Cartlann
Ionad ina gcaomhnaítear taifid stairiúla is cáipéisí tábhachtacha eile is ea cartlann. Bunaíodh an chéad chartlann náisiúnta sa bhFrainc i 1787. Cruinnítear cáipéisí oifigiúla an náisiúin in oifigí taifead poiblí mar seo i gcuid mhaith tíortha eile anois. Déantar a leithéid go háitiúil freisin maidir le cáipéisí baile, cathrach nó réigiúin. Úsáidtear an téarma le cur síos ar chúltacastóráil comhaid sonraí ríomhaire freisin.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |