Ard-Chúirt (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaArd-Chúirt
Sonraí
Cineálcúirt Cuir in eagar ar Wikidata
Éire

In Éireann, déileálann an Ard-Chúirt (Béarla: The High Court) leis na cásanna sibhialta agus coiriúla is tromchúisí agus is tábhachtaí ag an gcéad chéim, agus gníomhaíonn sí freisin mar chúirt achomhairc i gcásanna sibhialta as an gCúirt Chuarda. Tá an chumhacht aici cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dlí bunreachtúil freisin, agus athbhreithniú breithiúnach a thionscnamh ar gníomhartha an rialtais agus comhlachtaí poiblí eile.

Bunaíodh an Ard-Chúirt faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, agus deonaíonn an Bunreacht "lándlínse bhunaidh, agus cumhacht chun breith a thabhairt, i ngach ní agus ceist dlí nó fíorais cibé sibhialta nó coiriúil iad" chomh maith leis an gcumas chun a chinneadh " bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí áirithe ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta" Is é an tUachtarán an duine a cheapann na breithiúna.

Mar sin féin, mar a bhíonn ag beagnach gach cumhacht bhunreachtúil a bhíonn ag an Uachtarán, déantar na ceapacháin faoi réir "chomhairle an Rialtais". Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go n-ainmníonn an rialtas na breithiúna agus ceadaíonn an tUachtarán iad go huathoibríoch.

Tá uasmhéid de 40 gnáthbhreitheamh Ard-Chúirte, cé go mbíonn Uachtarán na Cúirte Cuarda, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus an Príomh-Bhreitheamh ina gcomhaltaí ex officio den chúirt chomh maith. De ghnáth, éisteann breitheamh amháin cás amháin, ach is féidir le hUachtarán na hArd-Chúirte a ordú go n-éistfear cásanna áirithe le trí breitheamh ina suí le chéile - tugtar roinnchúirt uirthi mar dhea.

De ghnáth, éistear cásanna sibhialta i bhfoirgneamh na gCeithre Cúirteanna agus cásanna coiriúla sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla i mBaile Átha Cliath, cé go mbíonn an chúirt ag suí go rialta lasmuigh den phríomhchathair.

Tháinig an Breitheamh Richard Johnson i gcomharbacht ar an Breitheamh Onórach, an tUasal Joseph Finnegan mar Uachtarán na hArd-Chúirte i mí na Nollag 2006, agus tháinig an Breitheamh Onórach, an tUasal Nicholas Kearns i gcomharbacht uirthi i mí Dheireadh Fómhair 2009 [1]. Is é an tUasal Peter Kelly an tUachtarán ar an gCúirt faoi láthair. Ba í Mella Carroll an chéad bhean a sheirbheáil ar an gcúirt, sé sin idir 1980 agus 2005.

Breithiúna na hArd-Chúirte[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tOnórach an Breitheamh Peter Kelly,(Uachtarán na hArd-Chúirte)
  • An tOnórach an Breitheamh Michael Moriarty
  • An tOnórach an Breitheamh Paul Butler
  • An tOnórach an Breitheamh Michael Hanna
  • An tOnórach an Breitheamh Brian McGovern
  • An tOnórach an Breitheamh Patrick J. McCarthy
  • An tOnórach an Breitheamh Michael White
  • An tOnórach an Breitheamh Kevin Cross
  • An tOnórach an Breitheamh Paul McDermott
  • An tOnórach an Breitheamh Iseult O'Malley
  • An tOnórach an Breitheamh Anthony Barr
  • An tOnórach an Breitheamh David Keane
  • An tOnórach an Breitheamh Marie Baker
  • An tOnórach an Breitheamh Max Barrett
  • An tOnórach an Breitheamh Bronagh O'Hanlon
  • An tOnórach an Breitheamh Bernard Joseph Barton
  • An tOnórach an Breitheamh Deirdre Murphy
  • An tOnórach an Breitheamh Brian Cregan
  • An tOnórach an Breitheamh Caroline Costello
  • An tOnórach an Breitheamh Aileen Donnelly
  • An tOnórach an Breitheamh Seamus Noonan
  • An tOnórach an Breitheamh Mary Faherty
  • An tOnórach an Breitheamh Tony Hunt
  • An tOnórach an Breitheamh Carmel Stewart
  • An tOnórach an Breitheamh Donald Binchy
  • An tOnórach an Breitheamh Robert Eagar
  • An tOnórach an Breitheamh Robert Haughton
  • An tOnórach an Breitheamh Isobel Kennedy
  • An tOnórach an Breitheamh Mary Ellen Ring
  • An tOnórach an Breitheamh Tony O'Connor
  • An tOnórach an Breitheamh Richard Humphreys
  • An tOnórach an Breitheamh Michael Twomey
  • An tOnórach an Breitheamh Miriam O'Regan
  • An tOnórach an Breitheamh Paul Coffey
  • An tOnórach an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh
  • An tOnórach an Breitheamh Leonie Reynolds
  • An tOnórach an Breitheamh Eileen Creedon
  • An tOnórach an Breitheamh Charles Meenan
  • An tOnórach an Breitheamh David Barniville
  • An tOnórach an Breitheamh Michael MacGrath
  • folúntas x 1

Ex officio:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Príomh-Bhreitheamh, an tOnórach an Breitheamh Frank Clarke
  • An tOnórach an Breitheamh Sean Ryan, Uachtarán na Cúirte Achomhairc
  • An tOnórach an Breitheamh Raymond Groarke, Uachtarán na Cúirte Cuarda

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]