Fidel Castro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFidel Castro

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es-419) Fidel Alejandro Castro Ruz
13 Lúnasa 1926
Birán (Poblacht Chúba)
Bás25 Samhain 2016
90 bliana d'aois
La Habana, Cúba Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSanta Ifigenia Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
23 Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe
16 Meán Fómhair 2006 – 24 Feabhra 2008
← Abdullah Ahmad BadawiRaúl Castro →
7 Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Neamhailínithe
10 Meán Fómhair 1979 – 6 Márta 1983
← Junius Richard JayewardeneNeelam Sanjiva Reddy →
Uachtarán CHúba
2 Nollaig 1976 – 24 Feabhra 2008
← Osvaldo DorticósRaúl Castro →
Céad Rúnaí Pháirtí Cumannach Chúba
24 Meitheamh 1961 – 19 Aibreán 2011
← Blas Roca CalderioRaúl Castro →
Príomh-Aire Chúba
16 Feabhra 1959 – 24 Feabhra 2008
← José Miró CardonaRaúl Castro → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGalicians (en) Aistrigh
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Havána - dlí (1945–1950)
Belen Jesuit Preparatory School (en) Aistrigh (1945–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSantiago de Cúba
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmpolaiteoir, iriseoir, réabhlóidí, páirtíneach, dlíodóir, státaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach Cúba (1965–)
United Party of the Cuban Socialist Revolution (en) Aistrigh (1962–1965)
Integrated Revolutionary Organizations (en) Aistrigh (1961–1962)
Gluaiseacht 26ú Iúil (1955–1965)
Party of the Cuban People – Orthodox (en) Aistrigh (–1951) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataceannfort Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtRéabhlóid Chúba agus Géarchéim na nDiúracán i gCúba
Teaghlach
CéileMirta Díaz-Balart (1948–1955)
Dalia Soto del Valle (1980–2016) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíNatalia Revuelta Clews (1950í–1950í)
Dalia Soto del Valle (1961–1980) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAlina Fernández
 ( Natalia Revuelta Clews)
Fidel Ángel Castro Diaz-Balart
 ( Mirta Díaz-Balart) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÁngel Castro y Argiz  agus Lina Ruz González
SiblínJuanita Castro, Ramón Castro Ruz, Raúl Castro, Lidia Castro Argota agus Emma Castro
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0004242 Allocine: 84154 Rottentomatoes: celebrity/fidel_castro Allmovie: p11761
Spotify: 1jMinhdjeZQjPiTAz6rynF iTunes: 161219691 Musicbrainz: 8f9f6f48-5a06-4825-8fc2-c82203cf9af7 Discogs: 448393 Find a Grave: 173186052 Deezer: 126482 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Fidel Castro ( audio) (13 Lúnasa 192625 Samhain 2016) uachtarán ar Chúba ón mbliain 1961 go dtí an 24 Feabhra 2008. Bhí sé ina cheannaire ar an tír ó chuir sé an deachtóir Fulgencio Batista as oifig tar éis éirí amach i 1959. Tháinig a dheartháir Raúl mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.

Náisiúnaí a bhí ann ina óige, agus cháin Castro tionchar gnó agus polaitiúil na Stáit Aontaithe i gCúba nuair a bhí sé ina mhac léinn. Bhailigh sé buíon ceannairceach timpeall air féin agus rinne sé ionsaí ar bheairic Moncada (in aice le Santiago) i 1953.

Theith Castro thar lear ar feadh tamaill. Tháinig sé ar ais i mí na Nollag 1956 chun tús a chur le treallchogaíocht, a mhair go dtí gur ghlac Castro seilbh ar Havana ar 1 Eanáir 1959.

Duine conspóideach a bhí ann: tá an-mheas air go minic sa tríú domhan, fós inniu. I luathbhlianta a réimeas, rinne ranna de chuid rialtas na Stát Aontaithe roinnt iarrachtaí é a mharú nó a chur as oifig.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feirmeoir saibhir ba ea athair Fidel, Ángel Castro Argiz, arbh ón Ghailís na Spáinne dó ó dhúchas. Fuair sé a chuid oideachais ó na hÍosánaigh agus ó Bhráithre de la Salle i Santiago de Cúba agus in Colegio de Belén in Havana. Rinne sé staidéar ar an dlí in ollscoil Havana sa bhliain 1945. Thosaigh a chuid gníomhaíochta polaitiúil agus é ina mhac léinn.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Castro a chur spéis sa pholaitíocht in ollscoil Havana ó thús. Bhí mic léinn a linne an-chorraithe agus ba mhinic a bhíodh círéibeacha ina measc. Ghlac Castro páirt sa troid agus chuir a naimhde ina leith gur mharaigh sé cúpla duine, ach níl aon fhianaise sásúil ann go raibh sé i ndáiríre ciontach. Chuaigh Castro isteach sa Partido Ortodoxo i 1947, páirtí a chuir in éadan chaimiléireacht an rialtais agus a d'éiligh leasaithe ar an dlí. Rinne ceannaire an pháirtí, Eduardo Chibas, iarracht ar an uachtaránacht, ach scaoil sé é féin agus é páirteach i gcraoladh raidió. Bhí Castro i láthair agus thug sé Chibas chun an ospidéil mar a bhfuair sé bás.

Castro i Washington, D.C. - 1959

I samhradh 1947 rinne Castro agus a chomhghleacaithe iarracht rialtas na Poblachta Doiminiceánaigh a chur as oifig ach theip orthu. D'éalaigh Castro agus a chairde i raftaí ó na póilíní, ach cé gur theip ar an eachtra bhí cáil ar Castro dá bharr.

An bhliain dár gcionn, 1948, bhí Castro sa Cholóim agus dar le Roinn Stáit Mheiriceá bhí baint aige le cúpla feallmharú sa tír sin. Nuair rinne póilíní na tíre sin iarracht é a ghabháil theith sé go ambasáid a thíre agus tugadh abhaile é.

Phós sé Mírta Diaz Blart, mac léinn de bhunadh saibhir, agus cháiligh sé mar dhlíodóir i 1950. Thosaigh sé ar a chleachtas i Havana, agus d'fhógair sé a thuairimí náisiúnacha go fíochmhar. Rinne sé iarracht suíochán parlaiminte a fháil, ach tháinig an Ginearál Fulgencio Batista i gceannas na tíre tar éis coup d'état agus rialaigh sé an tír le cabhair Mheiriceá.

Thug Castro dúshlán an rialtais sna cúirteanna ach níor éirigh leis, agus bheartaigh sé ansin nach raibh de rogha aige ach éirí amach a eagrú. Bhailigh Castro timpeall céad go leith dá chairde le chéile agus rinne ionsaí ar bheairic Moncada ar an 26 Iúil 1953. Theip ar an ionsaí agus maraíodh níos mó ná seasca den lucht ionsaithe.

Castro ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe, 1960

Chúlaigh Castro agus iarsmaí a bhuíne go sléibhte garbha an Sierra Maestra, ach gabhadh ansin iad. Cuireadh Castro faoi thriail agus daoradh go cúig bliana déag sa phríosún é. Scar a bhean leis nuair a bhí sé ina chime. Ach bhí an t-ádh air nár chaith sé ach dhá bhliain sa phríosún. Ligeadh saor é i mí Bealtaine 1955 agus chuaigh sé ar imirce go Meicsiceo.

Gluaiseacht an 26ú Iúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Castro agus roinnt dá chairde le chéile agus bhunaigh siad Gluaiseacht ar an 29ú Iúil agus é d'aidhm acu Batista a ruaigeadh as oifig. Treallchogaíocht a bhí ar intinn acu. Ba mhór an chabhair don ghluaiseacht an tAirgintíneach óg Ché Guevara a raibh an-mhachnamh déanta aige ar pholaitíocht agus ar chogaíocht.

An Réabhlóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús Eanáir 1959, ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista ar an 31 Nollaig 1958 [1]

Aontas na Sóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne na réabhlóidithe iarracht cabhair a fháil ón Aontacht Sóivéadach ach níor tugadh aird orthu agus bheartaigh siad ar airm agus trealamh a lorg i measc na gCúbach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Meath agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Fidel as a phost mar dheachtóir - nó uachtarán - sa bhliain 2008.[2] D'éag sé 25 Samhain 2016, in aois 90 dó. Cuimhneofar ar an deachtóir Fidel Castro, a dúirt Michael D. Higgins, “mar fhathach i measc cheannairí an domhain, a raibh mar dhearcadh aige saoirse dá mhuintir go léir”:[3]    Dúirt daoine in Éirinn ag an am go raibh Higgins ag déanamh dia beag den deachtóireacht.[4] Bhí easpa cumais sa rialtas faoi Chastro agus an tír ag titim as a chéile.[5]

Tháinig deartháir Fidel, Raúl mar chomharba air, ar an 24 Feabhra 2008.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. l168 Bourne, Peter (1986). Fidel: A Biography of Fidel Castro. New York City: Dodd, Mead & Company. ISBN 978-0396085188
  2. "Raul Castro named Cuban president" (en-GB) (2008-02-25). Dáta rochtana: 2020-11-26.
  3. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  4. "Michael D. Higgins has defended his comments on Fidel Castro" (en). JOE.ie. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  5. Author Jeovany Jimenez Vega (2015-10-22). "Poverty, the Cuban Dictatorship’s Recourse / Jeovany Jimenez Vega" (en-US). Translating Cuba. Dáta rochtana: 2020-11-26.