Éamon Mac Giollamóir
Éamon Mac Giollamóir | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||
Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1989
Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
Meitheamh 26, 1997 - Eanáir 24, 1999 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Meitheamh 26, 1999 - Aibreán 25, 2002 Dúiche: Dún Laoghaire
Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
Eanáir 24, 2005 - Deireadh Fómhair 3, 2007
Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Meán Fómhair 6, 2007 - Iúil 4, 2014 ← Pádraic Ó Coinín - Joan Burton →
Márta 9, 2011 - Feabhra 3, 2016 Dúiche: Dún Laoghaire Toghchán: Olltoghchán na hÉireann 2011
Márta 9, 2011 - Iúil 11, 2014 ← Brian Ó Comhain - Charles Flanagan →
Márta 9, 2011 - Iúil 4, 2014 ← Máire Ní Chochláinn - Joan Burton → | |||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | An Chealtrach, 24 Aibreán 1955 (67 bliain d’aois) | ||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||
Alma mater | Ollscoil na hÉireann, Gaillimh | ||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir, taidhleoir agus ceardchumannaí | ||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | ||||||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre | ||||||||||||||||||||||
gilmore.ie |
Is polaiteoir Éireannach é Éamon Mac Giollamóir (Béarla: Eamon Gilmore)(24 Aibreán 1955 a rugadh é), a bhí ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre idir 2007 agus 2014. Is Teachta Dála é ar son Dhún Laoghaire sa Dáil ó 1989 agus sa bhliain 2011 ghlac sé ról an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha. D'fhógair sé ar an 26 Bealtaine 2014 go raibh ag éirí as a phost mar cheannaire an pháirtí agus go mbeadh sé ag éirí as ról an Tánaiste ar an 4 Iúil 2014 tar éis gur éirigh go dona lena pháirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Éamon Mac Giollamóir ar an 24 Aibreán 1955 sa Chealtrach, Contae na Gaillimhe. Fuair sé a chuid oideachais meánscoile i gColáiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar chaith sé bliain mar Uachtarán Aontais na Mac Léinn. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirínn ó 1976 go 1978. Ag an am sin, bhí a ainm luaite le Sinn Féin Oifigiúil. Sa bhliain 1985, toghadh Mac Giollamóir mar chomhalta ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Toghadh é do Dháil Éireann den chéad uair ag olltoghchán na bliana 1989 agus atoghadh é ag gach olltoghchán ó shin i leith.
Idir 1994 agus 1997 ba Aire Stáit é ag Roinn na Mara. Ó 1992 ba bhall den Daonlathas Clé é go dtí gur nascadh an páirtí sin le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1999. Nuair a d'éirigh Pat Rabbitte as ceannaireacht an pháirtí i mí Lúnasa 2007, d'fhógair Mac Giollamóir go mbeadh sé ina iarrthóir don cheannaireacht. Fuair sé tacaíocht fhorleathan taobh istigh den pháirtí agus fógraíodh ina cheannaire é d'aon ghuth ar an 6 Meán Fómhair gan ballóid ar bith.
Níór ghlac sé páirt in Olltoghchán 2016.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Polaiteoirí na hÉireann
- Ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Tánaistí na hÉireann
- Daoine as Contae na Gaillimhe
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Gaillimh
- Daoine a rugadh i 1955
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Daoine beo