Michael Healy-Rae
(2024) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 11 Eanáir 1967 59 bliana d'aois Cill Gharbháin, Éire |
| Minister of State at the Department of Agriculture, Food and the Marine (en) | |
| 29 Eanáir 2025 – | |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| 10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
| 9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Ciarraí Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | luach ar iarraidh |
| Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
| Teaghlach | |
| Athair | Jackie Healy-Rae |
| Siblín | Danny Healy-Rae |
Is Teachta Dála do Dheisceart Chiarraí é Michael Healy-Rae. Tá sé ina pholaiteoir neamhspleách.
Is é an mac is óige atá ag an bpolaiteoir Jackie Healy-Rae. Bhí ríshliocht polaitiúil fágtha ina dhiaidh ag Jackie Healy-Rae le beirt dá chlann mhac, Michael Healy-Rae agus Danny Healy-Rae Sheas Michael Healy-Rae in Olltoghchán 2011 don chéad uair agus atoghadh é in 2016, 2020 agus 2024. Bhain a dheartháir Danny Healy-Rae suíochán chomh maith in Olltoghchán 2016 don chéad uair.

Aire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh Healy-Rae ina aire stáit sa Roinn Talmhaíochta i Rialtas an 34ú Dáil.[1]
Ar an 14 Aibreán 2026 d'fhógair Healy-Rae go raibh sé chun éirí as an Rialtas mar gheall, a dúirt sé, nach raibh dáimh ag an gComhaireacht leis an bpobal níos mó. Dhearbhaigh sé gurbh iad na hagóidí faoi chostas breosla agus an chaoi ar láimhseáil an Rialtas iad, gurb iad ba shiocair lena chinneadh éirí as oifig. Fir fhásta ag caoineadh os comhair an tsaoil faoina gcruachás, ba é sin buille na tubaiste chomh fada agus a bhain sé lena ról féin sa Rialtas, arsa sé. Cháin sé an Taoiseach faoi uasal le híseal a dhéanamh ar dhaoine sa chaint a rinne Micheál Martin sa Dáil níos luaithe.[2]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an dara cuid dá shloinne ón mbaile fearainn – Ré Chaisleach (Reacashlagh) i bparóiste Chill Garbháin – inar saolaíodh é. Bhíodh nós ann teaghlaigh áirithe a lua go sonrach lena n-áit dhúchais le hiad a aithint ó theaghlaigh den sloinne céanna a bhí coitianta sa chomharsanacht agus is as sin a tháinig an sloinne dúbailte Healy-Rae.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An líon is mó airí stáit riamh ceaptha – aireacht na Gaeltachta á coimeád ag Calleary" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-29). Dáta rochtana: 2025-01-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-14). "Dáil Éireann: vóta muiníne buaite ag an Rialtas" (as ga-IE).
- ↑ "Sochraide Jackie Healy-Rae ar an Luan" (ga-IE). Tuairisc.ie (2014-12-06). Dáta rochtana: 2024-11-25.
