Na Ceithre Cúirteanna
Na Ceithre Cúirteanna | |||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | Struchtúr ailtireachta | ||||
Ailtire | Thomas Cooley James Gandon | ||||
Foirgníocht | 1796 | ||||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1802 | ||||
Tréith | |||||
Stíl ailtireachta | ailtireacht nuachlasaiceach | ||||
Déanta as | eibhear, Portland limestone (en) , copar, iarann teilgthe, gaineamhchloch agus adhmad | ||||
Airde os cionn na farraige | 4 m | ||||
Suíomh geografach | |||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | ||||
| |||||
ID GeoNames | 6949196 | ||||
Is iad na Ceithre Cúirteanna an príomhshuíomh cúirte i bPoblacht na hÉireann, atá suite i mBaile Átha Cliath. Is iad na cúirteanna atá le fáil san fhoirgneamh inniu ná an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, agus an Phríomh-Chúirt Choiriúil.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é an t-ailtire iomráiteach James Gandon a dhear an áit, agus tógadh sna blianta ó 1796 go dtí 1802 í. Is iad na cúirteanna as ar ainmníodh an foirgneamh ná an tSeansaireacht, Binse an Rí, Cúirt an Státchiste agus Cúirt na bPléadálacha Comónta (Common Pleas as Béarla). Ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, leasaíodh córas na gcúirteanna agus tháinig cinn nua in áit na gcúirteanna áirithe seo, ach níor athraíodh ainm stairiúil an fhoirgnimh.
Nuair a bhain an chuid is mó d'Éirinn amach an rialtas dúchais mar Shaorstát, tháinig athrú nua ar chóras na gcúirteanna. Cuireadh sean-Ard-Chúirt na hÉireann ar ceal agus tugadh bata agus bóthar do Thiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann agus do Thiarna Seansailéara na hÉireann. Ina n-áit sin, tháinig an Chúirt Uachtarach nua, agus an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi, chomh maith leis an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, agus Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas uirthi.
Léirscrios an Fhoirgnimh sa Chogadh Cathartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na Ceithre Cúirteanna i gcroílár na n-imeachtaí le linn Éirí Amach na Cásca, agus arís eile sa Chogadh Cathartha. Le linn an Éirí Amach, ghabh an Chéad Chathlán an foirgneamh faoi chomandracht Éamoinn Uí Dhálaigh. Tháinig an áit sách slán as an Éirí Amach, cé go ndearna gunnaí móra na nGall an-léirscrios sa phríomhchathair. Bhí an scéal i bhfad ní ba mheasa sa bhliain 1922, áfach, nó ba sna Cúirteanna seo a thosaigh an Cogadh Cathartha, go bunúsach.
Nó nuair a tháinig scoilt ar Óglaigh na hÉireann i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh, shealbhaigh Ruairí Ó Conchúir agus a chuid Óglach an foirgneamh seo, agus iad ag cur in aghaidh an Chonartha. Ar an 14 Aibreán 1922, gabh Ó Conchubhair agus timpeall 200 poblachtánach frith-Chonartha eile na Ceithre Cúirteanna agus roinnt foirgneamh eile, an Oifig Ballasta agus Halla na Máisiún ar Shráid Theach Laighean ina measc[1]. Bhí Seán Lemass, a bhí ina Thaoiseach sna 1960í, ar dhuine de na hÓglaigh seo.
Thar lear, ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[2] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanaa.[3]
Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[4] Bhí David Lloyd George den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.
Ar 26 Meitheamh 1922, fuadaíodh Ginger O'Connell, a bhí ina Leas-Cheann Foirne in Arm Shaorstát. Coimeádadh é ag garrastún na gCeithre Cúirteanna. Sa deireadh, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag Mícheál Ó Coileáin ach an áit a ionsaí le ruaigeadh a chur ar na frith-Chonraitheoirí.
Ar 28 Meitheamh, thosaigh baráiste airtléire. Scriosadh an foirgneamh faoi chith na sliogán, agus, thar aon rud eile, chuir pléasc mhillteanach sciathán thiar an fhoirgnimh de dhroim an domhain ar fad. Sa teagmháil seo, chuaigh sean-chartlann na dtaifead poiblí trí thine go hiomlán.
Bhí an scrios ina ábhar conspóide ar feadh i bhfad, an raibh na frith-chonraitheoirí tar éis buamaí bobghaiste a fhágáil sa chartlann ? Dhiúltaigh siad don líomhain seo, áfach, agus iad ag áitiú nach bobghaiste a bhí ann, ach a gcuid lón cogaidh. Is fíor go raibh siad ag baint úsáide as an gcartlann mar stóras muinisin, ach ní raibh mianaigh d'aon chineál curtha ansin.
Atógáil na gCeithre gCúirteanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar feadh deich mbliana i ndiaidh an Chogadh Chathartha, bhí na cúirteanna ab airde sa tír - an seanchóras go dtí an bhliain 1924, agus córas nua an tSaorstáit ina dhiaidh sin - lonnaithe i seanárasán an Leas-Rí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1932, hosclaíodh na Ceithre Chúirteanna arís, agus iad atógtha agus athchóirithe ó bhonn aníos.
Mar sin féin, bhí trioc agus troscán an tseanfhoirgnimh caillte go deo, chomh maith leis na doiciméid, a chuaigh trí thine in éineacht le hOifig na dTaifead Poiblí. Thairis sin, ní raibh an stát úrbhunaithe sách saibhir le mórscéimeanna atógála agus athmhaisiúcháin a mhaoiniú. Mar sin, ní dhearnadh iarracht ar bith leis an tseanchuma a chur ar an taobh istigh den fhoirgneamh arís.
hAtógadh dhá thaobhsciathán níb fhaide ar shiúl ón abhainn, nó roimhe sin, bhí sé ag cur isteach ar na daoine chomh cúng agus a bhí na cosáin lasmuigh den fhoirgneamh. Baineadh simléirí den fhoirgneamh freisin.
Is féidir an locht a fháil ar na hathruithe seo, áfach, go ndearna siad dochar don dóigh ar phleanáil Gandon an foirgneamh sa bhliain 1796, agus don dóigh ar chóir dó dul i gcion ar an mbreathnóir, dar leis an ailtire.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil Curtha i gcartlann 2007-09-27 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/83980-UCD-Decade-of-Centenaries_A5-IRISH_FA_download_v2.pdf
- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi: . ISSN 0010-2369.
- ↑ COBÁC (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.