The Irish Times

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesThe Irish Times

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálnuachtán laethúil agus nuachtán
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh29 Márta 1859 Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Lawrence E. Knox
Áit a fhoilsitheBaile Átha Cliath
Tréith
Formáid nuachtáinmórbhileog
Idé-eolaíochtliobrálachas
Aitheantóirí
ISSN0791-5144

Suíomhirishtimes.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: irishtimes Cuir in eagar ar Wikidata

Nuachtán mórbhileoige Éireannach is ea The Irish Times a bunaíodh ar an 29 Márta 1859. Is é Ruadhán Mac Cormaic an t-eagarthóir ó 2022 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Paul O'Neill (2017–2022) agus Kevin O'Sullivan (2011–2017).

Meastar go ginearálta go bhfuil claonadh liobrálach daonlathach sóisialach ag an nuachtán; mar chomparáid, deirtear go bhfuil an Irish Independent ar an eite dheis ó thaobh na heacnamaíochta agus cosmhuintireachais de. Bhí The Irish Times ar son fheachtas Mháire Mhic Róibín chun a bheith Uachtarán na hÉireann, agus ar son athchóirithe dlí in Éirinn maidir le cúrsaí colscartha, frithghiniúna agus ginmhillte.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur bunaíodh The Irish Times le guth a thabhairt do Phrotastúnaigh agus aontachtaithe a bhí ar son aontas polaitiúil na hÉireann leis an mBreatain Mhór. Le linn an fichiú haois, agus deisceart na hÉireann ag éirí níos neamhspleáiche ón Ríocht Aontaithe agus ón gComhlathas, d'athraigh an nuachtán a dhearcadh agus d'éirigh sé níos radacaí i measc na meán in Éirinn.

Sa bhliain 1895, rinne an nuachtán aistriú óna chéad oifigí i mBaile Átha Cliath ar Sráid na Mainistreach Láir go dtí Sráid D'Olier. (Suas chun deireadh na bliana 2004, bhí an Irish Independent suite ar an tsráid sin freisin). Fógraíodh in Eanáir 2005 go mbeadh an nuachtán ag déanamh athaistriú go dtí Sráid na Teamhrach.

Gaeilge sa nuachtán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Póstaer saor ón Irish Times, an taobh Gaeilge

Tá leathanach iomlán Gaeilge, uair sa tseachtain, sa nuachtán ón mbliain 2012 nuair a rinneadh é a athdhearadh. Tá colún Gaeilge ag Alan Titley ann dar ainm Crobhingne. Is é Pól Ó Muirí an t-eagarthóir Gaeilge. Freisin cuireann siad póstaeir srl ar fáil le Gaeilge ar thaobh amháin, agus Béarla ar an taobh eile, ach den chuid is mó déantar é seo le tacaíocht ó ranna éagsúla rialtais.

Úsáidtear Tráthscéal Éireann mar leagan Gaeilge d'ainm an nuachtáin ar uairibh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]