Jack Chambers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jack Chambers
Jack Chambers.jpg
Teachta Dála

Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Teachta Dála

Feabhra 8, 2020 -
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2020
Aire Stáit sa Roinn Airgeadais

Iúil 1, 2020 - Iúil 15, 2020
Michael W. D'Arcy - Seán Fleming
Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh

Iúil 15, 2020 -
Dara Calleary
Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt

Iúil 15, 2020 -
Aire Stáit ag an Roinn Cosanta

Samhain 17, 2020 -
Paul Kehoe
Saol
Eolas breitheGaillimh, 21 Samhain 1990 (32 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Oideachas
Alma materColáiste Belvedere
Gairm
Gairmpolaiteoir
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil
jackchambers.ie
Twitterjackfchambers

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála é Jack Chambers. Cé gur i nGaillimh a rugadh Jack, bhog sé go hIarthar Bhaile Átha Cliath ag aois óg.

Is é an tUasal Chambers Príomh-Aoire an Rialtais i Roinn an Taoisigh, chomh maith le bheith ina Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, agus ina Aire Stáit Cosanta. Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é, in Iarthar Bhaile Átha Cliath. Toghadh é chuig an Dáil in olltoghchán Feabhra 2016, a chéad rith riamh, agus atoghadh é in olltoghchán 2020. Sular toghadh é ar an Dáil, bhí sé ina Chomhairleoir le Comhairle Contae Fhine Gall chomh maith le bheith ina Leas-Mhéara.[1]

Bhí sé ina bhall gníomhach ar choistí éagsúla Oireachtais, lena n-áirítear an Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, an Coiste Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Coiste um Athchóiriú an tSeanaid.

Is Dochtúir Leighis é agus rinne sé staidéar ar Leigheas san RCSI. Tá céim onóracha aige sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]