Alan Shatter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlan Shatter

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Feabhra 1951
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Dlí agus Cirt
9 Márta 2011 – 7 Bealtaine 2014
← Brendan SmithProinséas Mhic Gearailt →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Aire Cosanta
9 Márta 2011 – 7 Bealtaine 2014
← Éamon Ó CuívÉanna Ó Coinnigh →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Amstardam
An Ardscoil, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinalanshatter.com Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Alan Shatter (rugadh ar 14 Feabhra 1951 é). Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas agus ba Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta é idir Mhárta 2011 agus Bealtaine 2014 .

A shaol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Shatter i mBaile Átha Cliath do theaghlach Giúdach. Oileadh é san High School i Ráth Garbh agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Bhí cónaí air i gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sé pósta le Carol agus tá beirt chlainne acu.

A shaol polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Shatter don Dáil don chéad uair in olltoghchán 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2002. Atoghadh é in olltoghchán 2007 agus arís sa bhliain 2011. Ba bhall de Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath é ó 1991 go 1999 do cheantar Ráth Fearnáin.

Fuair Shatter oiliúint sa dlí agus chuir sé a lán reachtaíochta chun cinn nuair a bhí sé sa Dáil. D'fhoilsigh sé níos mó Billí Comhalta Phríobháidigh agus é sa freasúra ná aon TD riamh. Rinne cuid de na billí athraithe i gcúrsaí sláinte, spóirt agus cirt. Uaireanta, rinne an rialtas leasúcháin ar a bhillí agus ghlac siad úinéireacht orthu.

I rith na 1980í, mhol Shatter go mbunófaí Coiste Gnóthaí Eachtracha san Oireachtas. Ba bhall den choiste é ó bunaíodh é (ach amháin ar feadh tréimhse ghearr ó 1993 go 1994) agus ba Cathaoirleach an Choiste é ó Nollag 1996 go Meitheamh 1996.

Chuir ceannaire Fhine Gael, Seán de Briotún, ón gcoiste é ar feadh tréimhse ó 1993 go 1994 mar vótáíl sé i bhfabhar cosc a chur ar bheo-chúrsáil giorracha d'ainneoin an cheangail aoireachta. Ba é Uachtarán na Gaelchomhairle in Aghaidh Fuilspórt é ar feadh tamaill.

Ba urlabhraí é ar bhínse tosaigh Fhine Gael ar roinnt ábhar:

  • Athchóiriú Dlí (1982, 1987-1988)
  • Comhshaol (1989-1991)
  • Saothar (1991)
  • Ceart (1992-1993)
  • Comhionannas agus Athchóiriú Dlí (1993-1994)
  • Sláinte agus Leanaí (1997-2000)
  • Dlí agus Ceart, Athchóiriú Dlí agus Cosaint (2000-2002)
  • Leanaí (2007-2010)
  • Dlí agus Ceart agus Athchóiriú Dlí (2010-2011)

D'oibrigh sé mar aturnae tar éis dó a shuíochán a chailliúnt sa bhliain 2002 agus ba páirti é i gcomhlucht Gallagher Shatter.

Ceapadh é mar Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Aire Cosanta ar 9 Márta 2011.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]