Olivia Mitchell
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Theas ón mbliain 2007 í Olivia Mitchell (Gaeilge: Olivia Mistéil) (rugadh í 31 Iúil, 1947 ). Tá sí ina ball de Fine Gael. Níor ghlac sí páirt san Olltoghchán 2016.
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i mBiorra Chontae Uíbh Fhailí í. Fuair sí a cuid oideachais go háitiúil agus i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath áit a ndearna sí staidéar ar eacnamaíocht agus polaitíocht. Ba mhúinteoir eacnamaíochta í sular thug sí faoin bpolaitíocht. Thosaigh sí ar an bpolaitíocht sa bhliain 1985 nuair a toghadh chun Comhairle Contae Dún Laoghaire-Rath an Dúin í. Bhí sí mar Chathaoirleach ar an gComhairle sa tréimhse 1995–1996. D'fhan sí ar an gComhairle go dtí an bhliain 2003.
Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dar le Binse Fiosrúcháin Mahon thóg sí íocaíocht mhí-oiriúnach de £500 ó Frank Dunlop ag Toghchán Ginearálta 1992, tar éis go raibh cruinnithe aici leis maidir le tinscnamh Quarryvale.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |