Mícheál Ó Coileáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Coileáin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Mícheál Seán Ó Coileáin
(en) Michael John Collins
Beathaisnéis
Breith16 Deireadh Fómhair 1890
Cloich na Coillte Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Lúnasa 1922
31 bliana d'aois
Droichead na Bandan Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Maraíodh i gcomhrac)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


An tAire Airgeadais
2 Aibreán 1919 – 22 Lúnasa 1922
← Eoin Mac NéillLiam Tomás Mac Cosgair →
An tAire Dlí agus Cirt
22 Eanáir 1919 – 1 Aibreán 1919 – Art Ó Gríofa →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Deisceart Chorcaí

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 22 Lúnasa 1922 (bás in oifig)

Toghcheantar: Deisceart Chorcaí

Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Chairman of the Provisional Government of the Irish Free State (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Rí, Londain
Scoil Dlí Dickson Poon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata, státaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineSaorstát Éireann
Céim mhíleataardcheannasaí Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha na hÉireann
Teaghlach
PáirtíKitty Kiernan Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0172543 Find a Grave: 4125 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba cheannaire míleata agus polaiteoir Éireannach é Mícheál Seán Ó CoileáinMichael Collins (16 Deireadh Fómhair 189022 Lúnasa 1922) a rugadh i gContae Chorcaí.[1][2] Bhí sé beartach i gCogadh na Saoirse, agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach na Chéad Dála.

De dheasca an chonartha seo a chuaigh an chríochdheighilt ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug de Valera aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.

Bhí gean ag Gaeil ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i mBéal na Blá in iarthar Chorcaí.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Mícheál Ó Coileáin in aice le Cloich na Coillte in Iarthar Chorcaí sa bhliain 1890. B'eisean dríodar an chrúiscín, agus tháinig beirt mhac agus cúigear deirfiúracha roimhe. Níltear ar aon bharúil faoina bhreithlá, nó is é an dóú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair atá le léamh ar leac a uaighe, ach is é an séú lá déag a thugann lucht scríofa a chuid beathaisnéisí.

Taoisigh Ghaelacha i gCúige Luimnigh ab ea a chuid sinsear, ach nuair a díshealbhaíodh iad, thosaigh siad ag saothrú talún. Ina dhiaidh sin féin, bhí an-tailte ag muintir Uí Choileáin, agus iad ina bhfeirmeoirí saibhre dá réir. Mar sin, nuair a rugadh an Coileánach, níorbh é an bochtanas a bhí i ndán dó go díreach, de réir na cuma a bhí ar na cúrsaí.

Chuaigh deirfiúr le Mícheál, Eibhlín, sna mná rialta, agus is é an t-ainm a ghlac sí uirthi ná an tSiúr Mary Celestine. Bhí sí ag obair ina múinteoir i Londain.

1898, lena mhuintir

Mícheál an t-ainm a bhí ar athair mo dhuine freisin. Chaith seisean seal sna Fíníní nuair a bhí sé óg, ach ansin, d'fhág sé an ghluaiseacht le dul le feirmeoireacht.

Deirtear gur páiste cliste seanchríonna ab ea Mícheál óg. Bhí an-fhaghairt ann, agus tholg sé an náisiúnachas go hóg ó ghabha na háite, Séamas Santry. Ní raibh príomhoide na Scoile Náisiúnta, Donncha Lyons, ag maolú ar an gclaonadh seo ach an oiread, nó bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta (IRB). Stócach láidir scafánta ab ea an Coileánach, agus é an-tugtha do na lúthchleasa. Mar sin féin, bhí sé éirimiúil ó thaobh na hintleachta de, chomh maith.

Naoi mbliana d'aois, 1899

I bhFeabhra na bliana 1906, chuaigh an Coileánach faoi scrúdú na Státseirbhíse, agus é cúig bliana déag d'aois. Le pas a fháil, mhol sé impireacht na Breataine Móire go hard na spéire in aiste a scríobh sé mar chuid den scrúdú.

Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Mícheál ag obair in Oifig an Phoist i Londain, ar nós go leor Éireannach eile. Fuair sé lóistín in árasán a dheirféar, Hannie (Siobhán).

Bhí sé naoi mbliana déag d'aois, nuair a chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta. B'é Somhairle Mag Uidhir, Poblachtánach Protastúnach ó Chorcaigh, a réitigh an bealach sin dó. Níor thóg sé deich mbliana air céimíocht cheannasach a bhaint amach dó san eagraíocht.

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain an Coileánach an chéad cháil amach dó féin le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Bhí an-scileanna aige i gcúrsaí eagraíochta, agus é cliste ar go leor bealaí eile freisin, rud a thabhaigh an-ómós dó ó bhaill eile an Bhráithreachais. Rinneadh comhairleoir airgeadais de don Chunta Pluincéad, athair Sheosaimh Phluincéid, agus le linn an Éirí Amach, bhí sé ina aidiúnach don Phluincéadach óg.

Cáisc 1916
in éineacht le Arthur Griffith

Nuair a thosaigh an tÉirí Amach féin, throid an Coileánach gualainn ar ghualainn le Pádraic Mac Piarais ag Ard-Oifig an Phoist. Mar a tuigeadh do chuid mhaith daoine roimh ré, theip ar an Éirí Amach go hiomlán mar bheart cogaíochta. Ábhar sásaimh ab ea é dóibh go raibh éirí amach nó ceannairc ar bith ann, agus iad ina mhuinín go dtabharfadh íobairt fola na gceannairceoirí inspioráid do dhaoine eile cath a chur ar son na hÉireann arís agus arís eile. Ní raibh an Coileánach sásta leis an dearcadh seo ar aon nós. Cháin sé amaitéarachas an Éirí Amach, go háirithe an dóigh ar sealbhaíodh foirgnimh fheiceálacha, ar nós Ard-Oifig an Phoist féin, nó bhí sé deacair a leithéidí d'áiteanna a chosaint, agus, dá dtiocfadh ort, a thréigean, agus ní raibh sé furasta ach an oiread soláthar a choinneáil leo. Le linn Chogadh na Saoirse, d'áitigh sé ar na hÓglaigh gan "targaidí ina suí" a dhéanamh díobh féin trí fhoirgnimh den chineál sin a shealbhú. A mhalairt ar fad, chuir sé béim ar an treallchogaíocht. Bhunaigh sé díormaí ar leith, mar atá, Colúin Reatha, le cogadh a chur ón eadarnaí. Bhíodh fir na gColún seo ag ionsaí go tobann agus ag éalú ó láthair an éachta chomh tobann céanna. Mar sin, coinníodh líon na dtaismeach lag, agus an cogadh ag éirí leis na hÉireannaigh.

An Chéad Dáil, 1919

Cosúil le cuid mhór acu siúd a ghlac páirt san Éirí Amach, gabhadh an Coileánach, agus bhí pionóis an bháis ag bagairt air ar feadh tamaill, go dtí gur tugadh go campa géibhinn Frongoch é. Ansin féin, thaispeáin sé go raibh comhábhair an cheannaire ann. Nuair a scaoileadh an chuid ba mhó de na cimí saor, bhí Mícheál Ó Coileáin ag fáil an lámh in uachtar ar Sinn Féin cheana.

Ní raibh an páirtí leath chomh sáite san Éirí Amach agus a bhí bolscaireacht na Breataine Móire ag áitiú, ach nuair a chuaigh sé sa pháirtí, thosaigh an Coileánach ag glacadh buntáiste ar íomhá an náisiúnachais radacaigh a ghreamaigh de Shinn Féin de thoradh na bolscaireachta. Lena chuidiú féin, d'insíothlaigh na radacaigh an páirtí. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1917, bhí an Coileánach ina bhall de choiste feidhmitheach Shinn Féin agus ina stiúrthóir cúrsaí eagraíochta ar Óglaigh na hÉireann, agus Éamon de Valera i gceannas ar an dá eagraíocht sin.

An Chéad Dáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

in éineacht lena chara ag an am, Harry Boland. Mansion House in 1919

Ar nós bhaill shinsearacha Shinn Féin ar fad, moladh an Coileánach mar iarrthóir in olltoghcháin na bliana 1918 le suíochán a lorg mar Fheisire i dTeach na dTeachtaí i Londain. Cosúil le formhór mór na n-iarrthóirí, vótáladh an Coileánach isteach. Bhí sé ina Fheisire do dháilcheantar Ard Mhacha Theas. Bhí sé fógartha ag Sinn Féin, áfach, nach nglacfadh Feisirí an pháirtí a gcuid suíochán i Westminster. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile ina bparlaimint scartha in Éirinn - Dáil Éireann. Chruinnigh an Chéad Dáil seo i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath i Mí Eanáir sa bhliain 1919. Bhí Éamon de Valera agus roinnt Feisirí eile de chuid Shinn Féin gafa ag na Sasanaigh cheana. Nó is amhlaidh go bhfuair an Coileánach foláireamh óna ghréasán spiaireachta go raibh a leithéid ar na bacáin ag na húdaráis, ach nuair a nocht sé an fhaisnéis seo do Dev, d'áitigh sé siúd ar na Sinn Féinithe eile gan a dhath a shíleadh den rabhadh. Chreid sé nach rachadh a leithéid de shluaghabháil ach chun dochair do na Gaill cibé, nó bheadh an-ábhar bolscaireachta ann do na Gaeil. Nuair a fuair an oiread sin ceannairí iad féin faoi ghlas, áfach, is beag duine a fágadh deis acu an bholscaireacht sin a chraobhscaoileadh. Nuair a bhí de Valera sa phríosún, toghadh Cathal Brugha ina Phríomh-Aire, ach tháinig Dev ina áit, nuair a d'éalaigh sé as Príosún Lincoln i Mí Aibreáin sa bhliain 1919, le cuidiú an Choileánaigh.

Ar a "High Nelly" idir 1919-1922[3]

Is iomaí trá a bhí le freastal ag an gCoileánach sa bhliain 1919. Sa samhradh, cuireadh i gceannas ar an IRB é. I Mí Mheán Fómhair, chuaigh sé i mbun Rannóg Faisnéise na nÓglach. Thosaigh Cogadh na Saoirse ar an lá céanna agus a chéadchruinnigh an Dáil i Mí Eanáir sa bhliain 1919, nó b'ar an lá céanna a lámhach cathlán d'Óglaigh beirt saighdiúirí dubha a bhí ag gardáil coinsíneacht geiligníte ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann. Ní raibh orduithe faighte ag na hÓglaigh an t-éacht seo a dhéanamh.

Londain, 1921, idirbheartaíocht a mhair ar feadh i bhfad

Aire airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh sé gnóthach cheana féin, fuair sé tuilleadh dualgais le comhlíonadh, nuair a rinne Éamon de Valera Aire Airgeadais de sa bhliain 1919.

Bhí an tír ar barr lasrach le cogadh cruálach, agus Constáblacht Ríoga na hÉireann is na Dúchrónaigh ag rith damhsa fud fad na hÉireann. Mar sin, b'éigean do na h-"aireachtaí" (mar a thugtaí ar na ranna rialtais san am) gníomhú ar chúla téarmaí. Ní raibh sa chuid ba mhó acu ach cúpla duine agus iad ag obair i seomra beag i dteach príobháideach, má bhí an oiread sin féin ann.

Scéal eile ar fad ab ea scéal an Airgeadais, agus an Coileánach ag freastal air. Bhí seisean agus a fhoireann ábalta móreisiúint bannaí stáit a chóiriú le bun a chur le státchiste na Poblachta. Chuaigh scéal na hiasachta náisiúnta seo a fhad le Léinín, agus chuir seisean toscaire go hÉirinn le slám airgid a fháil ar iasacht ó na hÉireannaigh chun an phoblacht Shóivéadach s'aige féin a mhaoiniú. Thairg Léinín roinnt seoda de chuid Choróin na Rúise Impiriúla mar chúlbhannaí. Fágadh na seoda seo i dtaisce go dtí na tríochaidí, agus iad ligthe i ndearmad ag cách. Sa deireadh, thángthas orthu de thaisme.

An té a chaithfidh súil ar ais ar a ndearna an Coileánach, tiocfaidh iontas an domhain air i bhfianaise na n-iléachtaí sin. D'fhruiligh an Coileánach scuad feallmharfóireachta, "An Dáréag", le spiairí de chuid na Sasanach a mharú. Chóirigh sé an "Iasacht Náisiúnta". Bhí sé ag coinneáil na nÓglach ag imeacht, agus nuair a bhí de Valera ag taisteal na Stát Aontaithe, b'éigean dó an chuid ba mhó de chúrsaí an rialtais a chomhordnú thar thréimhse fhada. Thairis sin, chaithfeadh sé airm a smuigleáil isteach le haghaidh na nÓglach. D'fhéadfá a rá gur réabhlóid aonair ab ea an fear féin.

B'iad an Coileánach agus Risteard Ó Maolchatha príomheagraithe na nÓglach, a fhad is a bhí sé indéanta ar aon nós ord agus eagar a choinneáil ar dhíormaí scaipthe treallchogaíochta den chineál sin. Is gnách a rá gurbh é an Coileánach a d'eagraigh na Colúin Reatha le linn Chogadh na Saoirse, ach ar ndóighe, ní fhéadfadh sé a leithéid de rud a chur i gcrích gan chuidiú ó dhaoine eile.

Bhí an-lámh aige san obair seo, ach b'é Risteard Mac Aodha an príomheagraí. Ní ba déanaí, chuir na Sasanaigh Mac Mhic Aodha chun báis mar dhíoltas i ndiaidh Dhomhnach na Fola 1920. Thairis sin, bhí na hÓglaigh go mór mór i dtuilleamaí na gceann feadhna áitiúil, beag beann ar an gCoileánach agus ar an Maolchathach.

Ag sochraid Art O'Gríofa - Lúnasa 1922

Sa bhliain 1920, an bhliain chéanna a shlánaigh an Coileánach tríocha bliain d'aois, bhí na Sasanaigh ag tairiscint deich míle punt airgid (ba mhillteanach an slám airgid é san am) ar gach eolas a chabhródh leo Mícheál Ó Coileáin a ghabháil nó a mharú.

I measc na gceannairí náisiúnta, d'éirigh ina naimhdeas idir eisean agus beirt fhear ar leith: Cathal Brugha, an tAire Cosanta, agus de Valera, an Príomh-Aire.

Bhí Cathal Brugha in ainm a bheith ina Aire Cosanta. Fear dúthrachtach a bhí ann ceart go leor, ach ní raibh sé leath chomh héirimiúil leis an gCoileánach. Cé nach raibh Mícheál Ó Coileáin ach ina Aire Airgeadais, go hoifigiúil, is é an chuma a bhí ar na cúrsaí ná nach raibh de dheis ag Brugha a chuid cúraimí féin a fhreastal, agus an Coileánach á gcríochnú dó beag beann air féin.

rinne an Ginearál cigireacht ar na trúpaí

Bhí de Valera in éad lena chomhchogaí óg, go háirithe i ndiaidh an mhórchlú a bhain an Coileánach amach dó féin mar cheannaire sa bhaile, nuair a bhí de Valera féin ag lorg tacaíochta don Phoblacht sna Stáit Aontaithe, obair nach raibh mórán toraidh uirthi. Bhí sé le haithint ar a leasainmneacha féin an dóigh a raibh siad ag iompairc le chéile: "An Buachaill Ard" a bhítí ag tabhairt ar de Valera - fear ard as an ngnáth a bhí ann - ach nuair a bhí seisean i Meiriceá, bhaist na hÓglaigh an leasainm "An Buachaill Mór" ar an gCoileánach, rud nár thaitin le de Valera in aon chor. Ag filleadh abhaile dó, d'fhéach de Valera leis an gCoileánach a chur go dtí na Stáit Aontaithe, siocair is go mbeadh seisean ar an t-aon duine amháin a bheadh ábalta an obair a chur i gcrích thall ansin. Dhiúltaigh an Coileánach féin don áitiú seo, agus an chuid ba mhó de lucht ceannais Shinn Féin (cé is moite de Chathal Brugha agus Aibhistín de Staic) ag tacú leis. Mar sin, d'fhan sé in Éirinn.

Nuair a tháinig an Sos Cogaidh, hullmhaíodh comhdháil síochána idir Rialtas na Breataine Móire agus cinnirí na Poblachta nach bhfuair aitheantas idirnáisiúnta go fóill, ach amháin ón Aontas Sóivéadach, a bhí go mór mór in anás airgead iasachta ó na hÉireannaigh. Cé go raibh de Valera agus Gael-Mheiriceánaigh chlúiteacha ag déanamh stocaireachta i Washington, D.C., agus Seán T. Ó Ceallaigh ag comhdháil síochána Versailles, le haitheantas a bhaint amach don Phoblacht, ní raibh sé le fáil.

I Mí Lúnasa sa bhliain 1921, d'athraigh an Dáil oifig de Valera ón bPríomh-Aireacht go hUachtaránacht na hÉireann, le go mbeadh sé ar aon leibhéal leis an Rí Seoirse a Cúig. Ansin, chuir sé iontas ar an saol ar fad, nuair a d'fhógair sé nach nglacfadh sé páirt sna comhchainteanna, ach oiread leis an Rí.

Ina áit sin, bhronn sé lánchumhacht ar thoscaireacht a chuir sé go Londain. Is é is brí leis an "lánchumhacht" ná go raibh sé ar chumas na dtoscairí seo conradh síochána a shíniú leis na Gaill gan faomhadh a fháil roimh ré uaidh féin. B'iad Art Ó Gríofa agus Mícheál Ó Coileáin a chuaigh i gceannas ar an toscaireacht. Bhí an Coileánach iontach míshásta leis an gcomhairle seo, nó is é an tuairim a bhí aige féin ná gur chóir do Dev féin na cúrsaí seo a phlé leis na Sasanaigh. Ina dhiaidh sin is uile, thoiligh sé dul go Londain.

An Conradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an toradh a tháinig as na comhchainteanna ná an Conradh Angla-Éireannach, agus b'é an Conradh seo ba bhunús le stát nua Éireannach, mar atá, Saorstát Éireann. Bhí forálacha ann le haghaidh stát uile-Éireannach, ach san am céanna, d'fhág sé ar chumas sé chontae in oirthuaisceart an oileáin tarraingt siar as an stát seo, rud a rinne siad gan mhoill. Bhí sé leagtha amach sa Chonradh go gcaithfí coiste ar leith a chur ag obair leis an teorainn a atarraingt, dá dtogródh na Sé Chontae a leithéid a dhéanamh, agus is é an rud a bhí ar intinn an Choileánaigh go bhféadfaí, ar an mbealach seo, limistéar an stáitín thuaisceartaigh a laghdú an oiread sin is nach bhfágfaí maireachtáil ar bith ann ar chúrsaí eacnamaíocha. Bhí an beart sin incheaptha san am, nó bhí cónaí ar an gcuid ba mhó den phobal Aontachtach taobh istigh de shrianta cúnga in oirthear Uladh.

Bheadh stádas Tiarnais ag an Saorstát nua, agus é á rialú ag parlaimint dhá theach. Bheadh an t-údarás iomlán dílsithe don Rí, ach san am céanna, bheadh sé á oibriú ag Rialtas dúchasach, agus b'í Dáil Éireann, teach íochtarach na Parlaiminte nua, a cheapfadh an Rialtas sin. Bheadh cúirteanna dá gcuid féin ag na hÉireannaigh, agus tríd is tríd, bheadh níos mó neamhspleáchais ag an tír ná a rithfeadh le Charles Stewart Parnell nó le Páirtí Pairliminteach Sheáin Réamainn a éileamh riamh.

An Conradh

Is é an meas a bhí ag na dearg-Phoblachtánaigh ar an gConradh ná gur feillbheart a bheadh ann. In áit na Poblachta a bhí bainte amach le lámh láidir, thiocfadh Saorstát nach mbeadh ach stádas an Tiarnais taobh istigh d'Impireacht na Breataine aige, agus chaithfeadh na Teachtaí Dála dílseacht a mhóidiú go díreach don Rí, mar a cuireadh an scéal i bhfocail san am. (Le fírinne, ba don Saorstát a mhóideoidís an dílseacht, ach bhí an dílseacht don Rí ag dul leis an móid seo mar aguisín, mar a bhí leagtha amach sa Chonradh.)

Chuaigh scoilt ar Shinn Féin faoin gConradh, agus de Valera ag dul le faicsean na fhrith-Chonraitheoirí le cur in aghaidh an ghéillte seo, mar a thuig sé é. Iad siúd nach raibh ag aontú leis, chuir siad ina leith go raibh a fhios aige ón tús nach mbeadh an Phoblacht inbhainte amach cibé scéal é, agus gur chuir sé an Coileánach i gceannas ar an toscaireacht d'aonturas, leis an náire a sheachaint.

Dhiúltaigh de Valera do na líomhaintí seo, ach is é an chiall a bhaineann an chuid is mó de staraithe an lae inniu ná gurb é sin an freagra is fearr ar an gceist, cén fáth nach ndeachaigh seisean go Londain. D'áitigh an Coileán, siúd is nár thug an Conradh an tsaoirse d'Éirinn mar Phoblacht, gur bhronn sé de shaoirse ar na hÉireannaigh an tsaoirse sin a bhaint amach iad féin. Sa deireadh thiar thall, b'é de Valera féin a chruthaigh gurbh fhíor don Choileánach an méid sin.

Kitty Kiernan, i ngrá le Harry Boland agus an Coileánach

An tAitheantas Trípháirteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir mar a bhí sé leagtha amach sa cháipéis féin, chaithfeadh trí pharlaimint a bhfaomhadh a thabhairt don Chonradh Angla-Éireannach. Fuair sé formhuiniú Pharlaimint na Breataine Móire, ar dtús. Ansin, chaithfeadh Dáil Éireann glacadh leis, freisin, cé nach raibh aon stádas dlíthiúil ag an Dáil de réir an dlí idirnáisiúnta, ó nach bhfuair sé aitheantas na n-údarás Gallda. Nó, ós rud é go raibh stádas de facto ag an Dáil, agus í ag oibriú chumhacht pholaitiúil Shinn Féin agus mhuintir na hÉireann, ní fhéadfaí ach an Conradh a chur faoi bhráid na Dála. Thairis sin, bhí an tríú Parlaimint ann, mar atá, Teach Teachtaí Dheisceart Éireann. De réir fhorálacha an Achta um Rialtas na hÉireann, a bhí reachtaithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe sa bhliain 1920, bhí a leithéid de chomhairle reachtach ann, cé nár tháinig sí le chéile riamh roimhe seo, ós rud é gurbh fhearr le formhór a cuid feisirí Dáil Éireann. Anois, áfach, chruinnigh an Teach sin faoi dheoidh. Bhí na frith-Chonraitheoirí á bhaghcatáil, ar ndóigh, ach tháinig na Saorstátairí agus an ceathrar Aontachtóirí nár ghlac páirt in obair na Dála riamh, agus ar ndóigh, dhearbhaigh siad an Conradh.

17 Márta 2022, sa Sciobairín in iarthar Chorcaí

An Rialtas Sealadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Dáil Éireann ann i gcónaí, de réir a Bunreachta a bhí i bhfeidhm ón mbliain 1919 ar aghaidh. D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht agus é ag súil leis go n-atoghfaí é, ar dhóigh is go n-éireodh leis an Conradh a chur ar neamhní ansin. B'é Art Ó Gríofa a vótáladh isteach ina áit, áfach, agus b'eisean a shealbhaigh an Uachtaránacht. Níor thug sé "Uachtarán na hÉireann" air féin, áfach, ach "Uachtarán na Dála" - is é sin, an Ceann Comhairle, más maith leat. Mar sin féin, ní raibh aon stádas dlíthiúil ag an rialtas seo, de réir dhlí bunreachtúil na Breataine Móire, agus tháinig rialtas eile ar an bhfód, agus é, go foirmeálta, freagrach do Theach Teachtaí Dheisceart Éireann.

B'é an Coileánach a bhí i gceannas ar an Rialtas Sealadach nua, agus is é an teideal a bronnadh air ná Uachtarán an Rialtais Shealadaigh - is é sin, an Príomh-Aire. San am céanna, choinnigh sé an Aireacht Airgeadais i rialtas Poblachtach an Ghríofaigh. Bhí na cúrsaí dlí iontach casta timpeall an scéil. De réir dhlí na Breataine Móire, bhí sé ina Phríomh-Aire anois, agus é ainmnithe ag an gCoróin agus insealbhaithe de réir na pribhléide ríoga. Le hinsealbhú a fháil, b'éigean dó cuairt fhoirmeálta a thabhairt ar an Viocúnta Fitzalan, Tiarna Leifteanant na hÉireann. Is é an dearcadh Poblachtánach ná go ndeachaigh an Coileánach ansin le go dtabharfadh an Viocúnta suas Caisleán Átha Cliath dó. De réir dhlíthe bunreachtúla na Breataine Móire, áfach, searmanas a bhí ann ar a dtugtar "pógadh na láimhe", is é sin, insealbhú Aire Rialtais de chuid na Corónach, agus gurbh é an teagmháil féin, seachas aon cháipéis a shíneofaí, a d'fhág an Coileánach i seilbh na Príomh-Aireachta.

De réir mar a insítear, bhí an Coileánach seacht nóiméad mall ag teacht ar an searmanas, agus an Tiarna Leifteanant á cháineadh. Is é an freagra a thug an Coileánach ná: "Bhí ortsa seacht nóiméad a chaitheamh ag fanacht liom, agus sinne ag fanacht leis an lá seo le seacht gcéad bliain!"

Tharraing ceist an Chonartha achrann millteanach anuas ar Éirinn. Thar aon rud eile, bhí Éamon de Valera míshásta go síneodh an Coileánach aon chonradh gan údarás ar leith a iarraidh air féin roimh ré. Sa bhreis air sin, ba chúis an-díospóireachta é an Conradh féin. Bhí de Valera agus roinnt mhaith eile de frith-Chonraitheoirí thábhachtacha ag lochtú an stádais a d'fhág an Conradh ag Éirinn, mar Thiarnas taobh istigh den Impireacht. An mhóid a chaithfí a mhionnú don Rí, bhí an-tábhacht shiombaileach léi, fosta. Ní rabhthas róshásta leis ach oiread go gcoinneodh na Gaill Calafoirt an Chonartha acu féin le go bhféadfaí an Cabhlach Ríoga úsáid a bhaint astu. D'fhéadfadh na Sasanaigh an-smacht a choinneáil ar pholasaí eachtrach na hÉireann, dar leis na frith-Chonraitheoirí , agus na calafoirt sin acu, gan trácht ar an móid dílseachta. Nuair a caitheadh an vóta faoin gConradh, bhí beagnach duine as gach beirt de na Teachtaí ag cur in aghaidh an Chonartha, ach, i ndiaidh an iomláin, ghlac an tromlach leis, ar an seachtú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1922. Caitheadh seacht vóta déag is dhá scór ina aghaidh, agus ceithre vóta is trí scór ar mhaithe leis. Mar sin féin, bhí an chuid ba mhó de na hÓglaigh ag cur in aghaidh an Chonartha, agus tháinig an chuma ar na cúrsaí go rachaidís chun cogaidh faoin scéal - go raibh cogadh cathartha ar na bacáin.

Ag caitheamh súil an lae inniu ar na himeachtaí sin dúinn, is dócha gur ábhar iontais dúinn nach raibh an oiread sin tábhachta ag baint le ceist na críochdheighilte san am. Bhí na hÓglaigh suite siúráilte nach mbeadh teacht aniar i stáitín an Tuaiscirt cibé scéal é, agus bhí an Coileánach féin meáite ar an stáitín a chloí le treallchogaíocht. I dtús na bliana 1922, thosaigh sé ag cur fir agus trealamh cogaidh thar an Teorainn le cuidiú le hÓglaigh an oirthuaiscirt. Chuir an Cogadh Cathartha an plean seo ar neamhní, ach dá mbeadh sé i ndán don Choileánach teacht slán as an gCogadh Cathartha, is follasach nach bhfágfadh sé an Tuaisceart ag na Gaill gan treallchogadh a chur faoi. Mar sin, fuair sé tacaíocht an chuid ba mhó de na hÓglaigh sna Sé Chontae. Chuaigh níos mó ná míle fear acu siúd, fiú, in Arm an tSaorstáit.

ardcheannasaí, 1922

Go gairid roimh thús an Chogadh Chathartha i Mí an Mheithimh sa bhliain 1922, bhí an Coileánach go héadóchasach ag iarraidh an scoilt a dhúnadh agus cogadh a sheachaint. Thréig de Valera agus na frith-Chonraitheoirí eile an Dáil, ach shocraigh an Coileánach go rachadh an dá fhaicsean de Shinn Féin sa chéad toghchán in éineacht agus go mbeadh comhrialtas acu ina dhiaidh sin.

Ar dtús, rith comhréiteach leis an gCoileánach: bheadh bunreacht Poblachtánach ag an Saorstát nach ndéanfadh trácht ar bith ar an Rí, ach ní dhiúltófaí don Chonradh. Bhí an smaoineamh seo inghlactha ag an gcuid ba mhó de na Poblachtánaigh, leis. Chun scoilt na nÓglach a leigheas, bhunaigh an Coileánach Coiste Athaontaithe an Airm, agus bhí toscairí ón dá thaobh ina mbaill den Choiste. Ghlac sé buntáiste, freisin, ar an seasamh a bhí aige san IRB leis na hÓglaigh a mhealladh chun toiliú leis an gConradh. Ansin, áfach, dhiúltaigh na Gaill don bhunreacht Phoblachtánach, agus ní raibh comhréiteach ar bith ar fáil ó na Poblachtánaigh a thuilleadh. Mar sin, ní raibh an cogadh cathartha le seachaint ní ba mhó.

An Cogadh Cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mícheál Ó Coileáin & Risteard Ó Maolchatha ag sochraid Stáit Art Uí Ghríofa ar an 16ú Lúnasa , 1922

I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh, mharaigh beirt Óglach Sior Henry Wilson, ginearál Gallda ar pinsean, i mBelgravia i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair Winston Churchill ar an gCoileánach Arm na Breataine a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.[4][5]

12 Lúnasa 1922. Feallmharaíodh é 10 lá ina dhiaidh

Cibé scéal é, ní raibh de rogha ag an gCoileánach, ansin, ach dul i ndeabhaidh lann leis na frith-Chonraitheoirí, go háirithe nuair a d'fhuadaigh siad ginearál de chuid an tSaorstáit. Rinne sé an iarracht dheireanach áitiú ar na fir sna Cúirteanna gurbh fhearr dóibh scaipeadh. Nuair nach raibh toradh ar bith air sin, fuair sé áis dhá ghunna mhóra airtléire ó na Sasanaigh, agus thosaigh sé ag bombardú an fhoirgnimh go dtí gur ghéill na frith-Conraitheoirí ansin iad féin dó.

Na himeachtaí seo a chuir tús le Cogadh Cathartha na hÉireann, nuair a phléasc cathanna amach idir na frith-Chonraitheoirí agus trúpaí an tSaorstáit. Faoi cheannas an Choileánaigh, ghabh fórsaí an tSaorstáit an phríomhchathair go sciobtha.

I Mí Iúil 1922 bhí na frith-Chonraitheoirí sách láidir i gCúige Mumhan. Thaobhaigh de Valera agus na Teachtaí Dála frith-Chonartha eile leis na hÓglaigh a bhí in aghaidh an tSaorstáit. Thart faoi lár na bliana, d'fhág an Coileánach uaidh cúraimí an Phríomh-Aire le bheith ina ardcheannasaí ar an Arm Náisiúnta.

Arm ceart faoi shainéide ab ea é agus é ag fás timpeall ar an bhfaicsean de na hÓglaigh a bhí báúil leis an gConradh. Tháinig borradh mór ar arm an tSaorstáit le cuidiú na Sasanach, idir threalamh agus mhaoiniú, agus fir nua á bhfruiliú le haghaidh an chogaidh chathartha.

Chinn an Coileánach in éineacht le hEoin Ó Dufaigh agus Risteard Ó Maolchatha díormaí a thabhairt go dtí an Mhumhain ón bhfarraige. Chuaigh na Saorstátairí i dtír ar chósta na Mumhan in aice leis na críocha a bhí á gcoimeád ag na frith-Chonraitheoirí , agus i ndeireadh an tSamhraidh, d'athghabh saighdiúirí an tSaorstáit an Mhumhain agus iarthar na tíre.

Chuaigh an Coileánach féin go Contae Chorcaí, a sheanfhód dúchais. Bhí mífhoighne air an cogadh a chríochnú chomh luath agus ab fhéidir, agus deirtear go raibh sé ag iarraidh teacht i dteagmháil leis na cinnirí frith-Chonartha le go bhféadfaí sos cogaidh a chur ar bun, ar a laghad.

Bás an Choileánaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Plaic chuimhneacháin i mBéal na Blá.

D’imigh an Coileánach ar chigireacht mhíleata thart ar chúige Mumhan i mí Lúnasa. Ar a bhealach trí Chontae Chorcaí, in aice le Béal na Blá, maraíodh Mícheál Ó Coileánach ar an dóú lá fichead de Mhí Lúnasa 1922.

Is léir go raibh nasc idir a thuras cinniúnach agus an rún a bhí aige teacht ar shocrú éigin leis an bhfreasúra poblachtánach, agus bhí sé ag socrú cruinnithe le idirghabhálaithe. Bhí sé in aghaidh aon iarracht socrú crua ná cinsireacht dhian a bhualadh ar an bhfreasúra.[2]

Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Chonraitheoirí áitiúla roimh. D'ordaigh an Coileánach do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina charr armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, Emmet Daltún.

Dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail an Coileánach. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil.

Ní raibh ach aon bhliain déag agus fiche slánaithe ag an gCoileánach, lá a bháis. D’fhreastail tuairim is 500,000 duine ar a shochraid i mBaile Átha Cliath.

Níltear ar aon fhocal faoi cé a mharaigh é. (Ach tá sé le léamh ar leabhair áirithe gurbh é Donncha Ó Néill, nó "Sonny", iar-aimsitheoir de chuid Arm na Breataine Móire a chuaigh sna hÓglaigh, a scaoil an t-urchar a bhuail é. Fuair "Sonny" bás sa bhliain 1950).

Oidhreacht an Choileánaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

dealbh bhrád, Contae Chorcaí, áit a rugadh Collins, (Albert Power, 1920idí)

Áirítear Mícheál Ó Coileáin ar ceann de na seansanna móra caillte i stair na hÉireann.[6] Fear ardéirimiúil, intleachtúil, paiseanta, dúthrachtach a bhí ann, agus chronaigh an stát úrbhunaithe go géar é, nuair nach raibh sé ann a thuilleadh. Beag beann ar an bhfreasúra, choinnigh sé soláthar agus tacaíocht leis na hÓglaigh i dTuaisceart Éireann, ach nuair a bhí sé imithe, d'éirigh lucht a chomharbais as an bpolasaí go sciobtha. Is éadócha go mbeadh sé chomh patuar i leith mholtaí Choimisiún na Teorann agus iad siúd a tháinig ina dhiaidh. Mhéadaigh sé ar mhéala a bháis go bhfuair an tUachtarán Ó Gríofa bás deich lá roimhe sin, le teann an stró a chuir imeachtaí na tíre air. Is ar éigean a chonacthas an Coileánach go poiblí i ndiaidh lá adhlactha a chara, agus é ag siúl ar lorg na cónra. Sula raibh seachtain iomlán thart, cuireadh an Coileánach féin sa reilig chéanna, Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Ábhar fiannaíochta ab ea na focail a labhair sé ar lá sínithe an Chonartha. Nuair a dúirt an Tiarna Birkenhead, agus é buartha faoin dóigh a rachadh an Conradh i bhfeidhm ar an mBreatain Mhór, go raibh eagla air gur shínigh sé barántas a bháis pholaitiúil, is é an freagra a fuair sé ón gCoileánach go raibh seisean i ndiaidh barántas a fhíorbháis a shíniú. Seo mar a scríobh an Coileánach chuig dlúthchara leis:

"I ndiaidh an oiread sin allas a bhárcadh, i ndiaidh an oiread sin streachailte agus tromluithe, tá tú, go tobann, ag siúl na sráideanna i Londain agus iad fuar fliuch faoi aer na hoíche. Samhlaigh leat - céard atá agat le tabhairt d'Éirinn? Rud atá ag teastáil uaithi le seacht gcéad bliain. An sásóidh an margadh seo aon duine? Duine ar bith? Seo an méid a deirim leat: go moch ar maidin inniu, shínigh mé barántas mo bháis féin. Nuair a rinne mé é, is é an rud a bhí ar m'intinn ná: féach chomh haisteach, chomh háiféiseach atá sé - bheadh sé chomh maith ag an gcorr-philéar an jab a dhéanamh cúig bliana ó sin."

Iad siúd a tháinig slán as pianta breithe na hÉireann, fir ar nós Éamon de Valera, Liam Tomás Mac Cosgair, Risteard Ó Maolchatha agus Eoin Ó Dufaigh, choinnigh muintir na hÉireann cuimhne ar an dóigh ar éirigh leo an stát a chur ar bun agus a choinneáil ag imeacht. An Coileánach, arís, ó cailleadh chomh hóg sin é, ní chuimhnítear air ach mar idéalaí óg radacach nach gcaithfeadh riamh fadhbanna na síochána a fhuascailt.

Michael Collins (Love of Ireland); Pictiúr le John Lavery

Chuaigh de Valera i gcuimhne na ndaoine mar sheanfhear caoch ag caitheamh deireadh a shaoil leath ina phinsinéir ina Uachtarán ar Éirinn sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Is é an chuimhne a choinnítear ar Liam Mac Cosgair ná gurbh eisean an Taoiseach ar thit sé ar a chrann cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina seasamh arís i ndiaidh tuairteáil an stocmhalartáin sa Wall Street. Is é an rud is túisce a ritheann leis na daoine faoi Risteard Ó Maolchatha gurbh eisean a d'údaraigh bású na gcimí i rith an Chogaidh Chathartha. Maidir le hEoin Ó Dufaigh, b'eisean an póilín a chuaigh le polaitíocht agus a thug taitneamh d'fhaisisteachas Francisco Franco. An Coileánach, áfach, ní raibh sé i ndán dó a lámha a shalú i gcúrsaí na polaitíochta iarchogaidh. Eisean an fear óg glórmhar scafánta a bhí ábalta idir Phoblacht, Chonradh agus inspioráid mhillteanach a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus a fuair bás sular tháinig bláth ceart air, go díreach nuair a bhí a thír dhúchais ar thairseach an neamhspleáchais.

Sna scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúchrónach agus gunna Lewis, i mBÁC

Sa bhliain 1996, tháinig scéal Mhíchíl Uí Choileáin ar an scáileán, nuair a rinne an stiúrthóir Neil Jordan scannán de. B'é Liam Neeson a bhí i ról an Choileánaigh féin, agus b'í Julia Roberts a rinne páirt a chailín, Caitríona Nic Thiarnáin. Thairis sin, chonacthas Aidan Quinn ag déanamh pháirt Énrí Uí Bheóláin, agus b'ar chrann Alan Rickman a thit sé ról Eamon de Valera a dhéanamh. B'é an stiúrthóir féin, Neil Jordan, a chum an script, agus b'é Elliot Goldenthal an ceolchumadóir a sholáthair an fuaimrian.

Thaitin an scannán go mór leis na léirmheastóirí ar chúiseanna foirme, struchtúir agus insinte, ach san am céanna, bhí na staraithe ag fáil lochta ar an dóigh ar chuir Jordan fíricí na staire as a riocht le cur le teannas drámatúil na hinsinte. Agus an méid sin ráite, bhí an scannán seo ar an gceann ba rathúla a rinneadh in Éirinn riamh.

Bhí na staraithe ag lochtú na ngnéithe seo leanas:

  • Sa suíomh a thaispeánann cruinniú rúnda na Dála, tagraítear don Choileán mar Aire Faisnéise. Le fírinne, bhí sé ina Aire Airgeadais, agus san am céanna, bhí sé i gceann na gcúrsaí faisnéise in Óglaigh na hÉireann. Ní raibh an dá ról seo ag baint le chéile ar aon nós.
  • Níorbh é an Coileánach a bhí i gceannas ar an toscaireacht a chuaigh go Londain le haghaidh comhchainteanna faoin gConradh Angla-Éireannach. B'é Art Ó Gríofa an ceannasaí, agus an Coileánach ar an dara fear.
  • Tugadh le fios go raibh lámh éigin ag Eamon de Valera i marú an Choileánaigh. An buachaill óg a mharaigh an Coileánach ar an scannán, bhí sé i dteagmháil phearsanta le de Valera go gairid roimh an luíochán. Cé go raibh de Valera i gContae Chorcaí, níl fianaise ar bith ann go raibh freagracht chomh díreach sin air as an marú. Is iomaí duine a lochtaigh an ghné seo nó gnéithe eile den dóigh ar chuir an scannán síos ar Eamon de Valera.
  • Neil Jordan, 2010
    Ar an scannán, maraíodh foireann de bhleachtairí Aontachtacha ó Bhéal Feirste le carrbhuama taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Ní raibh anseo ach tagairt shoiléir do na Trioblóidí i gCúige Uladh, nó ní raibh carrbhuamaí á n-úsáid i gCogadh na Saoirse. Thairis sin, níor mharaigh na hÓglaigh péas ar bith istigh sa Chaisleán.
  • Ar an scannán, ghéill na reibiliúnaigh iad féin do na Sasanaigh os comhair Ard-Oifig an Phoist. Ní mar sin a tharla, áfach.
  • D'aithris an scannán na seanmhiotais gurbh iad an "mhóid dílseachta don Rí" (nach bhfuil a leithéid sa Chonradh ar aon nós) agus an Chríochdheighilt ba phríomhchúis leis an scoilt idir na hÓglaigh. Is é stádas an Tiarnais, in ionad neamhspleáchas iomlán na Poblachta, a bhí ar an gcloch ba mhó ar phaidrín lucht na comhaimsire.

Is é an chosaint a bhí ag Neil Jordan ná nach bhféadfaí athinsint chruinn na staire a fháscadh isteach i scannán chomh gairid, ó chaithfeadh sé a bheith intuigthe ag lucht féachana an uile dhomhain, iad siúd san áireamh a bhí ar bheagán eolais ar stair na hÉireann. Níor mhaolaigh an chosaint seo ar mhíshástacht na gcriticeoirí i leith an oiread ficsin a meascadh tríd an stair, go háirithe an dóigh ar bhaist sé ainm fíordhuine - Éamonn Broy - ar charachtar a bhí bunaithe ar níos mó ná aon duine amháin; an cur síos a tugadh ar de Valera agus ar bhás an Choileánaigh; agus an carrbhuama.

Thug an scannán le fios gur bunaíodh an Saorstát i dtús na bliana 1922, agus is iomaí suíomh gréasáin a ghlac leis an ráiteas seo mar fhírinne, siúd is nár tháinig an stát ar an bhfód go foirmeálta roimh Mhí na Nollag sa bhliain chéanna.

An carachtar ar ar tugadh "Éamonn Broy" ar an scannán, bhí tréithe a lán póilíní éagsúla le haithint air. Bhí Broy ina bhall den "Roinn G", brainse faisnéise Phóilíní Ceannchathartha Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan Police) nach raibh lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ach i Sráid Marlborough. B'é Dáithí Ó Niallagáin príomhghníomhaire an Choileánaigh sa Chaisleán.

Nuair a foilsíodh an scannán ar an DVD, cuireadh clár faisnéise leis a dhéanann trácht cuimsitheach ar an bhficsean atá fite tríd an bhfírinne sa scannán.

Bhí sé ceaptha ar dtús go gcoiscfeadh cinsire na scannán ar pháistí ab óige ná cúig bliana déag féachaint air, ach ó bhí an oiread sin tábhachta leis ó thaobh na staire de, is é an t-aicmiú a fuair sé ná PG - is é sin, tá sé ceadaithe do na páistí óga féin an scannán a fheiceáil ach na tuismitheoirí a bheith i láthair á mhíniú dóibh. D'eisigh an cinsire preasráiteas inar thagair sé don scannán mar shaothar as an ngnáth, agus é barúlach "go bhfágaim faoi na tuismitheoirí féin, cé acu ba chóir dá gclann é a fheiceáil", ó fuair sé ábhar an scannáin chomh tábhachtach sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Collins, Michael | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
  2. 2.0 2.1 "Ó COILEÁIN, Mícheál (1890–1922)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
  3. "Michael Collins's famous 'high nelly' bicycle found" (en). Independent.ie (2013-09-12). Dáta rochtana: 2023-08-22.
  4. Peter Hart (Samhain 1992). "[https://www.jstor.org/stable/30008316 Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson, Irish Historical Studies Iml. 28, Uimhir. 110, lch. 150-170]". Dáta rochtana: 2023.
  5. Bhí scéal eile ag Seosamh Dolan, a bhí ina bhall de scuad feallmharfóireachta an Choileánaigh i gCogadh na Saoirse agus a chuaigh ina Chaptaen in Arm an tSaorstáit ina dhiaidh sin, a nocht an méid sin sna caogaidí. D'inis sé freisin go bhfuair sé féin orduithe ón gCoileánach an bheirt fhear a mharaigh Wilson a tharrtháil sula gcuirfí chun báis iad.
  6. "Conair Mhichíl Uí Choileáin" (ga). Comhairle Contae Chorcaí. Dáta rochtana: 2022-08-21.
  7. Ó BRAOIN, Pádraig: Mícheál Ó Coileain, Éigse na Mainistreach, 1985