Clare Daly
Clare Daly | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Márta 9, 2011 - Lúnasa 31, 2012 District: Dublin North (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann 2011
Lúnasa 31, 2012 - Feabhra 3, 2016 District: Dublin North (en) ![]()
Márta 10, 2016 - Meitheamh 28, 2019 District: Fine Gall Bhaile Átha Cliath Election: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Iúil 2, 2019 - District: Baile Átha Cliath (toghcheantar na hEorpa) Election: 2019 European Parliament election (en) ![]() | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Droichead Nua, Aibreán 16, 1968(52 bliain d’aois) | ||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Alma mater | Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir agus gníomhaí síochána | ||||||||
Creideamh | |||||||||
Páirtithe polaitíochta |
Páirtí an Lucht Oibre Independents 4 Change Páirtí Sóisialach Aontaithe an Chlé | ||||||||
claredaly.ie |
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh í Clare Daly (Gaeilge: Clár Ní Dhálaigh) (rugadh sa bhliain 1968 í). D'fhás sí aníos sa Droichead Nua, Contae Chill Dara. Bhíodh sí ina ball den Pháirtí Sóisialach ach d'éirigh sí as ar an 31 Lúnasa, 2012.[1] Bhíodh sí mar chomhairleoir áitiúil i bhFine Gall do cheantar Sord. Tá sí ar son ceart a bheith ann chun ginmhillte. Gabhadh í go luath sa bhliain 2013 nuair a cuireadh ina leith go raibh sí ag tiomáint faoi thionchar an óil. Scaoileadh saor níos déanaí í, agus fógraíodh go raibh an leibhéal alcóil ina cuid fola níos ísle ná an teorainn dhleathach. De bharr gur sceitheadh an scéal chuig na meáin agus gur cuireadh dornnaisc uirthi rinne sí gearán le hOmbudsman na nGardaí ina thaobh, dar léi bhíothas tar éis bheith níos déine uirthi toisc gur scaoil sí féin scéal faoi ghardaí a bhí ag baint pointí píonóis ó cheadúnais tiomána.
Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 15.7% de na vótaí céad rogha.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |