Mícheál D. Ó hUigínn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mícheál D. Ó hUiginn)
Mícheál D. Ó hUigínn
2022 Michael D. Higgins (51988246304) (cropped).jpg
Seanadóir na hÉireann

Meitheamh 1, 1973 - Meitheamh 22, 1977
Dúiche: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann
Teachta Dála

Meitheamh 30, 1981 - Eanáir 27, 1982
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1981
Teachta Dála

Márta 9, 1982 - Samhain 4, 1982
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982
Seanadóir na hÉireann

Feabhra 23, 1983 - Feabhra 17, 1987
Dúiche: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann
Teachta Dála

Márta 10, 1987 - Bealtaine 25, 1989
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1987
Teachta Dála

Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1989
Teachta Dála

Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Eanáir 22, 2001 - Eanáir 27, 2003
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Gaillimh Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
9. Uachtarán na hÉireann

Samhain 11, 2011 -
Máire Mhic Ghiolla Íosa
Saol
Eolas breitheLuimneach, 18 Aibreán 1941 (81 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Áit chónaitheÁras an Uachtaráin
Muintir
Céile/CéilíSabina Higgins
Oideachas
Alma materOllscoil Indiana Bloomington
Ollscoil Indiana
Ollscoil Mhanchain
Coláiste Fhlannáin Naofa
Teangachaan Béarla
an Ghaeilge
An Spáinnis
Gairm
Gairmpolaiteoir, file, scríbhneoir, múinteoir agus eolaí polaitiúil
Duaiseanna
BallraíochtTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre
Fianna Fáil
IMDbnm1014980
president.ie
TwitterPresidentIRL
Mícheál D. Ó hUiginn - Síniú.jpg

Is é Mícheál Dónall Ó hUigínn (18 Aibreán 1941 i Luimneach a rugadh é) naoú hUachtarán na hÉireann ón mbliain 2011. Socheolaí, file, údar, craoltóir agus polaiteoir atá ann, a bhí ina Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sular toghadh mar Uachtarán é.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó hUigínn ar 18 Aibreán 1941 i gCathair Luimnigh agus tógadh ar fheirm a aintín é gar do Chora Chaitlín i gContae an Chláir. B'oibrí monarchan agus cléireach é sular éirigh leis ardoideachas a bhaint amach, an chéad duine dá mhuintir a rinne amhlaidh.

Rinne sé staidéar in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh, in Ollscoil Mhanchain agus in Ollscoil Indiana.

Oidhreacht mar Aire Rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Ó hUigínn mar Aire Gaeltachta agus Cultúir sa chomhrialtas ó 1993 go 1997. Ar na mórghníomhartha a chuir sé i gcrích :

  • An dreasacht cánach do dhéantóirí scannán sa bhliain 1993 (Section 481),
  • Bunú an chainéil teilifíse Gaelaí, TG4 (nó TnaG mar a bhí air ar dtús). In ainneoin an cháinte mhóir a rinneadh ar an infheistíocht seo i dtionscal teilifíse na Gaeilge ag am a bhunaithe, tá gradaim agus meas mór bainte amach ag TG4 ó shin i measc an phobail in Éirinn. [1]
  • Aisghairm na cinisireachta faoi Alt 31 de na hAchtanna Craolacháin.
  • Bhunaigh sé freisin líonra d'ionaid áitiúla ealaíon agus cultúir
  • Eisean a bhí taobh thiar d'athbheochan ar chóras canálacha na hÉireann, agus mar thoradh air sin tá níos mó ná 1,000 ciliméadar de bhealaí uisce inloingsithe ann

Chinn sé gan seasamh in Olltoghchán 2011, ach sheas sé sa toghchán Uachtaránachta sa bhliain chéanna agus toghadh ina Uachtarán é.

Gníomhaí ar son chearta an duine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Michael D. Higgins i mbun feachtas ar feadh a shaoil ar son cearta daonna agus leis an tsíocháin agus an daonlathas a chur chun cinn in Éirinn agus in an-chuid áiteanna ar domhan, ó Nicearagua go dtí an tSile, an Chambóid, an Iaráic, an tSomáil.

Sa bhliain 1992, ba é Michael D. Higgins an chéad duine ar bhronn an Biúró Síochána Idirnáisiúnta i Heilsincí Duais Síochána Sheáin Mhic Ghiolla Bhríde air, mar chomhartha aitheantais ar a shaothar ar son na síochána agus an cheartais in an-chuid áiteanna ar domhan..

Filíocht agus scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anuas ar dhánta a bheith foilsithe i dtréimhseacháin éagsúla, tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige

  • The Betrayal (1990)
  • The Season of Fire (204)
  • An Arid Season (2004)
  • New and Selected Poems

Tá dhá chnuasach aistí foilsithe aige

  • Causes for Concern – Irish Politics, Culture and Society'
  • Renewing the Republic.

Bhíodh sé ina cholúnaí reatha don iris mhóréilimh Hot Press le linn na tréimhse 1982-1992, nuair a chuir sé ceisteanna sóisialta na linne ar a súile do lucht léitheoireachta óg. Why is this so complicated omg

Uachtaránacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céad téarma[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh leis ainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre a fháil seasamh don uachtaránacht sa bhliain 2011 in áit Fergus Finlay. Ar 29 Deireadh Fómhair 2011, bhuaigh Ó hUigínn an toghchán nuair a fógraíodh an toradh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Insealbhaíodh Michael D. Higgins ina Uachtarán ar Éirinn ar 11 Samhain 2011 , an naoú duine san oifig sin.

Dara téarma[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bheartaigh Ó hUigínn chun seasamh don Uachtaránacht don dara huair. Ba fhéidir leis é féin a ainmniú mar uachtarán reatha. Tháinig sé sa chéad áit sa toghchán le 822,566 vótaí agus 55.8% den vótaí céad rogha.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Michael D. Higgins pósta le Sabina Higgins, agus tá ceathrar clainne acu. Ba bhall bunaidh í Sabina Higgins den Focus Theatre agus an Stanislavsky Studio i mBaile Átha Cliath.

Chaith sé seal ina uachtarán ar an gcumann sacair Gaillimh Aontaithe agus bhíodh sé le feiceáil go minic sna seastáin agus iad i mbun imeartha ar fud na tíre.

Cainteoir líofa Gaeilge agus Béarla atá ann, agus cuid mhaith Spáinnise aige chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]