Fulgencio Batista
Fulgencio Batista | |
![]() |
|
19ú Uachtarán Chúba
|
|
In oifig 10 D.Fómhair, 1940 – 10 D.Fómhair, 1944 10 Márta, 1952 – 1 Eanáir, 1959 |
|
Réamhtheachtaí: | Federico Laredo Brú |
|
|
Dáta breithe | 16 Eanáir, 1901 |
Áit bhreithe | Banes, Holguín, Cúba |
Dáta báis | 6 Lúnasa, 1973 |
Guadalmina, An Spáinn |
Ba uachtarán Chúba (1940-1944) agus deachtóir (1952-1958) é Fulgencio Batista y Zaldívar (16 Eanáir 1901 - 6 Lúnasa 1973). Bhí a réimeas mar dheachtóir fuilteach agus fealltach.
Deachtóireacht Batista 1952-1958[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tháinig Fulgencio Batista i gceannas ar an dtír mar dheachtóir i 1952. Cé go raibh aithne air go dtí sin mar liobrálaí, thosaigh sé a naimhde polaitiúla a chur faoi chois. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa tír ag an am, le formhór na ndaoine ag maireachtáil i mbochtanas. Rialaigh sé an tír le cabhair Mheiriceá.
Réabhlóid[athraigh | athraigh vicithéacs]
Chuir Fidel Castro agus a chomhghleacaithe (Che Guevara san áireamh) feachtas míleata nua in aghaidh an rialtais ar bun ag deireadh 1956. Chuir siad buíon chomhtháite troda nua ar bun i Meicsiceo ar dtús. Bhog siad ansin go dtí sléibhte an Sierra Madre, gar do Santiago de Cuba, suite in oirdheisceart na tíre.
Theith Batista ón oileán ar an 31 Nollaig 1958. Ghlac Castro seilbh ar Havana an lá dar gcionn, ar 1 Eanáir 1959.
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |