An Cholóim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República de Colombia
Bratach An Cholóime Armas An Cholóime
Bratach Armas
Mana: Libertad y Orden
Amhrán náisiúnta: ¡Oh, Gloria Inmarcesible!
Suíomh An Cholóime
Príomhchathair Bogotá
4°39′ Thuaidh 74°3′ Thoir
An chathair is mó Bogotá
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Rialtas Poblacht
Juan Manuel Santos
Angelino Garzón
Neamhspleáchas
-
-
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,141,748 km² (26ú)
8.8
Daonra
 • Meas. ó 2017
 • Daonáireamh 2005
 • Dlús
 
49,210,124 (126ú)
42,090,502
40.7/km² (161ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
US$ 337.286 billiún (29ú)
US$ 7,565 (81ú)
Airgeadra Peso (COP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
-5 (UTC)
(UTC)
Fearann Idirlín .co
Glaochód +57

Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.

Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaotar FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foiréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh[1].

Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.

2002-2010[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile[2]. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránach a bhuaigh Uribe.

Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.

2010[athraigh | athraigh vicithéacs]

I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.

2016[athraigh | athraigh vicithéacs]

Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.

2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaithe an FARC[3]. Móramh beag a bhí i gceist.

IRA[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.

Ranna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Na 32 Roinn (Departamentos) maille leis an gCeantar Feidearálach (Distrito Federal) sa Cholóim

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Nuacht RTÉ
  2. Cruachás na Colóime, Irish TImes, 16 Meitheamh 2009
  3. Nuacht RTÉ


Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala