Jump to content

Dún Laoghaire (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún Laoghaire

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1977
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar suite i gContae Bhaile Átha Cliath é Dún Laoghaire. Is Dáilcheantar 4 suíochán é seo.

Mary Mitchell O'Connor, FG, 2015

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Richard Boyd Barrett (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Mary Mitchell O'Connor, Maria Bailey agus Mary Hanafin (FF).

Jennifer Carroll-MacNeill

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Cormac Devlin (Fianna Fáil), Ossian Smyth (Comhaontas Glas), Jennifer Carroll MacNeill (Fine Gael), Richard Boyd Barrett (Dlúthphartíocht–Pobal seachas Bhrabús). Bhí Boyd Barrett ar bharr an chomhairimh in 2020, le 9,632 vóta ach níor toghadh é go bhfuair sé vótaí aistrithe ó Shane O’Brien (SF).

Chaill Fine Gael suíochán i nDún Laoghaire, ceann a fuair Fianna Fáil. Bhí Fine Gael sách láidir sa Dáilcheantar le dhá shuíochán a thógáil ach an vóta a roinnt réasúnta cothrom idir an bheirt iarrthóirí.

Bhi 16% den vóta idir beirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil in 2020, Mary Hanafin (FF) agus Cormac Devlin (FF). Cé go raibh nimh idir na hiarrthóirí le linn an fheachtais, aistríodh 63% de vóta Hanafin chuig Devlin agus thóg sé an suíochán deireanach ó Fhine Gael.

Sna toghcháin áitiúla in 2024, bhí thart ar 35% den vóta ag iarrthóirí ó Fhine Gael; 12% ag Fianna Fáil; 5% ag Sinn Féin; 11% ag an Lucht Oibre agus 12% ag páirtithe eile ar an eite chlé.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí athrú beag sa Dáilcheantar sa mhéad is go bhfuil thart ar 9,000 vóta bainte as, thart ar Charraig an tSionnaigh agus iad curtha le Ráth an Dúin. Ceithre shuíochán a bhí le líonadh agus bhí aonar déag san iomaíocht, ina measc an ceathrar Teachtaí Dála a toghadh in 2020.

Bhí beirt iarrthóirí atá ag Fine Gael: an tAire Stáit Jennifer Carroll-MacNeill (FG) agus an Seanadóir Barry Ward (FG). Tá próifíl ard ag an mbeirt iarrthóirí atá ag Fine Gael ar na meáin chumarsáide. Tá Barry Ward (FG) ar dhuine den bheagán iarrthóirí atá ag Fine Gael a mbíonn ar a chumas agallamh a dhéanamh ar RnaG.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Barry Ward (FG), Jennifer Carroll MacNeill (Fine Gael), Cormac Devlin (Fianna Fáil) agus Richard Boyd Barrett (Dlúthphartíocht–Pobal seachas Bhrabús).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (26 Samhain 2024). "Aire stáit faoi bhrú i nDún Laoghaire agus deis ag Gaeilgeoirí Fhianna Fáil i bhFine Gall ar shuíocháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-26.