Éamon Ryan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Éamon Ryan
Eamon Ryan Green Party.jpg
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
District: Baile Átha Cliath Theas
Election: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Aire Cumarsáide, Gníomhaíochta Aeráide agus Comhshaoil

Meitheamh 14, 2007 - Eanáir 23, 2011
Noel Dempsey (en) Aistrigh - Pat Carey (en) Aistrigh
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
District: Baile Átha Cliath Theas
Election: Olltoghchán na hÉireann, 2007
ceannaire páirtí

Bealtaine 27, 2011 -
John Gormley
Teachta Dála

Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020
District: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Election: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Teachta Dála

Feabhra 8, 2020 -
District: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Election: Olltoghchán na hÉireann, 2020
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Iúil 28, 1963(57 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éire
Oideachas
Alma mater An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairm duine den lucht gnó agus polaiteoir
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Comhaontas Glas
eamonryan.ie

Is polaiteoir é Éamon Ó Riain[1] (i mBéarla: Éamon Ryan; 28 Iúil 1963 a rugadh é), atá ina cheannaire ar an bpáirtí glas is mó in Éirinn, mar atá, an Comhaontas Glas.

Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Theas idir 2002 agus 2011, agus ba é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é idir 2007 agus 2011. Tá sé ina Theachta Dála, ar son Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, ó Olltoghchán 2016, agus ina aire rialtais ó 2020.

Sonraí Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Éamon Ó Riain i mBaile Átha Cliath agus tógadh é i nDún Droma agus i mBaile an Mhuilinn. Oileadh é i gColáiste Gonzaga i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar dtús agus d'fhreastail sé ar an ollscoil i UCD, áit ar bhain sé céim amach sa tráchtáil.[2] Mhaígh sé féin gur fhás a shuim i gcúrsaí glasa tar éis dó cúrsa éiceolaíochta a dhéanamh don Mheánteist.[3]

Comhthogadh é ar dtús ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, nuair a d'éirigh Seán Ó Gormlaigh as a shuíochán siúd, tar éis dó a bheith tofa chun na Dála. Atoghadh Ó Riain sna toghcháin áitiúla i 1999 agus d'éirigh leis suíochán Dála a bhuachaint sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2002, nuair a mhéadaigh líon na nGlasach sa Dáil faoi thrí.

Bhí sé i mbun dhá ghnó rothaíochta sular toghadh é chun na Dála, mar atá, Irish Cycling Safaris agus Belfield Bike Shop. Tá sé pósta leis an scríbhneoir Victoria White agus tá ceathrar páistí óga acu. Tá cónaí orthu i gCluain Sceach.


Ina cheannaire ar an gComhaontas Glas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur chaill sé a shuíochán Dála i 2011, chuaigh Eamon Ryan san iomaíocht do cheannaireacht an Chomhaontais Ghlais in éineacht le beirt eile, mar atá, an Cllr. Malcolm Noonan agus Phil Kearney, tar éis do John Gormley éirí as an bpost. Fógraíodh go raibh an bua ag an Rianach ar 27 Bealtaine 2011 tar éis do bhaill an pháirtí vótáil sa toghchán tríd an bpost.

Deir sé go bhfuil sé dírithe mar cheannaire ar atógáil an pháirtí agus ar theagmháil nua a dhéanamh le muintir na hÉireann amach anseo.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]