Jump to content

Peadar Tóibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeadar Tóibín
Beathaisnéis
Breith19 Meitheamh 1974
51 bliana d'aois
Droichead Átha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
29 Samhain 2024 –
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thiar

Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thiar

Teachta Dála
16 Samhain 2018 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thiar
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 15 Samhain 2018 (an páirtí a fhágáil)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thiar

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: An Mhí Thiar

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAontú (2019–)
polaiteoir neamhspleách (2018–2019)
Sinn Féin (2004–2018) Cuir in eagar ar Wikidata


X: Toibin1 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir ar dheis ar fad agus Teachta Dála do Mhí Thoir é Peadar Tóibín. Is ceannaire Aontú é. Bhíodh sé ina bhall de Sinn Féin ach d'fhág sé Sinn Féin tar éis conspóid maidir leis an 8ú leasú. Is cainteoir Gaeilge é.

2012, le Sinn Féin
2016
2020
An Uaimh

Rinne Tóibín staidéar ar eacnamaíocht agus polaitíocht i gCOBÁC, agus bhain sé cáilíocht iarchéime amach i bhfiontraíocht i Scoil Ghnó Smurfit.

Le linn a thréimhse i gCOBÁC, bhí sé ina bhall de Fhianna Fáil agus bhí sé gníomhach i gCumann Kevin Barry.

D'oibrigh sé ansin mar chomhairleoir bainistíochta neamhspleách san earnáil fiontraíochta in Éirinn agus in Albain.

Chuaigh Tóibín isteach i Sinn Féin in 1998. Ag na toghcháin áitiúla in 2004, sheas sé gan rath do Chomhairle Cathrach na Mí agus do Chomhairle Contae na Mí. Comhthoghadh é ar Chomhairle Cathrach na Mí i mí na Samhna 2007, agus choimeád sé an suíochán sin sna toghcháin áitiúla in 2009.

Toghadh Tóibín mar TD don chéad uair in olltoghchán 2011 do dháilcheantar Iarthar na Mí le Sinn Féin. Chuir Sinn Féin Tóibín ar fionraí ar feadh sé mhí i mí Iúil 2013, nuair a vótáil sé in éadan an Bhille um Chosaint na Beatha.

Atoghadh é in 2016. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2016 go 2018. Chuir Sinn Féin Tóibín ar fionraí ar feadh sé mhí in 2018, nuair a vótáil sé in éadan an Bhille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018.[1]

Ar an 15 Samhain 2018, d'fhógair Tóibín go raibh sé ag éirí as Sinn Féin. Bhunaigh sé Aontú i mí Eanáir 2019.

Atoghadh Toibín mar TD in Olltoghchán 2020 agus Olltoghchán 2024. Bhí tacaíocht láidir phearsanta ag Tóibín in 2024 agus bhí a ainm in airde mar dhuine den bheagán polaiteoirí nár thacaigh leis na leasuithe bunreachta in 2024.[2]

In 2025, thug Peadar Tóibín le fios nár mhaith leis seasamh sa toghchán uachtaránachta, mar tá ag éirí go maith le hAontú, a dúirt sé, agus ba mhaith leis a aird a dhíriú ar an bpáirtí.[3] Ansin d'admhaigh Tóibín gur mhill seisean a vóta i dToghchán na hUachtaránachta ar an 24 Deireadh Fómhair 2025; ní raibh aon rogha polaitiúil ceart ann, dar leis.[4] Chuir sé crosóg i mbosca gach aon iarrthóir agus ansin scríobh isteach ainm an iarrthóra ab ansa leis féin, ba í sin Maria Steen, i bhfad amach ar an eite dheis.

Is cathaoirleach é ar an ngrúpa Feachtas le hOspidéal na hUaimhe a Shábháil (Béarla: Save Navan Hospital Campaign).[5]

Rugadh Peadar Tóibín ar an 19 Meitheamh 1974 i nDroichead Átha, Contae Lú. Is é an duine is óige de sheachtar clainne é.

Tá beirt deirfiúracha aige atá gníomhach i bpolaitíocht Aontú freisin - Emer Tóibín agus Mairéad Tóibín, a sheas sna toghcháin in oirthear na Mí agus i nDún Laoghaire faoi seach.

Tá sé pósta le Deirdre agus tá ceathrar páistí acu.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. oireachtas.ie (2018). "AN BILLE SLÁINTE (FOIRCEANNADH TOIRCHIS A RIALÁIL), 2018". Dáta rochtana: 2025.
  2. Donncha Ó hÉallaithe (13 Samhain 2024). "Idir SF agus FF a bheidh an suíochán deireanach sa Mhí Thiar, cuma láidir ar Tóibín" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-14.
  3. Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Tóibín ag iarraidh go mbeidh iarrthóir eile sa rás uachtaránachta" (as ga-iE). 
  4. Nuacht RTÉ (2025-10-25). "'Mhill mise mo vóta'-Peadar Tóibín" (as ga-IE). 
  5. Garath Monerawela (2025-03-02). "Navan Hospital and Patients Victims of HSE Blunder-TD's Call For Investigation" (en-GB). Meath Live. Dáta rochtana: 2025-10-28.