Che Guevara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Che Guevara
CheHigh.jpg
minister of industry of Cuba (en) Aistrigh

Feabhra 11, 1961 - Aibreán 1, 1965
← no value
Saol
Ainm iomlán Ernesto Guevara
Eolas breithe Rosario (en) Aistrigh, Meitheamh 14, 1928
Náisiúntacht Cúba
An Airgintín
Áit chónaithe An Airgintín
Cúba
An Bholaiv
Guatamala
Meicsiceo
Bás La Higuera (en) Aistrigh, Deireadh Fómhair 9, 1967
Áit adhlactha Che Guevara Mausoleum (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás dúnmharú (tráma balaistíoch
extra-judicial killing (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Ernesto Guevara Lynch
Máthair Celia de la Serna
Céile/Céilí Hilda Gadea  (1955 -  1959)
Aleida March  (1959 -  1967)
Páirtí/Páirtithe María del Carmen Chichina Ferreyra (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Buenos Aires
(1948 - Aibreán 11, 1953) : míochaine
Teangacha An Spáinnis
Gairm
Gairm polaiteoir, dochtúir leighis, file, taidhleoir, múinteoir, scríbhneoir aistí, imreoir rugbaí, scríbhneoir scripte scannáin, beathaisnéisí, réabhlóidí, páirtíneach, saighdiúir, scríbhneoir, grianghrafadóir agus iriseoir tuairime
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Duine/sport/rugbaí
Airde 176 cm
Saothar iomráiteach Treallchogaíocht (leabhar)
The Bolivian diary (en) Aistrigh
Duais
Daoine le tionchar air/uirthi Hilda Gadea
Ballraíocht 26th of July Movement (en) Aistrigh
Sloinnte Che, Pelado, Teté, Furibundo Serna, Fuser, Chancho, Chang-Cho, Luís Hernández Gálvez, Tatu, Adolfo Mena González, Ramón agus Fernando Sacamuelas
Seirbhís mhíleata
Céim commanding officer (en) Aistrigh
Throid sé/sí ag Cuban Revolution (en) Aistrigh
Ñancahuazú Guerrilla (en) Aistrigh
Congo Crisis (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Páirtí Cumannach Cúba
IMDb nm0346466
CheGuevaraSignature.svg
1945
22 Nollaig 1950

Réabhlóidí sóisialach a bhí in Ernesto 'Che' Guevara-Lynch (14 Meitheamh, 1928 - 9 Deireadh Fómhair, 1967), a rugadh i Rosario, Airgintín. Gabhadh agus maraíodh é in La Higuera na Bolaive.

Ar feadh a shaoil, thaistil sé timpeall an domhain ag spreagadh daoine le héirí amach i réabhlóidí sóisialacha i dtíortha ar nós Chúba, Ghuatamala agus an Chongó. Tá a aghaidh ar na haghaidheanna is clúití ar domhan, fós inniu.[1] Seasann íomhá Che – lena chuid gruaige dorcha fiáine, bairéad dubh agus stánadh géar – seasann sé do streachailt armtha an phobail agus don réabhlóid go fóill.[1]

Hilda Gadea agus Che Guevara ar a laethanta saoire sa Yucatán, 1955

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de bhunadh Éireannach agus Bascach iad a mhuintir, rud, dar leis féin, a chuir lena nadúr reibiliúnach (rugadh sin-seanathair amháin in ÉIrinn).[2][3][4]

Nuair a bhí sé óg, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina dhochtúir.

Thaistil sé trí Meiriceá Laidineach, áit a bhfaca sé bochtanas an phobail don chéad uair. Thiontaigh Guevara chun an Mharxachais i ndiaidh dó turas a dhéanamh fríd an mhór-roinn ar ghluaisrothar le cara dá chuid (a n-eachtraí atá le feiceáil sa scannán The Motorcycle Diaries).

Chuaigh an bhochtaineacht fhairsing i bhfeidhm go mór air agus gheall ‘El Che’ go gcaithfeadh sé a shaol ag troid ar son daoine bochta agus ar a son siúd faoi chois.

Bhí cúigéar clainne aige, ceann amháin (i 1955) lena chéad bhean, Hilda,[5] agus ceathrar eile tar éis pósadh athuair sa bhliain 1959.[6]

Cúba[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé go dtí Guatamala chun éisteacht leis na rudaí a bhí le rá ag an tUachtarán Jacobo Arbenz Guzmán. Bhí Fulgencio Batista i gceannas i gCúba ag an am úd. Chuir Fidel Castro, in éineacht le Guevara, feachtas míleata nua ar bun in aghaidh an rialtais ag deireadh 1956.

An teaghlach, 1963: ar chlé, Aleida March (a bhean chéile, tar éis pósadh athuair) agus Camilo, Hilda, Celia (ar ghlúin Che) agus Aleida (ar dheis)

Chuir siad buíon chomhtháite troda nua ar bun i Meicsiceo ar dtús. Bhog siad ansin go dtí Cúba. Throid Guevara taobh le taobh le Fidel Castro agus réabhlóidithe eile óna gcró folaigh i sléibhte an Sierra Maestra, sléibhte gar do Santiago de Cuba, suite in oirdheisceart na tíre.

Ghlac Che páirt thábhachtach san éirí amach. I ndeireadh na dála, gabhadh seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959 nuair a theith Batista ón oileán.

Chaith Guevara tamaill ghearr mar aire rialtais i gCúba.

1963: Ostán Riviera, Havana

Sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Che go dtí an Chongó (áit a ghlaoitear Poblacht Dhaonlathach an Chongó anois ar) ar feadh bliana ag iarraidh cabhair a thabhairt don éirí amach a bhí ar siúl in oirthear na tíre, ach theip air (Guevara, 2001).[7]

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh Guevara sa bhliain 1967 sa Bholaiv, is é ag iarraidh éirí amach eile a chothú. Ach theip air tine faoin réabhlóid a chur.

'Guerrillero Heroico', le Jim Fitzpatrick, 1968

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin am ar maraíodh Che sa Bholaiv in 1967, bhí clú agus cáil dhomhanda ar an Airgintíneach mar réabhlóidí, ceannaire sóisialach agus laoch ag daoine bochta ar fud Mheiriceá Theas.

'Guerrillero Heroico', le Jim Fitzpatrick, 1968, le feiceáil i ngach áit i gCúba sna 2020idí

Ba ag ócáid chuimhneacháin i gCúba in 1960 a glacadh an grianghraf, ‘Guerrillero Heroico’, nó ‘Guairille Gaisciúil’ (thuas ar dheis) ag cumannaí dílis, Alberto Korda. Nuair a rugadh Ernesto Guevara, is beag a síleadh ag an am go mbeadh aghaidh 'Che' ar na haghaidheanna is clúití ar domhan na blianta anonn.

Ba é Jim Fitzpatrick[8] – ealaíontóir as Baile Átha Cliath – a d’athraigh grianghraf Korda sa bhliain 1968 go dtí an íomhá íocónach sin a aithnítear fud fad na cruinne sa 21ú aois. Dar le Fitzpatrick go raibh sé ag iarraidh ar an íomhá “pórú mar a bheadh coiníní ann”. Roimh i bhfad bhí orduithe ag teacht ó ghrúpaí polaitiúla ó gach aon chearn den domhan.

Is íomhá fhíor-chumhachtach é, atá le feiceáil go fóill ar t-léinte, póstaeir agus fiú mar thatúnna. Agus tá daoine ann ag déanamh dia beag den sceimhlitheoireacht Guevara chomh maith. Inniu Áit ar bith a mbeadh coimhlint ann – An Phalaistín, Tír na mBascach, An Cholóim – thiocfadh íomhá Che chun tosaigh mar shiombail na réabhlóide.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Cillian de Búrca (2017). "Bua an Íocóin Guairille gaisciúil go caithréim an Chaipitleachais?" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-09.
  2. Keith. "Che Guevara's Irish Roots - The Irish in Argentina" (en-US). https://nomadflag.com/. Dáta rochtana: 2021-10-09.
  3. Ciarán D'Arcy. "Che Guevara’s father ‘was more into his Irish than his Basque side’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-09.
  4. Gráinne Ní Aodha. "From Patricio Lynch to Che Guevara: The story of the Cuban revolutionary's Irish links" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-10-09.
  5. "Hilda Gadea" (in en) (2021-02-14). Wikipedia. 
  6. "Aleida March" (in en) (2021-04-09). Wikipedia. 
  7. Che Guevara (2001). "The African Dream: The Diaries of the Revolutionary War in the Congo" (in en). Harvill. 
  8. "Jim Fitzpatrick (artist)" (in en) (2021-08-06). Wikipedia.