Nora Owen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNora Owen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1945
78 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


An tAire Dlí agus Cirt
15 Nollaig 1994 – 26 Meitheamh 1997
← Máire Geoghegan-QuinnJohn O'Donoghue →
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Is iarpholaiteoir Fine Gael í Nora Owens, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt ó 1994 go 1997. Bhí sí ina TD sa cheantar Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár idir 1981 agus 1987 agus arís ó 1997 go 2002.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nora Owens i mBaile Atha Cliath i 1945. Is polaiteoir í a deirfiúr, Mary Bannotti agus is gariníon í de chuid an cheannaire réabhlóidigh Éireannaigh, Mícheál Ó Coileáin. D'fhreastail sí ar an gClochar Doiminiceach i gContae Loch Garman agus bhain sí chéim amach sa cheimic tionsclaíochta in UCD. B'as iarthar Chorcaí ó dhúchas máthair Nóra, Kitty Collins, agus ba neacht mhór í le Micheál Ó Coileáin. Bhí Nóra ar dhuine de sheisear clainne, cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin. Bhí Nóra ceithre bliana go leith d'aois nuair a cailleadh a hathair.F ostaí de chuid an Bhainc, nár fhág a hathair ach pinsean beag ag a máthair. Múinteoir eolaíochta baile a bhí inti agus bhí sí in ann dul ar ais ag obair i gColáiste na Lónadóireachta, Sráid Chathail Brugha. D'oibrigh Nora mar cheimiceoir rialaithe cáilíochta i Saotharlann Shoird, áit ar bhuail sí lena féar chéile, Brian. Phós siad in 1986. Sa bhliain 1961, chuaigh Nora isteach i Fine Gael. Sna 1970idí, bhí sí gníomhach sa pholaitíocht áitiúil agus bhí sí ina hoibrí deonach agus bhí sí ina rúnaí san Ionad Eolais Mullach Íde idir 1976 go 1980. Bhí Nora ina ball freisin de Chomhairle Pobail Mullach Íde agus de Chumann Cónaitheoirí Ard na Mara, áit a raibh cónaí uirthi, agus ar choiste eagarthóireachta Mallahide News.

Saol Polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol a máthair di seasamh sa toghchán. Cé go raibh baint ag muintir a máthar leis an bpolaitíocht, ní rud é sin a phléadh, agus dúirt Nora faoin am sin go raibh "an pholaitíocht ag fanacht le tarlú dom". I 1979, toghadh Nora ar chomhairle Contae Baile Átha Cliath. Toghadh Nora mar Teachta Dála de chuid Fhine Gael den chéad uair i 1981 agus bhí sí ag feidhmiú go dtí toghchán 1987 go dtí gur chaill sí a suíochán. An bhliain sin, bhí sí ina ball d'fheidhmeannas Trocaire. D'fhill sí ar Dháil Éireann tar éis olltoghcháin 1989. Ceapadh í mar Leascheannaire Fine Gael sa bhliain 1993. An bhliain dar gcionn, ceapadh í ina hAire Dlí agus Cirt, agus d'fhan sí sa phost sin go dtí 1997.

Aire Dlí agus Cirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Nóra faoi mhórchlár athchóirithe an dlí choiriúil, lena n-áirítear:

-Leasú bunreachta as a dtagann an tAcht um Bannaí, 1997.

-An tAcht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996, an tAcht um Nochtadh -Faisnéise Áirithe le haghaidh Cánachais agus Críocha Eile

- 1996 agus an tAcht um Fháltais ó Choireacht, 1996, a ceapadh chun cosc a chur ar choirpigh a bhaineann tairbhe as coireacht.

Freisin thóg sí scéim tógála isteach chun go mbeadh tógadh agus dearadh déanta ar timpeall 800 áiteanna príosúin. Thóg sí isteach roinnt achtanna eile, mar shampla an An tAcht um Cheartas Coiriúil (1996) i gcoinne gainnéail ar drugái, An tAcht Páiste (1997), chun cosaint a thabhairt do pháistí i gcoinne gainnéala agus pornagrafaíocht leanaí agus An tAcht um Chionta Gnéasach (1997).

Saol iarpholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Owen pátrún Chumann Collins 22, a oibríonn chun cuimhne agus oidhreacht Mhichíl Uí Choileáin a choinneáil i gcuimhne bheo. Oibríonn sí ó am go chéile mar thráchtaire toghchánaíochta. I mí Lúnasa 2011, fógraíodh go raibh sí chun an leagan Gaeilge de Mastermind a chur i láthair ar TV3. Bhí sí ina láithreoir ar an gclár tráthúil de chuid TV3, Midweek. Dhírigh an clár níos mó ar scéalta a bhaineann le leas an duine ná ar ábhair idirnáisiúnta agus pholaitiúla.  

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

- https://www.oireachtas.ie/en/members/member/Nora-Owen.D.1981-06-30/