An Chúirt Achomhairc (Éire)
Is cúirt in Éirinn í an Chúirt Achomhairc (Béarla: The Court of Appeal) atá suite idir dlínse na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí. Eascraíonn dlínse na Cúirte ó Airteagal 34.4. Nuair a bunaíodh í in 2014, tháinig sí i réimeas ar an dlínse achomhairc a bhí ag an Chúirt Uachtarach go dtí sin agus tháinig sí in ionad na Cúirte Achomhairc Choiriúil agus na Cúirte Achomhairc Armchúirte (faoi réir forála idirthréimhseacha). Ó bunaíodh an Chúirt Achomhairc, tá de rogha ag an Chúirt Uachtarach achomhairc chuig an chúirt sin a cheadú nó a dhiúltú.
Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach an dá uaschúirt dá bhforáiltear faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 agus faoi Bhunreacht na hÉireann (1937). Faoi na 1990í, bhí riaráiste mór d’achomhairc ón Ard-Chúirt a raibh dualgas ar an gCúirt Uachtarach iad a éisteacht. D’éist an Chúirt Uachtarach níos mó cásanna ná a cuntrapháirteanna i stáit eile ina bhfuil an gnáthchóras dlí i réim.[1] Mhol meitheal oibre a rinne a thuairisc in 2009 go mbunófar cúirt nua chun déileál leis an chuid is mó de na hachomhairc ó bhreithiúnais de chuid na hArd-Chúirte, ionas go ligfear don Chúirt Uachtarach a bheith teoranta do chásanna a bhfuil tábhacht bhunreachtúil ag baint leo amháin. Chun é sin a dhéanamh, bhí gá ann an Bunreacht a leasú chun an ceart ginearálta a bhí ann achomharc a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí a bhaint de, agus chun rogha a thabhairt don chúirt sin cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna áirithe ar cheart dó éisteacht.[2]
Tugadh cead an Bunreacht a leasú de réir moltaí na tuairisce de 2009 i reifreann a ritheadh ar an 4 Deireadh Fómhair 2013. Tugadh éifeacht don bhforáil bhunreachtúil nua faoi reachtaíocht phríomha leis an Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014.[3] Ansin, leasaíodh Rialacha na nUaschúirteanna agus sceideal táillí cúirte le hionstraim reachtúil.[4][5] Tháinig an Chúirt i ngníomh ar an 28 Deireadh Fómhair 2014.[6]
I mí Feabhra 2014, d’fhógair an rialtas go n-ainmneofar breitheamh a bhí ag fónamh san Ard-Chúirt ag an am, Seán Ó Riain mar an t-uachtarán ar an gcúirt nua. Ar an 29 Deireadh Fómhair 2014, d’ainmnigh an Rialtas Ó Riain agus ochtar gnáthbhreithiúna den Chúirt Achomhairc,[7] agus rinne Uachtarán na hÉireann iad go léir a cheapadh ar an lá céanna.[8] Ainmníodh an naoú gnáthbhreitheamh, John A. Edwards ar an 11 Samhain 2014,[9] agus ceapadh é ar an 4 Nollaig 2014.[10] Bhí naonúr de na ceapaithe ar an gCúirt nua ina mbreithiúna san Ard-Chúirt ag an am; fuair breitheamh amháin ardú céime go díreach ón gCúirt Chuarda.[11]
Cásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Deireadh Fómhair 2014, rinne an Chúirt Uachtarach 258 cásanna a aistriú go dtí an Chúirt Achomhairc.[12] I ndiaidh dó níos mó a aistriú, bhí timpeall 1,650 cás i gceist faoi dheireadh.[13]
Ar an 10 Márta 2015, sheas an Chúirt Achomhairc le rialú na hArd-Chúirte a chinn an chúirt sin i mBealtaine 2014 nár réitigh alt 2(2) den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977 leis an mBunreacht, agus, dá bharr, sin nach raibh seasmhacht ag na hionstraim reacthúla a rinneadh iad de réir Alt 2(2) lena ndearnadh druga dearthóra éagsúla a choiriúlú.[14] Cé go raibh de rogha ag an rialtas achomharc ar an gcinneadh sin a iarraidh ón gCúirt Uachtarach, bhí plean teagmhais beartaithe aige chun reachtaíocht éigeandála a reachtú i ndiaidh chinneadh na hArd-Chúirte, agus ritheadh Acht san Oireachtas faoi dhifear ar an 10 - 11 Márta 2015.[15] Tuairiscíodh sna meáin idirnáisiúnta ar an díchoiriúlú a ndearnadh ar MDMA agus ar an meitiolamfataimín ar feadh lá amháin.[16][17]
I Meán Fómhair 2016, dúradh in alt in The Irish Law Times, “the Court of Appeal never had a prayer of solving the problem that was put to the people in this referendum, which was solving the backlog” agus 1,814 cás ar feitheamh ag deireadh 2015 i gcomparáid le 2,001 ag tús na bliana sin.[18] Dúirt urlabhraí thar cionn na cúirte go mbeadh sí in ann cásanna a phróiseáil níos tapa nuair a “aimsíonn sí a slí di féin chun teacht isteach ar an obair.”[18] I nDeireadh Fómhair 2017, dúirt Uachtarán na cúirte go raibh sí “ag druidim le bheith ag an bpointe ag a mbeadh gach rud ag dul sa mhuileann uirthi” mar gheall ar an riaráiste cásanna, agus timpeall 600 cás curtha chuici sa bhliain i gcodarsnacht leis an 320 cás a éiríonn léi déileáil leo in aon bhliain amháin.[13] Thairg an Chúirt Uachtarach cuid de na 650 cás a bhí fós le héisteacht díobh siúd ar aistríodh iad in 2014.[13]
Ballraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá uachtarán, suas le naonúr gnáthbhreithiúna, agus beirt bhall ex officio sa Chúirt Achomhairc. Is iad an Príomh-Bhreitheamh (ceannaire na Cúirte Uachtaraí) agus Uachtarán na hArd-Chúirte an bheirt bhall ex officio.[19] Is ball ex officio na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte é Uachtarán na Cúirte Achomhairc.
Breithiúna reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- *** Seasann sé seo d'Uachtarán na Cúirte
Ainm[20] | Dáta ceapacháin |
---|---|
Seán Ó Riain *** | Deireadh Fómhair 2014 |
Michael Peart | Deireadh Fómhair 2014 |
George Birmingham | Deireadh Fómhair 2014 |
Mary Irvine | Deireadh Fómhair 2014 |
Gerard Hogan | Deireadh Fómhair 2014 |
Alan Mahon | Deireadh Fómhair 2014 |
John A. Edwards | Nollaig 2014 |
John Hedigan | Meán Fómhair 2016 |
Máire Whelan | Meitheamh 2017 |
Paul Gilligan | Eanáir 2018 |
Baill ex officio
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainm | Dáta Ceapacháin | Oifig |
---|---|---|
Frank Clarke | Iúil 2017 | Príomh-Bhreitheamh ar Éirinn |
Peter Kelly | Nollaig 2015 | Uachtarán na hArd-Chúirte |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Road to a Court of Appeal—Part I: History and Constitutional Amendment". Irish Law Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Márta 2016. Dáta rochtana: 29 Márta 2018. “This was out-of-kilter with other jurisdictions of a similar nature in the United Kingdom, Canada, New Zealand and Australia.”
- ↑ Working Group on a Court of Appeal (May 2009). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (PDF) Prn. A8/0153. Dublin: Stationery Office. Curtha i gcartlann 2015-09-23 ar an Wayback Machine
- ↑ "An tAcht um an Chúirt Achomhairc". Leabhar Reachtanna na hÉireann. 20 Iúil 2014. Léadh é ar an 24 Márta 2015.
- ↑ "I.R. Uimh. 485/2014 - Rialacha na hUaschúirteanna (An tAcht um an Ch'uirt Achomhairc 2014) 2014." Irish Statute Book. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
- ↑ "I.R. Uimh. 492/2014 - Ordú (Táillí) na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte 2014." Leabhar Reachtanna na hÉireann. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
- ↑ "Court of Appeal Act 2014 (Establishment Day) Order 2014". Irish Statute Book. Office of the Attorney General. 21 October 2014.
- ↑ "Appointments to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 29 October 2014.
- ↑ "President appoints Appeal Court Judges". Áras an Uachtaráin. 28 October 2014. Archived from the original on 29 October 2014.
- ↑ "Appointment to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 11 November 2014.
- ↑ "President appoints Mr Justice John Edwards as Appeal Court Judge"[nasc briste go buan]. Áras an Uachtaráin. 2 December 2014.
- ↑ "Appointments to the Court of Appeal". MerrionStreet.ie. 29 Deireadh Fómhair 2014.
- ↑ "258 cases transferred to new Court of Appeal". RTÉ News.
- ↑ 13.0 13.1 13.2 "Court of Appeal President warns court close to being overwhelmed". RTÉ.ie.
- ↑ "Bederev -v- Ireland & ors". Judgments. Courts Service of Ireland. [2015] IECA 38. Fuarthas ar an 24 Márta 2015.
- ↑ "Misuse of Drugs (Amendment) Bill 2015 (Number 21 of 2015)". Bills. Oireachtas. Fuarthas 24 Márta 2015.
- ↑ "Irish Es are smiling – ecstasy and other drugs temporarily legal in Ireland". The Guardian.
- ↑ "Give Me a Crash Course In . . . the temporary legalisation of ecstasy". The Irish Times. “Media outlets all over the world picked up on the unusual development.”
- ↑ 18.0 18.1 "Court of Appeal backlog 'could take over a decade to clear'". The Irish Times.
- ↑ "Court of Appeal Act 2014, s.6". Leabhar Reachtanna na hÉireann. 20 Iúil 2014. Fuarthas 16 Eanáir 2016.
- ↑ "The judges" Curtha i gcartlann 2018-03-30 ar an Wayback Machine. An tSeirbhís Chúirteanna (Éire). 21 Iúil 2017.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Reachtanna na hÉireann
- An tSeirbhís Chúirteanna
- Breithiúnais na Cúirte Achomhairc
- Táillí na Cúirte uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte
- Foirmeacha na Cúirte Achomhairc Curtha i gcartlann 2015-04-16 ar an Wayback Machine
- Dialann Dlí na Cúirte Achomhairc
- British and Irish Legal Information Institute (BAILII)