Cúba
| República de Cuba (es) | |||||
|
|||||
Santa Clara | |||||
| Aintiún | La Bayamesa | ||||
| Mana | «¡Patria o Muerte, Venceremos!» «Homeland or Death, we shall overcome!» «Родина или смърт, ние ще победим!» «Fe Orchfygwn Angau neu Famwlad» «Autentica Cuba» | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | La Habana | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 10,985,974 (2023) | ||||
| • Dlús | 99.98 hab./km² | ||||
| Déamainm | Cúbach | ||||
| Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Meiriceá Laidineach | ||||
| Achar dromchla | 109,884 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Chairib agus Murascaill Mheicsiceo | ||||
| Pointe is airde | Pico Turquino (en) | ||||
| Pointe is ísle | Muir Chairib (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Poblacht Chúba | ||||
| Cruthú | 10 Nollaig 1898 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | stát aonadach | ||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Council of Ministers (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | National Assembly of People's Power (en) | ||||
| • Uachtarán CHúba | Fidel Castro (1976–2008) | ||||
| • Príomh-Aire Chúba | Manuel Marrero Cruz (2019–) | ||||
| Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach Chúba | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| Airgeadra | peso Chúba | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .cu | ||||
| Glaochód | +53 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 106, 104 agus 105 | ||||
| Cód tíre | CU | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | cuba.cu | ||||
Tír is ea Poblacht Chúba atá suite i Muir Chairib. Is cuid den tír iad an t-oileán Cúba féin, Isla de la Juventud agus go leor oileán beag eile thart timpeall. Is é oileán Chúba an t-oileán is mó i Muir Chairib.
Bhí Fidel Castro i gceannas na tíre ó d'éirigh lena réabhlóid chumannach i gcoinne rialtas Fulgencio Batista i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air ar an 24 Feabhra 2008.






Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh na Spáinnigh coilíneacht ar an oileán sa 16ú haois. Níor bhain Cúba a neamhspleáchas amach go dtí 1902, ceithre bliana i ndiaidh an cogadh idir an Spáinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba bhlianta casta iad tús an 20ú haois le rialtais nár mhair i bhfad agus cur isteach an airm sa pholaitíocht.
Deachtóireacht Batista 1952-1958
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír mar dheachtóir i 1952. Cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas.
Theith Batista ón oileán ar an 31 Nollaig 1958.
Réabhlóid, 1959
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe (Che Guevara san áireamh) feachtas míleata in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956. Ghlac siad seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.
Bahía de Cochinos, 1961
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig teannas sa chaidreamh idir Cúba agus a chomharsa SAM nuair a náisiúnaigh an rialtas nua gnóthaí SAM go léir sa tír agus d'fhógair siad a gcairdeas leis an t-Aontas Sóivéadach (APSS). Chuir SAM smachtbhannaí i bhfeidhm go gairid ina dhiaidh is thacaigh an t-uachtarán John F. Kennedy le iarracht an rialtas cumannach a ruaigeadh le hionradh Bahía de Cochinos ar 15 Aibreán 1961.
Géarchéim 1962
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ardaíodh an teannas arís idir Dheireadh Fómhair agus Samhain 1962 nuair a tháinig SAM ar fhianaise go raibh na Cúbaigh ag tógáil aonad do dhiúracáin núicléacha ar an oileán, le cabhair ón Aontas Sóivéadach. Ba bhuaicphointe an Chogaidh Fhuaire é an eachtra seo.
Sa deireadh rinne SAM agus APSS margadh agus thóg na Rúisigh na diúracáin ón oileán le gealltanas ó rialtas SAM nach ndéanfadh siad iarracht eile an t-oileán a ionradh.
2000idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deartháir Fidel Castro, Raúl, mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.
2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh 2026, bhí Cúba ag brath ar sholáthairtí breosla ó Veiniséala.
Chuaigh an ainnise in olcas i gCúba nuair d'fhuadaigh na Meiriceánaigh Uachtarán Veiniséala Nicolas Maduro, comhghuaillí le Cúba, i dtús na bliana 2026. Chuir Trump smacht ar easpórtálacha ola ó Veiniséala, go Cúba go háirithe. Ina cheann sin, bhagair Trump taraifí nua a ghearradh ar aon tír eile a leomhfadh ola a sholáthar do Chúba.
Chuir na Stáit Aontaithe Cúba faoi imshuí le fírinne. Ní raibh aon cheilt ag Trump ar a mhian Rialtas Chúba a threascairt; cuireadh Cúba faoi luí na bíse le súil an aidhm sin a bhaint amach gan mhoill.
Is ar éigean a bhí rothaí an stáit ag dul timpeall agus bhí ospidéil agus seirbhísí riachtanacha eile gan feidhmiú. Bhí deich milliún duine ina gcónaí i gCúba in 2026. Dar leis na Náisiúin Aontaithe bhí cuid mhór acu gan riar a gcáis mar gheall ar an imshuí eacnamaíochta.[1]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Éire ar cheann de na tíortha a vótáil go minic ar son rún i gcruinnithe de na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh ar na Meiriceánaigh deireadh a chur leis an tachtadh a bhí siad a dhéanamh ar Chúba.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is oileán í Cúba atá suite i Muir Chairib ag 21°3Thuaidh, 80°00Thiar. Is í Cúba an príomhoileán.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2026-02-16). "Rialtas na hÉireann ag comhairlú do dhaoine gan dul go Cúba" (as ga-IE).
