réabhlóide sin. Bhunaigh siad eagraíocht faoin ainm Frente Sandinista de Liberación Nacional (FSLN) agus Sandinistas a tugadh orthu. Bhí ceannfort na heagraíochta lonnaithe i gCósta Ríce.

Rinne Somoza iarracht iad a chur faoi chois, le cabhair ó SAM, ach faoi dheireadh bhí air olltoghchán a eagrú i 1963, cé gur lean an deachtóireacht ar aghaidh.

Bhuail crith talún cathair Mhanagua ar 23 Nollaig 1972. D'fhág thart faoi 4-11,000 marbh[1].

Fuair an tír cúnamh idirnáisiúnta a chuir Somoza agus a chomhghleacaithe ina bpócaí féin, in ionad an chathair a atógáil. D'iompaigh meánaicme na tíre i gcoinne Somoza ina dhiaidh sin.

Saindinistigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir na Saindinistigh deireadh le réimeas mhuintir Somoza i mí Iúil 1979 lena réabhlóid agus tháinig Daniel Ortega chun cumhachta.

An talamh

Chuir rialtas Ronald Reagan cosc iomlán trádála i bhfeidhm agus thosaigh siad aire míleata a thabhairt do shean-arm Shomoza, ar a tugadh na Contras nó Contraigh (ciallaíonn contra i gcoinne nó frith i Spáinnis). Rinne an choimhlint is an cosc trádála damáiste ollmhór don gheilleagar agus ní raibh na Saindinistigh in ann páirteanna breise a fháil do stáisiúin leictreachas agus a leithéid. Tháinig an cairdinéal Obando y Bravo amach mar phríomhphearsa an fhreasúra le linn na 1980í. Thug sé cuairteanna ar Mhiami, ceanncheathrú na gContrach, mar idirghabhálaí idir na Saindinistigh is na Contraigh.

Na cúige

Bhuaigh Violeta Chamorro, baintreach an eagarthóra nuachtáin frith-Somoza Pedro Joaquín Chamorro a dúnmharaíodh in Eanáir 1978, an toghchán uachtaránachta mí Feabhra 1990 mar cheannaire ar chomhghuaillíocht frith-Shaindinisteach. Chuir rialtas George Bush, a tháinig mar chomharba ar Reagan, deireadh leis an gcosc trádála láithreach. Tháinig iar-mhéara Mhanagua, Arnoldo Alemán, i gcomharba ar Chamorro i 1996.

Bhuaigh Enrique Bolaños an t-olltoghchán i gcoinne Ortega i 2001.

Bhain Daniel Ortega an uachtaránacht amach don tríú huair ar 5 Samhain 2006.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is poblacht í Nicearagua faoi chóras uachtaránachta.

Miss Nicaragua 2013

Ó thaobh an riaracháin de, tá an tír eagraithe i gcúig roinn déag (departamentos) agus dhá réigiún uathrialacha, de réir shamhail na Spáinne, Región Autónoma del Atlántico Norte agus Región Autónoma del Atlántico Sur, ar a dtugtar RAAN agus RAAS.

Roimh 1985 ní raibh ach aon réigiún ann, Zelaya.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

daonra Nicearagua an-óg le timpeall 40% faoi ocht mbliana déag d'aois. Is mestizos iad an chuid is mó dóibh. Tá iarthar na tíre go mór faoi thionchar chultúr na Spáinne ós rud é gur choilíneacht Spáinneach a bhí ann agus tá na búndúchasaigh a bhí ann roimh theacht na n-ionróirí measctha leis an bpobal Latino don chuid is mó.

Ardeaglais Granada

Ba choimirceas Briotanach é oirthear na tíre agus tá an Béarla á labhairt ann fós. Tá daoine ó bhunú Afracach ann freisin, lena gceol damhsa féin, an Palo de mayo.

Tá cáil ar fhilíocht Nicearagua i measc na tíortha ina labhraítear Spáinnis agus is ceann de na filí is mó aithne é Darío Rubén.

Is é an baseball cluiche náisiúnta Nicearagua, toradh ar thionchar SAM.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dialann ó Nicearagua le Peadar Kirby, An Clóchomhar Tta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1.  USGS (September 4, 2009), PAGER-CAT Earthquake Catalog, Version 2008_06.1, United States Geological Survey