Dáilcheantair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Liosta Dáilcheantair)
Jump to navigation Jump to search

Toghann muintir na hÉireann Comhaltaí Dháil Éireann, teach íochtarach Thithe an Oireachtais. Cuireadh an 32ú Dáil ar lánscor ar an 14 Eanáir agus reáchtáladh olltoghchán ar an 8 Feabhra. Beidh 160 Comhalta sa 33ú Dáil a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann 39 dáilcheantar.

An dlí toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leagtar amach in Airteagal 16 de Bhunreacht na hÉireann na riachtanais do dháilcheantair. Deir an Bunreacht an méid seo a leanas;

1 1° Gach saoránach, cibé acu fear nó bean, ag a bhfuil bliain agus fiche slán agus nach gcuirtear faoi mhíchumas nó faoi mhíthreoir leis an mBunreacht seo ná le dlí, tá sé intofa ar chomhaltas Dháil Éireann.

2° i Gach uile shaoránach, agus ii cibé daoine eile sa Stát a cinnfear le dlí, cibé acu fir nó mná, ag a bhfuil ocht mbliana déag slán agus ná cuirtear faoi dhícháilíocht le dlí, agus a chomhlíonann coinníollacha an dlí i dtaobh toghcháin comhaltaí do Dháil Éireann, tá ceart vótála acu i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann.

3° Ní cead aon dlí a achtú a chuirfeadh saoránach ar bith, toisc gur fear nó toisc gur bean an saoránach sin, faoi mhíchumas nó faoi mhíthreoir maidir lena bheith ina chomhalta de Dháil Éireann nó a dhícháileodh saoránach ar bith nó duine ar bith eile, ar an bhforas céanna sin, ó bheith i dteideal vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil Éireann. 4° Ní cead do thoghthóir ar bith thar aon vóta amháin a thabhairt i dtoghchán do Dháil Éireann, agus is le rúnbhallóid a dhéanfar an vótáil. 2 1° Ionadóirí do dháilcheantair a shocraítear le dlí comhaltas Dháil Éireann. 2° Socrófar líon comhaltaí Dháil Éireann le dlí ó am go ham ach ní cead a lánlíon a bheith faoi bhun comhalta in aghaidh gach tríocha míle den daonra, ná os cionn comhalta in aghaidh gach fiche míle den daonra.

3° An chomhréir a bheas idir an líon comhaltaí a bheas le toghadh aon tráth le haghaidh gach dáilcheantair ar leith agus daonra gach dáilcheantair ar leith, de réir an daonáirimh is déanaí dá ndearnadh roimhe sin, ní foláir í a bheith ar cothrom, sa mhéid gur féidir é, ar fud na dúiche uile.

4° Ní foláir don Oireachtas na dáilcheantair a athmheas uair ar a laghad sa dá bhliain déag ag féachaint go cuí d'aon athruithe ar shuíomh an daonra; ach athruithe ar bith dá ndéanfar ar na dáilcheantair ní thiocfaid i bhfeidhm i rith ré na Dála a bheas ina suí le linn an athmheasta sin.

5° Is de réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thoghfar na comhaltaí.

6° Ní cead dlí a achtú a bhéarfadh faoi bhun triúir an líon comhaltaí a bheas le toghadh d'aon dáilcheantar. 3 1° Ní foláir Dáil Éireann a chomóradh agus a lánscor mar a shocraítear le halt 2 d'Airteagal 13 den Bhunreacht seo.

2° Ní foláir olltoghchán do chomhaltaí do Dháil Éireann a bheith ann lá nach déanaí ná tríocha lá tar éis Dáil Éireann a lánscor.

4 1° An vótáil do gach olltoghchán ar leith do Dháil Éireann ní foláir í a dhéanamh, sa mhéid gur féidir é, an t-aon lá amháin ar fud na dúiche uile. 2° Ní foláir do Dháil Éireann teacht le chéile taobh istigh de thríocha lá ón lá vótála sin. 5 Ní bheidh de ré ag aon Dáil Éireann ach seacht mbliana ó lá a céad-tionóil: féadfar ré is giorra ná sin a shocrú le dlí. 6 An comhalta de Dháil Éireann a bheas ina Chathaoirleach díreach roimh lánscor do Dháil Éireann ní foláir socrú a dhéanamh le dlí chun go bhféadfar a mheas an comhalta sin a bheith tofa do Dháil Éireann sa chéad olltoghchán eile, gan é a dhul faoi thoghadh.

7 Faoi chuimsiú na bhforálacha sin romhainn den Airteagal seo is de réir dlí a rialófar toghcháin do chomhaltas Dháil Éireann, mar aon le líonadh corrfholúntas.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh freagrach as na tuairiscí daonáirimh a thiomsú gach cúig bliana.

Faoin Acht Toghcháin 1997, tá Coimisiún um Thoghlaigh le bunú tar éis gach daonáirimh.[1] Tá an Coimisiún neamhspleách agus tá sé freagrach as teorainneacha dáilcheantair a athdhíriú. [2] Ní mór do chomhaltaí an choimisiúin de chúigear a bheith ina mBreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc nó den Ard-Chúirt mar Chathaoirleach, Cléireach na Dála, Cléireach an tSeanaid, an tOmbudsman, agus Ard-Rúnaí na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil. Ní thiocfaidh aon athruithe sna dáilcheantair i bhfeidhm le linn shaolré na Dála agus í ina suí nuair a dhéantar athbhreithniú.

Baintear leas as ionadaíocht chionmhar do thoghcháin ghinearálta trí aonvóta inaistrithe (IC-AVI). Mar an gcéanna, baintear úsáid as IC-AVI i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus baintear úsáid as an córas vóta eile do fhothoghcháin (i gcás nach bhfuil ann ach folúntas amháin) agus toghcháin uachtaránachta. Sonraíonn an bunreacht go bhfuil an líon íosta Teachtaí Dála a thugtar ar ais do gach dáilcheantar trí, ach ní shainmhíníonn sé an líon uasta; mar sin féin, sonraítear sa dlí toghcháin an líon uasta cúigear Teachta Dála.[3]

Is liosta Dáilcheantar na hÉireann é seo. Tá sonraí na nDáilcheantar leagtha amach san Acht Toghcháin (Leasú) (Dáilcheantair), 2013[4].

Olltoghchán na hÉireann, 2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dáilcheantar Suíocháin
Baile Átha Cliath Fine Gall 5
Baile Átha Cliath Láir 3
Baile Átha Cliath Ráth an Dúin 3
Baile Átha Cliath Theas-Lár 4
Baile Átha Cliath Thiar 4
Baile Átha Cliath Thiar Meán 4
Baile Átha Cliath Thiar Theas 5
Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh 3
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas 4
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh 5
Dún Laoghaire 4
An Cabhán–Muineachán 4
Ceatharlach–Cill Chainnigh 5
Ciarraí 5
Cill Dara Theas 3
Cill Dara Thuaidh 4
Cill Mhantáin 5
An Clár 4
Corcaigh Theas-Lár 4
Corcaigh Thuaidh-Lár 4
Corcaigh Thiar Theas 3
Corcaigh Thiar Thuaidh 3
Corcaigh Thoir 4
Dún na nGall 5
Gaillimh Thiar 3
Gaillimh Thoir 3
Laois 3
Loch Garman 5
An Longfort–An Iarmhí 4
5
Contae Luimnigh 3
Cathair Luimnigh 4
Maigh Eo 4
An Mhí Thiar 3
An Mhí Thoir 3
Port Láirge 4
Ros Comáin–Gaillimh 3
Sligeach–Liatroim 3
Tiobraid Árann 5
Uíbh Fhailí 3

Iar-Dáilcheantair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Olltoghchán 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dáilcheantar Suíocháin
Baile Átha Cliath Deisceart 5
Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart 3
Baile Átha Cliath Thuas 4
Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh 3
Baile Átha Cliath Oir-Dheisceart 4
Ciarraí Theas 3
Ciarraí Thuas–Iar-Luimní 3
Dún na nGall Thiar Theas 3
Dún na nGall Thiar Thuaidh 3
Laois-Uíbh Fhailí 3
Luimneach 3
Ros Comáin–Liatroim Theas 3
Sligeach–Liatroim Thuaidh 3
Tiobraid Árann Theas 3
Tiobraid Árann Thuaidh 3

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]